OÍCHE CHULTÚIR AR RTÉ
Beo as Dún na nGall, Cill Mhantáin, Liatroim, Luimneach agus Baile Átha Cliath
Bí in éineacht le RTÉ chun ceiliúradh a dhéanamh ar 18ú breithlá na hOíche Cultúir Dé hAoine an 22 Meán Fómhair, tráth a mbeidh craoltaí beo againn ó ionaid éagsúla sna réigiúin.
Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Ye Vagabonds, Muireann Nic Amhlaoibh, Soulé, Chasing Abbey, The Murder Captial, Aby Coulibaly, Olesya Zdorovetska,
Mairéad Ní Mhaonaigh & Nia Ní Bheirn
BUAICPHOINTÍ (féach na sonraí ina n-iomláine thíos)
- FÉACH ORTHU SEO AR RTÉ Onea hAon: Oíche Chultúir, Beo i nDún Lúiche, le Ceolfhoireann Coirme RTÉ & aíonna
- ÉIST LEO SEO AR RTÉ RADIO 1: RTÉ Arena: Clár Speisialta don Oíche Chultúir ar RTÉ Raidió 1
- ÉIST LEO SEO AR RTÉ 2FM: RTÉ 2fm RISING ar Oíche Chultúir le craoltaí beo ó Soulé, Chasing Abbey, Still Blue agus Aonair. Arna óstáil ag Beta da Silva
- ÉIST LEO SEO AR RTÉ lyric fm: Classic Drive with Lorcan Murray, á chraoladh beo, agus Live le Paul Herriott
- ÉIST LEO SEO AR RTÉ Raidió na Gaeltachta: Cuireadh chun Ceoil á chraoladh beo
- FÉACH ORTHU SEO AR SHEINNTEOIR RTÉ: Bailiúchán d’ábhar curtha le chéile go speisialta don Oíche Chultúir
Tá RTÉ i gcomhar arís leis an Oíche Chultúir agus leis an gComhairle Ealaíon, agus é ag craoladh beo ar an raidió, an teilifís agus ar líne ó ionaid éagsúla sna réigiúin idir 7pm agus 11pm Dé hAoine 22 Meán Fómhair. Chomh maith leis na craoltaí beo, déanfaidh RTÉ an rochtain níos éasca trí bheoshruthú a dhéanamh ar gach clár ar www.rte.ie.
Beidh RTÉ a hAon ag óstáil craoladh beo den scoth as Dún Lúiche, Dún na nGall, ina mbeidh léirithe a coimisiúnaíodh go speisialta chomh maith le cúpla rud nach mbeifí ag súil leo le linn an ama. Tiocfaidh An Arena: Culture Night Special ar RTÉ Raidió 1 chugainn beo as Baile Hamaltúin, Liatroim, agus beidh Amharclann Mermaid i mBré i gCill Mhantáin ag cur Rising ar an stáitse ar RTÉ 2fm mar chuid den Oíche Chultúir, áit a gcloisfear léirithe beo ón liosta atá acu de mhíreanna dochreidte as Éirinn.
Ag labhairt dó faoi chomhpháirtíocht RTÉ leis an Oíche Chultúir, dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Chomh maith le tacaíocht a thabhairt don Oíche Chultúir tríd an scéim thábhachtach de chuid RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona, céim shuntasach chun cinn atá i sceideal ábhair na bliana seo ó thaobh a bhfuil á thairiscint againn don lucht féachana. Agus cláracha á gcur ar fáil ar RTÉ One, Radio 1, 2fm, lyric fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, chomh maith le RTÉ Player agus RTÉ.ie, beidh RTÉ beo i nDún na nGall, Cill Mhantáin, Liatroim, Luimneach agus Baile Átha Cliath le meascán de thaibhithe beo, agallaimh agus gnéchláracha, sna seánraí éagsúla, i mBéarla agus i nGaeilge. Rogha uaillmhianach atá ann d’ábhar ealaíon agus cultúrtha, agus tugann sé léargas ar an tóir atá i gcónaí ar Oíche Chultúir, agus ar an tacaíocht a thugann an Chomhairle Ealaíon, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúir ar fud oileán na hÉireann.”
