Is breá le RTÉ agus Fís Éireann a fhógairt go mbeidh trí dhráma nua faoi scéim Storyland á dtaispeáint ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player
Wrapped, The Cousin agus Falling for the Life of Alex Whelan na drámaí atá i gceist.
Ó cuireadh Storyland ar bun, níos mó ná deich mbliana ó shin, tá sé ina spreagadh agus ina chúnamh ag daoine cumasacha ar fud na hÉireann maidir le tús a chur lena ré gairme nó dul chun cinn i mbun scríbhneoireachta, stiúrthóireachta, léiritheoireachta agus aisteoireachta. Is gné amháin seo den straitéis atá ag RTÉ maidir le cur leis an bhforbairt ar ábhar drámaíochta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal na cruthaitheachta in Éirinn agus sár-réimsí den tír a chur ar taispeáint trí scannánaíocht a dhéanamh ar fud na tíre. Cuirtear bonn leis an straitéis seo freisin faoi fhostú na gcéadta daoine ar fud an tionscail ionas gur mó na sraitheanna drámaíochta as Éirinn a bhíonn ar feiceáil ar an teilifís agus, ní is tábhachtach, ar RTÉ Player mar a mbíonn sraitheanna scripteáilte ar an gcineál is mó a roghnaíonn an lucht féachana.
Dráma 25 nóiméad atá in Wrapped le Ella Lily Hyland (Fifteen Love) agus Lauryn Canny (Normal People, Dating Amber) sna príomhpháirteanna. Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul trí na próisis slándála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile.
In The Cousin, cuireann Dan (Adam Lennon-Collery), ealaíontóir óg isteach ar áit i gcoláiste iomráiteach ealaíne le tionscadal ar a dtugann sé The Saints of Fairfield, saothar ina n-úsáidtear mapáil teilgin agus seanábhar grianghrafadóireachta. Sa pháirc in aice lena áit chónaithe, bíonn portráidí á dteilgean ag Dan de dhaoine a mbíodh cónaí ortha sa chomharsanacht ach atá imithe leo anois mar gheall ar aois mhór, ar choireanna, ar thromchaitheamh drugaí, féinmharú nó imirce. Nuair a ghlactar lena iarratas, tá deis aige éalú ón saol a bhí á réamhcheapadh dó ach, beidh air, ar an gcéad dul síos, labhairt lena chol ceathrar agus aontú a fháil leis an bplean nua seo. Agus ní móide go mbeidh sin chomh furasta agus a cheapfaí.
Sa dráma Falling for the Life of Alex Whelan, buaileann bean óg de bhunadh na Síne le fear ag club scannán i mBaile Átha Cliath ar mhian léi a saol a chaitheamh leis. An lá dár gcionn, faigheann sí amach go bhfuil sé tar éis bháis, cé nach léir di iomlán an cháis. Cuireann sí roimpi an fhírinne a fháil amach, ag smaoineamh ar feadh an ama go bhfuil an saol iontach a bheadh i ndán á shéanadh uirthi feasta. Tá Falling For The Life Of Alex Whelan bunaithe ar ghearrscéal leis an údar gradamúil Yan Ge. Is iad Lila Coleman (Normal People), Chris Walley (The Young Offenders), David Rawle (Moone Boy) agus Patrick Martins, buaiteoir an ghradaim Screen Daily 2023 Rising Star, atá sna príomhpháirteanna.
Tugtar sonraí breise faoi na scéalta, na haisteoirí agus na criúnna sna Nótaí thíos.
Dúirt David Crean, Ceannasaí Gníomhach Drámaíochta, RTÉ: “Is ábhar ríméid dúinn trí cinn de dhrámaí aonair nua faoin scéim Storyland a sheoladh don lucht féachana ar RTÉ2 agus RTÉ Player. Is drámaí iad seo a rinneadh a fhorbairt i gcomhar le Fís Éireann mar chuid den dúthracht leanúnach feidhmiú mar thús spreagtha ag scríbhneoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí nua in earnáil dhrámaíocht teilifíse na hÉireann. Tá buntábhacht le Storyland mar dheis dul chun cinn ag daoine cumasacha ionas gur féidir leo a gcuid saothair a chur ar taispeáint in Éirinn agus ar fud an domhain agus is ábhar mórtais againne trí cinn de dhrámaí nua a chur i láthair a bhfuiltear cinnte go dtaitneoidh siad go mór leis an lucht féachana.”
