Ireland 100: An Old Song Re-Sung
Ceolchoirm bheo chun 100 bliain de Shaorstát na hÉireann a chomóradh á cur i láthair ag RTÉ agus ag South Wind Blows mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Cuirfidh RTÉ, i gcomhar le South Wind Blows agus le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, ócáid cheolchoirme beo i láthair ina mbeidh an pobal in ann freastal uirthi saor in aisce chun an chéad 100 bliain de Shaorstát Éireann a chomóradh Dé Sathairn an 7 Deireadh Fómhair 2023 ag an RDS.
Déantar comóradh in Ireland 100: An Old Song Re-Sung, trí thaibhiú, amhránaíocht, ceol, damhsa agus an focal labhartha, ar aon chéad bliain idir 1923 – 2023 trí léargas ar chultúr na hÉireann. Fite fuaite tríd an taispeántas, tá príomhthéamaí scéal 100 bliain na hÉireann maidir leis an méid atá bainte amach, na teipeanna, na dúshláin agus na hathruithe. Tá féiniúlacht agus eispéireas an duine agus an freagra ealaíne agus cultúir a tugadh ar na hócáidí sin i gcroílár an taispeántais.
Leis na saothair agus taispeántais ó roinnt de na healaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus craoltóirí is fíoráille in Éirinn – chomh maith le scannán cartlainne iontach agus teilgean socair – cruthófar atmaisféar tumthach tarraingteach smaointeach atá bunaithe ar chuimhní.
I measc na rannpháirtithe agus ealaíontóirí a bheidh páirteach, beidh: Damien Dempsey, Aiden Gillen, Tolü Makay, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir le Bláth na hÓige agus Liam Ó Maonlaí, Iarla Ó Lionáird, Loah, Donal Lunny, Martin Hayes, FeliSpeaks, Diarmaid Ferriter, Sally Mulready OBE, London Irish Pensioners Choir agus neart eile.
Tagann an teideal Ireland 100: An Old Song Re-Sung ó dhán le WB Yeats, ‘Down By The Salley Gardens’. Ba é Yeats an chéad bhuaiteoir gradaim Nobel Éireannach sa Stát nua neamhspleách in 1923, an bhliain ar a bhfuil oscailt an taispeántais bunaithe. Ba í an bhliain 1923 an bhliain chéanna a ndeachaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún nuabhunaithe, agus dá réir sin, tugadh aitheantas foirmiúil don tír agus rinneadh comóradh ar chead isteach na tíre sa phobal idirnáisiúnta. Déantar comóradh ag an tráth seo ar dheireadh tréimhse a bhí thar a bheith claochlaitheach i stair na hÉireann inar chonacthas athrú ollmhór sóisialta agus polaitíochta agus an Stát nua a bhí ag teacht chun cinn ag déanamh a bhealaigh trí thodhchaí éiginnte lán le deiseanna.
Níl aon chostas ar na ticéid, ach tá teorainn leo. Beifear ábalta iarratas a dhéanamh ar thicéid ar rte.ie/culture Dé Máirt an 19 Meán Fómhair ó 12pm.
Craolfar an cheolchoirm ar RTÉ One, ar an RTÉ Player agus ar RTÉ Radio 1 Dé Luain an 30 Deireadh Fómhair.
Tá tacaíocht faighte ag Ireland 100: An Old Song Re-Sung ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, 2012-2023.
Is éard a dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ná: “Ba phléisiúr dom é comhordú chéim deiridh Chlár trasrialtais Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 a threorú agus a mhaoirsiú. Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn féin ag tacú leis an léiriú beo iontach seo atá beartaithe don RDS. Tarraingítear aird san ócáid seo ar an ról tábhachtach a bhí ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúir le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán agus níl aon amhras orm ach gur ócáid chultúir as an ngnáth a bheidh inti a thabharfaidh léargas cuí ar an tréimhse stairiúil agus ar an oidhreacht. Tá ríméad orm go mbeidh daoine den phobal in ann taitneamh a bhaint as an ócáid seo agus mholfainn do dhaoine iarratas a dhéanamh ar thicéid chomh luath agus is féidir. Trí úsáid a bhaint as cead isteach na hÉireann chuig Conradh na Náisiún mar ábhar chun é a sheoladh, tá sé d’aidhm ag an léiriú ceol agus taibhiú a úsáid chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar an am atá caite, ciall a bhaint as an am i láthair agus ag an am céanna féachaint ar an am atá le teacht a chruthóidh muid do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le RTÉ agus leis na healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne ar fad as an ábhar a chuir siad ar fáil do Dheich mBliana na gCuimhneachán le 10 mbliana anuas idir chláir agus léiriúcháin ardaidhmeannacha d’ardchaighdeán.”
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Táimid mórtasach dul i bpáirt le South Wind Blows agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don ócáid speisialta seo chun 100 bliain de Shaorstát Éireann a chomóradh. Trínár rannpháirtíocht i nDeich mBliana na gCuimhneachán, bhí RTÉ bainteach le réimse de chláir agus ócáidí tábhachtacha. Bhí go leor de na scéalta a bhí againn le linn an aistir seo i bhfad níos speisialta mar gheall ar na hamhráin, damhsa, an focal labhartha, scannáin, cláir faisnéise agus drámaí, ar nithe iad ar fad atá thar a bheith lárnach i gcultúr na hÉireann. Táimid ag súil le saothar agus taibhithe roinnt d’ealaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus craoltóirí den scoth na hÉireann a chur ar fáil don lucht spéise agus ár gcion féin a dhéanamh chun an ócáid stairiúil seo a roinnt ar ár gcuid seirbhísí ar fad.”