Fógraí Bréige
Anseo in RTÉ, molaimid dár lucht féachana a bheith cúramach go cuí maidir le láithreáin gréasáin, fógraí meán sóisialta, ailt nuachta agus ríomhphoist bhréige.
Táimid ar an eolas faoi ábhar míthreorach atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta a mhacasamhlaíonn brandáil RTÉ, ina bhfuil craoltóirí nuachta agus láithreoirí RTÉ, agus a mhaíonn gur ábhar oifigiúil de chuid RTÉ é. I gcásanna áirithe, is féidir teicneolaíocht ‘dhomhainbhréige’ a úsáid chun tuairiscí ó láithreoirí RTÉ nár tharla riamh a léiriú.
Fógróidh an t-ábhar seo go minic táirgí airgeadais, infheistíochtaí nó scéimeanna criptea-airgeadra agus tabharfaidh sé le fios gur féidir le tomhaltóirí na dtáirgí sin a bheith ag súil le méideanna móra airgid a fháil laistigh de thréimhse ghearr ama. Tabhair faoi deara nach bhfógródh RTÉ táirgí den chineál sin go brách ar an mbealach seo agus, cé go ndéanaimid gach iarracht cosc a chur ar ábhar den chineál seo a bheith ar líne, ní féidir linn deireadh a chur le mí-úsáid chalaoiseach ár mbrandála ná ár maoine intleachtúla.
Nílimid freagrach as ábhar tríú páirtí agus moltar go láidir go seachnódh daoine aon idirghníomhaíocht leis na fógraí seo. Má d’fhulaing tú cibearchoireacht, is féidir leat tuilleadh treorach a fháil maidir leis an mbealach chun é seo a thuairisciú ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.
Má thagann tú ar fhógra bréige ar na meáin shóisialta a bhaineann mí-úsáid as ábhar RTÉ, is féidir é seo a thuairisciú go díreach don chomhlacht meán sóisialta ábhartha nó don tríú páirtí ar a leathanaigh ghréasáin thiomnaithe ‘tuairiscigh mí-úsáid’. Más mian leat a sheiceáil an bhfuil láithreán gréasáin tríú páirtí, ríomhphost nó físeán dlisteanach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le RTÉ ag info@rte.ie. Déan cinnte go gcuireann tú na sonraí go léir atá ar fáil faoin ábhar, go háirithe an seoladh gréasáin nó an url, chun go mbeimid ábalta an t-ábhar a aimsiú ar líne.
Tá RTÉ an-dáiríre faoi chalaois agus iarraimid ar ár lucht féachana a bheith chomh dáiríre céanna. Má thagann tú ar ábhar amhrasach, tuairiscigh láithreach é.