Oíche Chultúir ar RTÉ
RTÉ One: Oíche Chultúir, Beo i nDún Lúiche
I gcroílár cheiliúradh RTÉ ar Oíche Chultúir 2023 tá clár teilifíse beo de cheol agus d’ealaíon a chraolfar ar RTÉ One ag 7pm. Tabharfaidh RTÉ Ceolfhoireann RTÉ agus na haíonna go Dún Lúiche, atá ag bun na hEaragaile agus ar bhruach Loch Dhún Lúiche i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.
Agus é á chur i láthair ag an gceoltóir agus an t-óstach ar an gclár de chuid Raidió One Folk On One, Muireann Nic Amhlaoibh, beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ ar an ardán, in éineacht le haoi-cheoltóirí lena n-áirítear The Murder Captial, Aby Coulibaly agus Olesya Zdorovetska.
Beidh an grúpa atá chun cinn san athbheochan atá ag tarlú in Éirinn faoi láthair ar an gceol tíre, Ye Vagabonds, ag seinm san amharclann ar Árainn Mhór agus Mairéad Ní Mhaonaigh + Nia Ní Bheirn ina n-aíonna. Tabharfar spléachadh sa seó freisin ar na himeachtaí a bheidh ar bun mar chuid den Oíche Chultúir ar fud na tíre.
Oíche Chultúir – Beo i nDún Lúiche i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
RTÉ Arena: Clár Speisialta don Oíche Chultúir ar RTÉ Raidió 1
Ó 7pm go 8pm ar RTÉ Radio 1, cuirfidh Seán Rocks Arena i láthair BEO ó Ionad The Glens i mBaile Hamaltúin, Co. Liatroma. Beidh an seó ar siúl os comhair lucht féachana beo, agus ealaíontóirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí áitiúla páirteach ann.
Páirteach ann beidh an file Brian Leyden agus an scríbhneoir scáileáin agus scannánóir Eamon Little, a scríobh an script scáileáin le haghaidh That They May Face The Rising Sun – an cóiriú ar úrscéal John McGahern, a bheidh ar fáil go gairid. Pléifidh Brian agus Éamon saol agus oidhreacht McGahern, chomh maith leis an gceangal a bhí aige le Liatroim.
Beidh an píobaire uilleann áitiúil John Tuohy ag glacadh páirt sa seó freisin chun roinnt foinn a chasadh agus traidisiún na píobaireachta i Liatroim a phlé. Chomh maith leis sin, beidh Will Govan agus Rebecca O’Connor ón iris The Moth ag caint le Seán faoi chúrsaí amharclannaíochta agus foilsitheoireachta.
RTÉ 2fm RISING ar Oíche Chultúir
Ó 7pm go 11pm, beidh RTÉ 2fm ag craoladh beo ó The Mermaid i mBré, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chill Mhantáin. Le léirithe beo ina mbeidh ceithre mhír ó chlár 2FM Rising, Soulé, Chasing Abbey, Still Blue agus Aonair, cuirfidh an t-imeacht sa Mermaid tús le rannpháirtíocht RTÉ sa ghné nua ‘Oíche Chultúir Dhéanach’. Casfaidh Graham Smyth ó 2FM dreas DJ agus é ag meascadh scoth an cheoil Ghaelaigh ar thacaigh an stáisiún leis thar na blianta, idir réalta domhanda agus an clár reatha de chuid 2FM Rising le haghaidh 2023! Tá an ócáid saor in aisce, ach caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré. Tá teacht ar eolas ag rte.ie/2fmrising
Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an ngig beo, craolfar an cheolchoirm beo ar 2fm, agus é á óstáil ag Beta da Silva ó 7-11pm.
RTÉ lyric fm: Lorcan Murray’s Classic Drive
Ó 4pm go 7pm, beidh Lorcan Murray ag craoladh beo ó Mhúsaem Hunt, Luimneach, áit a bhfiosróidh sé, agus é ag breathnú amach ar Abhainn na Sionainne, na hiontais ar fad a bhaineann leis an mbailiúchán uathúil déantán as Éirinn agus ó thar lear atá coinnithe anseo. Ar Classic Drive ar Oíche Chultúir cloisfear ceoltóirí agus ealaíontóirí éagsúla atá bainteach leis an saol saibhir cultúir atá i Luimneach.