Dúirt Andrew Byrne, Ceannasaí Teilifíse le Fís Éireann: “Is breá le Fís Éireann seasamh le Storyland na bliana seo i gcomhar le RTÉ: is scéim seo trína gcuirtear glórtha nua atá ag teacht chun cinn os comhair lucht féachana na hÉireann. Déantar comhghairdeas leis na meithle cruthaitheachta a bhaineann le gach ceann den trí dhráma seo a tháinig trí phróiseas dianchoimhlinte forbartha agus léiriúcháin. Tháinig de thoradh ar an mbeartaíocht seo go bhfuil rogha drámaí nua teilifíse againn don lucht féachana in Éirinn atá úr greannmhar. Is ábhar dóchais againn glún nua a theacht chun cinn maidir le héirim i mbun scéalaíochta agus cumas i mbun an chur i láthair.”
Tar éis drámaí éagsúla de chuid na hÉireann ag RTÉ le tamall anuas, mar shampla Kin, Hidden Assets, Smother, Obituary agus The Dry, a bhfuil scéalta na hÉireann lárnach iontu uilig, is cinnte go mbeidh luí ag an lucht féachana in Éirinn freisin leis na trí ghearrdhráma seo faoin scéim Storyland chomh maith le hardán d’éagsúlacht daoine sárchumasacha ar shárchaighdeán.
NOTAÍ
WRAPPED Pipedream Productions & Alfonso Films
Déardaoin, an 19 Deireadh Fómhair, 10:30 i.n. RTÉ2 agus RTÉ Player
PROMO: https://www.youtube.com/watch?v=e357HfSwu4Q
Wrapped (Storyland) | Dráma úrnua | RTÉ
Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul tríd an gcóras seiceála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile. Wrapped, faoi Storyland le RTÉ, amárach ag 10:35 i.n. ar RTÉ2 agus RTÉ Player.
Tuilleadh: http://www.rte.ie/player
Dráma 25 nóiméad atá in Wrapped le Ella Lily Hyland (Fifteen Love ar Amazon Prime) agus Lauryn Canny (Normal People, Dating Amber) sna príomhpháirteanna. Tá luach na mílte euro de chócaon ceangailte dá gcolainn nuair atá Lisa agus Ali ag iarraidh dul tríd an gcóras seiceála ag an aerfort gan iad a thabhairt faoi deara. Is é an chéad uair acu é ag smugláil drugaí; níl an dara rogha ag ceachtar acu ach muinín a chur ina chéile.
Ina dhráma stáitse a tugadh an scéal chun cinn ar dtús agus cuireadh ar an ardán é ag féile Fringe i mBaile Átha Cliath chomh maith lena thaifeadadh mar dhráma raidió ag RTÉ. Gnóthaíodh ainmniúcháin do Ghradam mórchlú Stewart Parker agus do Ghradaim an BBC do Dhrámaí Raidió. Cíortar gnéithe casta den chaidreamh comhspleáchais agus den dlúthchairdeas idir mná de réir mar a fheictear na roghanna agus na socruithe a dhéanann Ali agus Lisa.
Tracy Martin an scríbhneoir agus is í Mia Mullarkey a stiúraigh do Pipedream Productions agus do Alfonso Films. I measc na n-aisteoirí eile, tá Amy Conroy (Holding, The Dry), Ian Toner (Smother, Vikings Valhalla), agus Clinton Liberty (Holding, Normal People).
Beidh Wrapped á chraoladh Déardaoin, an 19 Deireadh Fómhair, ag 10:30 i.n. ar RTÉ2 agus RTÉ Player.
Is iad an dá dhráma eile de chuid Storyland a leanfaidh ina dhiaidh sin, The Cousin á chraoladh ar an 26 Deireadh Fómhair agus Falling for the Life of Alex Whelan ar an 2 Samhain.
