RTÉ Ráiteas Tosaigh: Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúirthóir RTÉ
RTÉ Ráiteas Tosaigh: Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúirthóir RTÉ
An Coiste um Chuntais Phoiblí (12 Deireadh Fómhair 2023)
A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí – gabhaim buíochas libh as an gcuireadh a bheith i láthair inniu. Tá roinnt seachtainí caite ó bhíomar le chéile cheana agus tá go leor tarlaithe idir an dá linn. Tá súil agam go raibh leas agaibh as an líon suntasach cáipéisí a chuireamar ar fáil.
Mar gheall ar imeachtaí le tamall anuas, tá cor nua maidir le caighdeáin rialachais in RTÉ. Is léir dúinn go bhfuil sé éasca iontaoibh a lagú agus go bhfuil sé práinneach an mhuinín a athchothú. Ó tháinig mise i mbun mo chúraim i lár mhí Iúil, tá mé féin agus an fhoireann nua ceannasaíochta, i gcomhar le baill foirne ar fud na heagraíochta, ag saothrú ar ár ndícheall chun brostú leis na bearta práinneacha athchóiriúcháin is gá chun misneach as RTÉ a chur ar bun in athuair.
Is cúis áthais dom roinnt de na bearta athchóiriúcháin atá ar bun cheana féin a chur in iúl daoibh.
Táthar ag obair go tréan chun creatphlean straitéise RTÉ a chur faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na míosa. Beidh an plean imlíneach sin ina bhonn faoi bhearta comhairliúcháin leis an bpobal, le hionadaithe poiblí agus leis an bhfoireann. Leagfar amach go soiléir ann an bealach chun feabhais do RTÉ: feabhas ar mhaithe leis an lucht éisteachta agus féachana agus feabhas ar mhaithe le hÉirinn.
Agus sinn ag saothrú maidir leis an straitéis imlíne sin a chur ar fáil, is fiú a lua go bhfuil an bhéim á coinneáil go géar againn ar leasú athchóiriúcháin a tharlaíonn gan mhoill agus a leanann go buan. Mar is eol daoibh, tá meitheal ceannasaíochta nua sealadach ceaptha agam. Tagann cinntí buntábhachtacha anois faoi bhráid na meithle ceannasaíochta sin ina hiomláine, cinntí maidir le conarthaí na bpríomhláithreoirí san áireamh.
Tá muid ag feidhmiú anois ar bhealach atá trédhearcach go hiomlán maidir leis an mBord. Táthar amach i ndeireadh na hoibre comhairliúcháin maidir leis an gClár Leasanna agus leis an gClár Gníomhartha Seachtracha, dhá chlár nua a mbeidh buntábhacht leo maidir le hionracas agus neamhchlaontacht a léiriú. Tá suirbhé amháin ar lucht na foirne curtha i gcrích agus táthar díreach tar éis an dara suirbhé a sheoladh trína dtugtar deis tuairimí agus moltaí a chur i láthair faoi bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar na caighdeáin rialachais go foriomlán.
Tá bainistíocht mhionchúramach á déanamh ar chúrsaí airgid agus muid ag féachaint le costais a ísliú nuair atá laghdú ar an teacht isteach ón gCeadúnas Teilifíse. Sábháladh na milliúin Euro le tionscnaimh éagsúla le tamall anuas, mar shampla stop iomlán a chur le hearcaíocht foirne agus le caiteachas roghnach, chomh maith le hinfheistíocht i dtionscadail dhigiteacha agus caipitil a chur ar athló. Agus tá RTÉ ag gnóthú go maith ó thaobh cúrsaí tráchtála. Cé go bhfuiltear slán go gearrthéarmach maidir le cúlchistí airgid, is léir go bhfuil gá go práinneach le leasú fadtéarmach ar an gcóras maoinithe mífhóirsteanach.
Tá RTÉ dúthrachtach maidir leis na bearta iomadúla athbhreithniúcháin atá ar siúl. Tá an obair tugtha chun críche faoin tráth seo ar an dá thuarascáil ó Grant Thornton maidir le mílua ar an luach saothair do Ryan Tubridy, faoi mar a cuireadh ar fáil don Choiste. Tá dhá bheart fiosrúcháin eile, maidir le Toy Show the Musical agus le Scéimeanna don Scor Deonach a bhí á riar ag RTÉ sna blianta 2019 agus 2021, ag teannadh lena ndeireadh agus tá súil na tuarascálacha ina leith sin a bheith ar fáil faoi dheireadh na míosa seo. Tá súil freisin go mbeidh fiosrú Mazars maidir le Cuntas Babhtála a úsáid taobh istigh de RTÉ (mar
aon le haon ní eile a bhaineann le hábhar) déanta faoi thús mhí na Samhna. Anuas ar an méid sin, tá tús curtha leis an obair ag an dá choiste Comhairle Saineolais eile arna gceapadh ag an Rialtas (maidir le cúrsaí Rialachais & Cultúir agus le hAcmhainní Daonna & Conraitheoirí) agus tá treoraithe agam do na rannóga ar fad comhoibriú go hiomlán agus go luathbheartach lena gcuid oibre sin.
