Clúdach RTÉ ar Bhuiséad 2024
Déanfaidh RTÉ craoladh cuimsitheach ar Bhuiséad 2024 ar fud na meán digiteach, ar an raidió agus ar an teilifís Dé Máirt an 10 Deireadh Fómhair agus cuirfear anailís agus tuairisciú fairsing ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Ó thús na maidine, déanfaidh RTÉ News mionchraoladh ar Bhuiséad 2024 ar líne agus ar chainéil shóisialta RTÉ News. Craolfar aitheasc an Aire Airgeadais ar Bhuiséad 2024 agus an t-aitheasc ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe beo ó Dháil Éireann ar RTÉ Radio 1, ar RTÉ One, ar Chainéal RTÉ News agus ar Raidió na Gaeltachta. Beidh tuairisciú agus anailís ar fáil ar feadh an lae ar fud sheirbhísí RTÉ.
Cuirfear tús leis na haithisc faoin mBuiséad a chraoladh ar an teilifís ag 12.40pm ar RTÉ One agus ar Chainéal RTÉ News, áit a gcuirfidh David McCullagh agus Sharon Ní Bheoláin an craoladh beo ar Bhuiséad 2024 i láthair ó Dháil Éireann lena n-áirítear anailís ón stiúideo le painéal aíonna. Gheobhaidh Eileen Whelan tuairimí ó dhaoine faoi bhearta an Bhuiséid de réir mar a tharlaíonn siad beo ó lár chathair Bhaile Átha Cliath nuair a bheidh sí ag labhairt le grúpaí sainleasa agus abhcóideachta agus gheobhaidh Comhfhreagraí RTÉ don Oirthuaisceart, Laura Hogan, tuairimí daoine ón láthair i gContae Mhuineacháin.
Craolfar clúdach beo d’aithisc an Bhuiséid ar chlár speisialta níos faide de News at One with Bryan Dobson, ar RTÉ Radio 1 a thosóidh ag 12.45pm agus a bheidh ar siúl go dtí 3.30pm. Beidh aitheasc an Aire Airgeadais Michael McGrath, agus aitheasc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe ar an gclár. Beidh an láithreoir Bryan ag caint leis an bhFreasúra freisin chun a dtuairimí agus anailís láithreach a fháil amach. Ar Drivetime Budget Speicial, arna chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra, déanfar anailís ar na príomhábhair chainte ó fhógra an bhuiséid ó 4.30pm. Agus beidh tuilleadh díospóireachta ó ar fud an speictrim polaitíochta ar an gclár Late Debate le Colm Ó Mongáin beo ó Óstán Buswells ag 10pm.
Ar chlár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lá na Cáinaisnéise, arna chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra, craolfar clúdach ar Bhuiséad 2024 beo ó Theach Laighean ó 1.30pm ina mbeidh anailís ó na painéalaithe seo, an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, Ciarán Mac an Bhaird, Ceannasaí Fiontair agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Seán Ó Riain, an tOllamh le Socheolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad agus Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cuan Ó Seireadáin. Leanfar leis an gclúdach ar an gclár Tús Áite ó 5pm, arna chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil beo ó Theach Laighean, áit a ndéanfaidh painéalaithe anailís ar na himpleachtaí agus na drochthorthaí polaitíochta ar dóigh a thiocfaidh as na cinntí a fógraíodh sa Bhuiséad agus cloisfear tuairimí na n-ionadaithe poiblí.
Cuirfidh aip RTÉ News agus RTÉ.ie/news clúdach cuimsitheach ar fáil ar Bhuiséad 2024 ó thús an lae idir an nuacht atá díreach tagtha isteach agus anailís mhion. Coinneofar súil i mblag beo i rith an lae ar na forbairtí is déanaí nuair a bheidh an Rialtas ag nochtadh an phlean chun aghaidh a thabhairt ar rátaí úis níos airde, ar an ngéarchéim thithíochta agus ar an gcostas maireachtála. Cuideoidh iriseoirí RTÉ ar líne linn ciall a bhaint as an bplean airgeadais agus míneoidh siad a bheidh i gceist leis do gach duine. Beidh duine ar bith atá ag iarraidh príomh-chinnlínte an lae a fháil amach ábalta súil a choinneáil ar an achoimre de na príomhphointí ar ‘At a glance’ RTÉ agus cuirfear scéal an bhuiséid in iúl i 90 soicind i bhfíseán mínithe atá inroinnte. Is féidir le lucht leanúna RTÉ News ar na meáin shóisialta ceisteanna buiséid a chur isteach freisin le freagairt ag saineolaithe airgeadais i mblag beo Ceisteanna & Freagraí. Beidh sruthanna beo ar fáil de chlúdach teilifíse agus raidió RTÉ d’úsáideoirí ar fud an domhain tríd an aip RTÉ News, an RTÉ Player agus an RTÉ Radio Player.
Léireoidh Nuacht RTÉ/TG4 clár speisialta uair an chloig do TG4 ar lá an bhuiséid. Cuirfear tús leis an gclár, Buiséad 2024 ar TG4 ag 2pm ar a mbeidh painéal d’aíonna sa stiúideo agus ó chian i mbun mionscrúdaithe agus anailíse ar na bearta de réir mar a fhógrófar iad agus is í Beirní Ní Chuinn a chuirfidh an clár i láthair. Ar an gclár Nuacht RTÉ le TG4 ag 5.40pm ar RTÉ One, tabharfar achoimre agus tuairimí ar na bearta a fógraíodh agus cuirfidh Eimear Ní Chonaola tuairimí na ndaoine ó ar fud na tíre i láthair lucht féachana Nuacht TG4 ag 7pm. Ar deireadh, déanfar mionscrúdú níos déine ar impleachtaí Bhuiséad 2024 ar an gclár 7Lá arna chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra ag 8pm ar TG4.
Tabharfar achoimre ar fhógraí an bhuiséid agus cuirfear clúdach cuimsitheach ar Bhuiséad 2024 ar fáil ar Six-One News níos faide, arna chur i láthair ag David McCullagh agus Sharon Tobin. Tabharfaidh Sharon Ní Bheoláin an t-eolas is déanaí don lucht féachana maidir le tuairimíocht faoi na bearta airgeadais ar an gclár Nine O’Clock News. Ar an gclár Prime Time Budget Special, leanfaidh Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney leis an anailís ar fhógraí an lae. Ceisteoidh siad an tAire Airgeadais Michael McGrath agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty. Chomh maith leis sin roinnfidh an tIriseoir Tomhaltóirí Sinead Ryan agus an Speisialtóir Airgeadais Brendan Burgess a gcuid tuairimí faoi bhearta an Bhuiséid.
An mhaidin i ndiaidh an Bhuiséid, pléifear ar an gclár Morning Ireland na príomhábhair chainte ar RTÉ Radio 1 agus ar an gcainéal RTÉ News agus níos déanaí ag 10am, beidh an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe i dteannta Claire Byrne sa stiúideo don eagrán bliantúil glaoigh isteach speisialta don bhuiséad. Mar a bhíonn i gcónaí, tabharfar cuireadh don lucht éisteachta an chláir Today with Claire Byrne a gcuid ceisteanna faoi Bhuiséad 2024 a chur go díreach chuig na hAirí.