THE COUSIN – Déardaoin, an 26 Deireadh Fómhair
Cuireann Dan, ealaíontóir óg (20), isteach ar áit i gcoláiste iomráiteach ealaíne le tionscadal ar a dtugann sé The Saints of Fairfield, ina n-úsáidtear mapáil theilgin agus seanábhar grianghrafadóireachta. Sa pháirc in aice lena áit cónaithe, bíonn portráidí á dteilgean ag Dan de dhaoine a mbíodh cónaí ortha sa chomharsanacht ach atá imithe leo anois mar gheall ar aois mhór, ar choireanna, ar thromchaitheamh drugaí, féinmharú nó imirce. Nuair a ghlactar lena iarratas, tá deis aige éalú ón saol a bhí á réamhcheapadh dó ach, beidh air, ar an gcéad dul síos, labhairt lena chol ceathrar agus aontú a fháil leis an bplean nua seo. Ní móide gur furasta sin.
Scríbhneoir & Stiúrthóir: Stevie Russell (https://www.stevierussell.com/)
LÉIRITHEOIR: Michael Donnelly (mdv.ie)
Dawn Mac Allister a stiúraigh roghnú na n-aisteoirí agus tá aisteoirí nua, Adam Lennon-Collery ina measc sa phríomhpháirt, le feiceáil in éineacht le haisteoirí aitheanta, mar shampla Fionn Ó Loingsigh (What Richard Did, Cardboard Gangsters) agus Sharon Mannion (Bridget & Eamon, Prosperity). JJ Rolfe (Kin, Witness No. 3) a rinne an Scannánaíocht agus is é Mark Kelly (Blackshore, Smother) an Dearthóir Léiriúcháin.
LIOSTA NA nAISTEOIRÍ
- Dan – Adam Lennon-Collery
- Fiachra – Fionn Ó Liongsigh
- Michelle – Ellie McHale-Roe
- Coco – Cora Jess
- Maura – Sharon Mannion
- Derm – Kilan Filan
- Kev – Corin James Culleton
- Pam – Ebimie Anthony
- Rooney – Youssef Quinn
FALLING FOR THE LIFE OF ALEX WHELAN – Pure Divilment Pictures
Seo scéal faoi bhean óg de bhunadh na Síne a bhuaileann le fear ag club scannán i mBaile Átha Cliath ar mhian léi a saol a chaitheamh leis ach, an lá dár gcionn, faigheann sí amach go bhfuil sé tar éis bháis, cé nach léir iomlán an cháis. Cuireann sí roimpi an fhírinne a fháil amach, ag smaoineamh ar feadh an ama go bhfuil an saol iontach a bhí i ndán di á shéanadh uirthi feasta.
Tá Falling For The Life Of Alex Whelan bunaithe ar ghearrscéal leis an údar gradamúil Yan Ge. Is iad Lila Coleman (Normal People), Chris Walley (The Young Offenders), David Rawle (Moone Boy) agus Patrick Martins, buaiteoir an ghradaim Screen Daily 2023 Rising Star, atá sna príomhpháirteanna.
Nell Hensey a scríobh agus a stiúraigh, Claire Mooney a léirigh.
Tá fuaimrian sármhaith leis an dráma le hamhráin de chuid CMAT, Denise Chaila, Jyellowl, Tebi Rex agus eile.
An stiúrthóir gradamúil, Nell Hensey, agus an léiritheoir, Claire Mooney, a chuir Pure Divilment Pictures ar bun, an chéad chomhlacht léiriúcháin in Éirinn ar mná Gen Z ar fad atá ina bhun a bhfuil de chuspóir acu an chéad ghlún eile de shárábhar scannánaíochta agus teilifíse de chuid na hÉireann a chur chun cinn.
LIOSTA NA nAISTEOIRÍ:
- Lila Coleman (Normal People, The Fortune Terrace)
- Chris Walley (Young Offenders, Bloodlands, 1917, The Last Voyage of the Demeter)
- Meadhbh Maxwell (Harry Wild, Clean Sweep, Finding Joy, Normal People)
- David Rawle (Waiting, Drop Dead Weird, Moone Boy, Song of the Sea)
- Patrick Martins (Buaiteoir Rising Stars Ireland 2023, Redemption, The Confessions Of Frannie Langton)
- Cillian Leneghan (The Woman In The Wall, The Spectacular, Bally Walter)
- Peter Corboy (Fair City, Everything Not Saved)