Tabharfar faoi deara go bhfuil Richard Collins éirithe as an bpost mar Phríomhoifigeach Airgeadais. Mar gheall ar shrianta éagsúla faoin dlí, ní fhéadaim níos mó a rá faoin ábhar sin ach féadaim a dheimhniú daoibh go mbeifear ag oibriú chun ról an Phríomhoifigigh Airgeadais a fhógairt a luaithe is féidir. Beidh tús áite á thabhairt don cheapachán sin ar an meitheal bhuan cheannasaíochta agus do Stiúrthoir Tráchtála nua a cheapadh.
Táthar buíoch go bhfuil sé deimhnithe go mbeidh €16m á fháil ag RTÉ faoi Bhuiséad 2024. Leanann sin ó mholadh a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh gá le cistíocht eatramhach go dtí go dtarlódh athchóiriú ceart maidir le táille an cheadúnas teilifíse agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na comhaltaí éagsúla i dTithe an Oireachtais a sheas go poiblí leis an tábhacht atá le bonn ceart a choinneáil faoi na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Is den bhuntábhacht go gcuirtear bonn níos daingne faoi mhaoiniú na meán cumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn. Ní le RTÉ amháin a bhaineann sin, baineann sé freisin le hearnáil na léiritheoirí neamhspleácha a bhfuil ról an-tábhachtach ag RTÉ ina leith maidir lena gcothú agus a gcur i lár an aonaigh.
Is mian liom an lucht foirne ar fud RTÉ a mholadh as leanúint ag cur ábhair agus cláracha ar ardchaighdeán ar fáil do lucht féachana agus éisteachta an-fhairsing – ábhar Nuachta, iriseoireacht fiosrúcháin, spórt beo de leithéid Chorn Rugbaí an Domhain, buaicleibhéal úsáide as an RTÉ Player agus séasúr nua an Late Late Show a bhfuil an-rath air le Patrick Kielty.
Táimse diongbháilte de go dtabharfar claochlú i bhfeidhm in RTÉ ionas go mbíonn muinín iomlán ag an bpobal, ag an Rialtas agus ag páirtnéirí eile in RTÉ agus sa lucht bainistíochta. Tuigtear dúinn gur gá plean fónta rí-éifeachtach a chur i láthair maidir leis an athrú a theastaíonn ar an eagraíocht. Mar a deirim, féadaim a dhearbhú go bhfuil RTÉ ag tnúth le creat imlíneach maidir leis an athchóiriú straitéiseach a chur ar fáil thart ar dheireadh na míosa seo le fonn Ráiteas Straitéise níos mine, ó thaobh sonraí agus costais, a chur ar fáil faoi thús na bliana seo chugainn. Bíonn gá le hobair shuntasach maidir le samhaltú airgeadais agus le cuid mhór meastóireachta a dhéanamh chun athrú straitéiseach ar scála den sórt seo a thabhairt i gcrích; ar cheann de na gnéithe atá á bhfiosrú, tá níos mó den champas a dhíol – ábhar a dtuigim go bhfuil spéis léirithe ag roinnt agaibh ann. Táthar faoi láthair ag feitheamh le luacháil níos cothroime le dáta, ach is é a bheadh le tuiscint ó thús na meastóireachta nach dócha go dtarlódh sé go mbeadh an campas iomlán i nDomhnach Broc le díol agus nach bhféadfaí athchóiriú ar an suíomh le haghaidh úsáid eile a dhéanamh gan deacrachtaí ná costas trom.
Ní mór dúinn RTÉ a mbíonn muinín agus taitneamh as a athbhunú, RTÉ a mbíonn tábhacht leis agus gean air, RTÉ a tharraingíonn an tír ar fad le chéile nuair a bhíonn ócáidí tábhachtacha náisiúnta ar siúl. Ábhar seirbhíse poiblí, luach an airgid, agus iontaoibh, sin croí agus anam an RTÉ faoi chlaochlú a bhfuil mé féin agus an fhoireann tugtha go dúthrachtach díograiseach dá thabhairt i gcrích.