Permanent TSB ina urraitheoir nua craolacháin ar The Late Late Show
Don té lena mbaineann…
D’fhógair Díolachán Meán RTÉ inniu go mbeidh Permanent TSB ina urraitheoir nua craolacháin ar The Late Late Show ar RTÉ do na séasúir 2023/24 agus 2024/25. Cuirfear tús leis an séasúr úrnua den The Late Late Show Dé hAoine an 15 Meán Fómhair ag 9.35pm ar RTÉ One.
Beidh aíonna speisialta i dteannta Patrick Kielty gach oíche Aoine os comhair lucht féachana beo sa stiúideo.
Áireofar sa chomhaontú urraíochta le Permanent TSB 730 stoing creidiúnaithe san iomlán in aghaidh an tséasúir a chraolfar ar fud RTÉ One agus RTÉ One +1, chomh maith le hathchraoladh sraithe, agus mar ábhar a bheidh ar an RTÉ Player ar feadh 30 lá chun breathnú siar air i d’am féin. Áireofar freisin lógó an urraitheora ar gach blaisín tiomnaithe ar an teilifís agus ar na cainéil meán sóisialta.
Nuair a fógraíodh an urraíocht nua, dúirt Stephen Jackson, Ceannasaí Custaiméirí & Margaíochta, Permanent TSB: “Tá ríméad orainn a bheith ina phríomhurraitheoir ar The Late Late Show, an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain agus institiúid náisiúnta, agus tús á chur acu le ré nua iontach i stair an chláir. Is ábhar mórtais é do Permanent TSB freastal a dhéanamh ar phobail na hÉireann le níos mó ná 200 bliain anuas agus níos mó ná 1.3 milliún custaiméir acu, tá muid ag tnúth le deis a bheith againn teagmháil a dhéanamh le custaiméirí ar fud na tíre ina dtithe gach seachtain. Le 25 brainse nua agus níos mó ná 185,000 custaiméir nua, idir chustaiméirí pearsanta agus ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, ag oscailt cuntas le Permanent TSB le 18 mí anuas, cuirfear tacaíocht ar fáil dúinn trínár n-urraíocht leis The Late Late Show le go mbeidh muid in ann ár ngnólacht agus ár lucht tacaíochta a fhorbairt chun cur ar ár gcumas ár n-uaillmhian a bhaint amach le bheith ar an mbanc pearsanta agus an banc gnóthas beag is fearr in Éirinn.”
Is éard a dúirt Dara Meaney, Ceannasaí Díolachán, RTÉ: “Tá ríméad ar Thráchtáil RTÉ an chomhpháirtíocht dhá bhliain le Permanent TSB a fhógairt don 61ú agus 62ú séasúr den chlár aitheanta ar leith seo leis an láithreoir nua Patrick Kielty. Tá muid ag súil go mór leis an gcuma nua a bheidh ar an Late Late Show agus leis an deis a bheidh ann don urraitheoir ceangal agus teagmháil a dhéanamh le lucht féachana na hÉireann ar scála ollmhór ar fud theilifís RTÉ agus ar an RTÉ Player.”
Is éard a dúirt Ruth Kennedy, Bainisteoir Urraíochta Teilifíse, RTÉ: “Tá ríméad orainn dea-scéala a roinnt go mbeidh Permanent TSB ina urraitheoir oifigiúil ar The Late Late Show don chéad dá shéasúr eile atá le teacht. Is é The Late Late Show an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain agus is cuid lárnach de sceideal teilifíse oíche Dé Aoine é, agus é leabaithe i gcreatlach líonta tí na hÉireann. Tá muid ar bís dul i mbun oibre le Permanent TSB ar an 61ú séasúr den chlár aitheanta seo leis an láithreoir nua Patrick Kielty i gceannas agus tá muid ag súil go n-éireoidh leis an gcomhpháirtíocht seo.”