Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 le fógairt anois i mí Feabhra
Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1, Dé Máirt an 27 Feabhra 2024, Vicar Street, Baile Átha Cliath
Beidh an 6ú Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl in Vicar Street i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 27 Feabhra 2024. Craolfar na Gradaim beo ar RTÉ Radio 1 agus ar an RTÉ Radio App agus craolfar clár buaicphointí ar Theilfís RTÉ. Ní bheidh na Gradaim ar siúl i mí na Samhna.
Maidir leis an gcinneadh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 a bhogadh amach go mí Feabhra, dúirt Ceann RTÉ Radio 1, Peter Woods: “Tá an ceol lárnach sa méid a dhéanann RTÉ Radio 1 agus tá ceol tíre agus ceol traidisiúnta ina chuid ríthábhachtach de sin. Is cúis bhróid dúinn é sin agus is cúis bhróid freisin iad na Gradaim Ceoil Tíre go háirithe, atá ina gcuid lárnach den fhéilire ceoil agus atá ar aitheantas iontach é do na daoine cumasacha atá tagtha chun cinn sa tír agus don chaoi a ndéantar ceiliúradh ar chultúr na hÉireann.”
Is éard a dúirt Grúpcheannasaí Ealaíon & Cultúir RTÉ, Ann-Marie Power: “Ar an gcéad oíche de na Gradaim Ceoil Tíre, bronnadh an gradam don Ghrúpa Ceoil Tíre is Fearr ar Lankum, an gradam don Amhránaí Ceoil Tíre is Fearr ar Radie Peat agus sa bhliain 2019, bronnadh an gradam don Albam Ceoil Tíre is Fearr ar The Hare’s Lament, albam de chuid Ye Vagabonds. Gach bliain bronntar gradam ar an gCeoltóir is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, ar cheoltóirí nua – ag an am – ar nós Emma Langford agus John Francis Flynn – agus is sa chatagóir sin a dhéanann siad agus daoine eile dul chun cinn go tapa trína gcuid oibre agus ealaíontachta. Is ábhar misnigh é a fheiceáil, le sé bliana anuas, chomh láidir, cruthaitheach agus ríthábhachtach atá saol an cheoil tíre in Éirinn faoi láthair agus lena chinntiú go ndéanfaidh RTÉ an ceiliúradh is fearr agus is féidir, bhog muid na gradaim amach go mí Feabhra, Cuirfidh an t-am nua sin, ag tús an earraigh, ar ár gcumas machnamh níos fearr a dhéanamh ar an mbliain féilire cheoil ar an iomlán. Tá muid ag súil go mór le haitheantas a thabhairt do na ceoltóirí agus ealaíontóirí iontacha ceoil tíre arís os comhair lucht féachana beo agus le lucht éisteachta RTÉ Radio 1 ar fud an domhain.”
NA SONRAÍ
AN TRÉIMHSE CHÁILITHE
Is é Déardaoin an 13 Meán Fómhair 2022 go dtí Dé Domhnaigh an 12 Samhain 2023 (tréimhse 14 mhí) an tréimhse cháilithe don 6ú Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1.
Tá fáilte roimh cheoltóirí, lipéid cheoil, tionscnóirí agus daoine den phobal iarratais a dhéanamh lena meas ar an ríomhphost chuig folkawards@rte.ie.
CATAGÓIRÍ VÓTÁLA NA MOLTÓIRÍ
Bronntar seacht ngradam gach bliain mar thoradh ar vótaí a chaitheann Moltóirí na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin:
An Traic Ceoil Tíre Bunaidh is Fearr
Amhrán nó traic uirlise nua a ndearnadh taifeadadh air le linn na tréimhse cáilithe ó bhí na gradaim dheireanacha ar bun.
Buaiteoir 2022: Now You See It – Susan O’Neill
An Traic Ceoil Tíre Thraidisiúnta is Fearr
Taifeadadh ar thraic traidisiúnta (amhrán nó ceol uirlise) ó thraidisiún cheol tíre na hÉireann a ndearnadh taifead air le linn na tréimhse cáilithe.
Buaiteoir 2022: Róisín Dubh – Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann
An tAmhránaí Ceoil Tíre is Fearr
Gradam d’amhránaí ceoil tíre as Éirinn mar aitheantas ar thaifeadadh nó taibhiú den scoth a rinneadh le linn na tréimhse cáilithe.
Buaiteoir 2022: Muireann Nic Amhlaoibh
An Ceoltóir Ceoil Tíre is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn
Gradam chun aitheantas a thabhairt do thaispeántas nua (ceoltóir aonair nó grúpa/ceol gutha nó uirlise) a raibh tionchar aige ar shaol an cheoil tíre in Éirinn laistigh den tréimhse cháilithe.
Buaiteoir 2022: Cathal Ó Curráin
An tIonstraimí Ceoil Tíre is Fearr
Gradam do cheoltóir aonair uirlise nó ball de bhanna a thugann aitheantas do chumas ceoil iontach i dtaifeadadh nó i dtaibhiú le linn na tréimhse cáilithe.
Buaiteoir 2022: Cormac Begley
An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr
An grúpa ceoil tíre as Éirinn a raibh an tionchar is mó acu le linn na tréimhse cáilithe.
Buaiteoir 2022: the olllam
An tAlbam Ceoil Tíre is Fearr
An t-albam ceoil tíre is fearr a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe. Níl atheisiúintí ná cnuasaigh san áireamh.
Buaiteoir 2022: Nine Waves – Ye Vagabonds
Catagóirí Vótála an Choiste
Bronntar dhá ghradam gach bliain mar thoradh ar mhachnamh a dhéanann Coiste Stiúrtha na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin ná:
Gradam Dhámhachtain na Laoch
Gradam a bhronntar ar dhuine nach maireann agus a rinne go leor ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann le linn a saoil.
Buaiteoir an ghradaim in 2022: Paddy Maloney
Gradam Saoil
Gradam a bhronntar ar cheoltóir atá fós beo agus a bhfuil go leor déanta acu ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann thar thréimhse roinnt blianta.
Buaiteoir an ghradaim in 2022: Mary Black
Chun sonraí iomlána bhuaiteoirí na bliana anuraidh a fháil, féach ar:
RTÉ Radio 1 Folk Awards – Buaiteoirí Fógartha – About RTÉ (rte.ie)