I measc na n-aíonna beidh Deirdre O’Mahony – amharc-ealaíontóir atá ag cleachtadh a ceirde agus a bhfuil a cleachtas bunaithe ar an spéis mhór atá aici in inbhuanaitheacht na tuaithe, sa bhfeirmeoireacht, slándáil bhia agus caidrimh idir ceantair thuaithe agus na cathracha. Labhróidh Lorcan le Deirdre agus le roinnt páistí ó Bhunscoil Thuamhan, a raibh baint acu leis an 40ú Comhpháirtíocht Idirnáisiúnta Aoichláir EVA i mbliana, áit ar chruthaigh Deirdre micrea-fhoraois bhuan ar an láthair leis na páistí scoile. Is éard atá i gceist leis seo ná comhoibriú amharcealaíne le healaíontóirí atá lonnaithe i mBeirlín, Slaves and Tatars. In éineacht le Lorcan freisin beidh Óscar Mascarenas, léachtóir le ceol in Ollscoil Luimnigh agus mac léinn PHD maidir le deasghnátha agus cantaireacht. Is as Meicsiceo ó dhúchas é Óscar ach tá sé ag cur faoi anois sa Bhoireann, i gCo. an Chláir. Pléifidh sé a shaol mar cheoltóir, mar ealaíontóir fuaime agus mar ghrianghrafadóir, i measc cleachtais eile, agus an chaoi go mbíonn tírdhreach uathúil Bhoirne le feiceáil ina chuid ealaíne de ghnáth.
RTÉ lyric fm: Live with Paul Herriott
Ó 7pm go dtí 10pm, beidh Paul Herriott ag comhrá leis an trombónaí, cumadóir agus stiúrthóir Snagcheoil de chuid na hÉireann, Robert Valentine Lamb, sula léireofar an chéad taibhiú domhanda dá shaothar Conversations for Trombone, Violin and Orchestra a bheidh á sheinnt ag Mia Cooper (veidhlín) agus Michael Marshall (trombón) le Ceolfhoireann Coirme RTÉ faoi stiúir Gavin Maloney.
RTÉ Raidió na Gaeltachta: Cuireadh chun Ceoil
Beidh eagrán speisialta de Bhladhaire le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta don Oíche Chultúir, beo ó Ionad Cois Locha i nDún Lúiche. Beidh Áine Ní Bhreisleáin agus a cuid aíonna ag caitheamh súil chun cinn ar imeacht mór na hoíche sin le Ceolfhoireann RTÉ, agus beidh sí i mbun agallamh le healaíontóirí éagsúla faoina gcuid oibre agus faoin tábhacht a bhaineann leis an Oíche Chultúir.
Ansin ag 7 pm beidh eagrán faoi leith de Chuireadh chun Ceoil ag Peadar Ó Riada dúinn. Beidh sé ag tabhairt camchuairt na cruinne ar an gclár, agus é ag díriú ar chultúir agus ar threibheanna an domhain, agus mar a chuireann siad iad féin, agus a gcultúr, in iúl tríd an gceol, ón Ind go dtí an Astráil agus níos faide ó bhaile ná sin fiú.
RTÉ Player
Cuirfidh an RTÉ Player bailiúchán le chéile a bhaineann go sonrach le hOíche Chultúir, lena n-áirítear:
- Untameable – Turas scannánaíochta atá anseo isteach i ndánta Séamus Heaney faoi na portaigh agus tírdhreach fiáin phortaigh na hÉireann. Is é Colm Tóibín a scríobh é, tá Ciarán Hinds i mbun na tráchtaireachta agus Michelle Fairley páirteach ann.
- The Peculiar Sensation of Being Pat Ingoldsby – Téann an ceamara fiosrach atá ag Séamus Murphy ag fánaíocht isteach sa saol ar leith ina maireann an scríbhneoir cultais de chuid na hÉireann, Pat Ingoldsby agus an ceangal atá leis an mBaile Átha Cliath is ansa leis.
- Sinéad O’Connor Beo i Vicar Street
- Steps of Freedom: Scéal an Damhsa Ghaelaigh
- Agus go leor eile.