NA FIGIÚIRÍ IS DÉANAÍ EISITHE Ó CHOMHTHAIGHDE NÁISIÚNTA AR LUCHT ÉISTEACHTA (CNLÉ) MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RAIDIÓ RTÉ
Bíonn 1,995,000 éisteoir, nó 48% den lucht éisteachta fásta 15+, ag éisteacht le seirbhísí raidió RTÉ gach seachtain agus tá 16 de na 20 clár raidió is fearr a chraoltar in Éirinn ag RTÉ, de réir na bhfigiúirí is déanaí ar lucht éisteachta raidió ó CNLÉ. Is é RTÉ Radio 1 fós an t-aon stáisiún a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil breis agus +1 milliún (1,382,000) aige. (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse agus +16,000 Bliain ar Bhliain) Bíonn 727,000 duine fásta 15+ (+30,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le RTÉ 2FM gach seachtain. Tá 313,000 éisteoir (+15,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag RTÉ lyric fm ar bhonn seachtainiúil.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Níl aon dabht ann gur tréimhse thar a bheith dúshlánach a bhí inti do RTÉ. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl mar sin d’éisteoirí sheirbhísí raidió RTÉ as seasamh le RTÉ an t-am ar fad agus is mór an pléisiúr dom fáilte a chur roimh na 16,000 éisteoir breise atá ag Radio 1, na 49,000 éisteoir breise atá ag 2fm agus na 7,000 éisteoir breise atá ag RTÉ lyric fm (Bliain ar Bhliain). Chuir foireann agus láithreoirí RTÉ réimse éagsúil ábhair ar fáil agus tá sé soiléir go bhfuil an t-ábhar ag tarraingt níos mó agus níos mó daoine. Agus muid ag ullmhú chun treo straitéiseach nua a leagan amach do RTÉ, is moladh iad na figiúirí éisteachta is déanaí ar an éileamh leanúnach agus ar luach na meán seirbhíse poiblí, díreach ón lucht éisteachta ar a bhfreastalaímid.”
RTÉ Radio 1
Bíonn 880,000 duine ag éisteacht le RTÉ Radio 1 ar laethanta i rith na seachtaine.
- Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba é 463,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo (+23,000 Tréimhse ar Thréimhse)
- 347,000 duine a éisteann leis an Nine O’Clock Show gach lá i rith na seachtaine (+13,000 Tréimhse ar Thréimhse)
- Éisteann 331,000 duine (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) le Today with Claire Byrne ó Luan go hAoine
- 213,000 duine a éisteann leis an Louise Duffy Show (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse)
- Tá 303,000 éisteoir ag News at One.
- Éisteann 187,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) leis an Ray D’Arcy Show sa tráthnóna i rith na seachtaine ar RTÉ Radio 1
- 219,000 éisteoir a thiúnálann isteach chuig Drivetime.
- Bíonn 335,000 duine ag éisteacht le The Brendan O’Connor Show ar an Satharn agus bíonn 323,000 duine ag éisteacht leis ar an Domhnach.
- 206,000 éisteoir atá ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
- 191,000 duine (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Sunday Sport ar RTÉ Radio 1
- 272,000 éisteoir atá ag Sunday with Miriam.
Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Tréimhse mhaith í seo do Radio 1. Is moladh é ón lucht éisteachta agus is aitheantas é ar chuspóir aontachta an stáisiúin ar fud na nuachta agus cúrsaí reatha, an spóirt, an cheoil agus an aschuir cultúir i gcoitinne – rud nach bhfuil a shárú le fáil; aitheantas idirnáisiúnta do Blackrock Boys, séasúr drámaíochta Beckett atá ann faoi láthair, na Gradaim Ceoil Tíre. Tá an méid sin ar fad á chur chun cinn ag na láithreoirí agus thar aon ní eile ag na foirne léirithe. Is iad na foirne léirithe agus a ndúthracht i leith craoltóireacht seirbhíse poiblí atá taobh thiar de gach ní anseo. Táimid buíoch den mhuinín atá ag na héisteoirí ionainn.”
RTÉ 2FM
- 149,000 duine a bhíonn ag éisteacht leis an gclár, 2FM Breakfast with Doireann, Donncha, and Carl gach maidin i rith na seachtaine (+11,000 duine Tréimhse ar Thréimhse)
- 136,000 éisteoir (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Jennifer Zamparelli ar 2FM.
- 113,000 éisteoir (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Tracy Clifford
- Tá Drive It with The 2 Johnnies ag cur ábhar siamsaíochta ar fáil i gcónaí don lucht éisteacht ar fud na tíre gach tráthnóna agus is 151,000 éisteoir a bhíonn acu (+11,000 Tréimhse ar Thréimhse)
- 118,000 duine (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) a bhíonn ag éisteacht le Laura Fox at Weekends ó 9-12 ar an Satharn agus 114,000 duine (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann leis an gclár ar an Domhnach
- 123,000 éisteoir (+20,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Roz & Emma ar 2FM ó 12-3pm ar an Satharn agus 101,000 éisteoir (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá acu ar an Domhnach
Is éard a bhí le rá ag Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Leanann 2FM ag cur leis an lucht éisteachta atá acu le linn sheacht lá an sceidil. Tá méadú go dtí 12.4% tagtha ar an sciar de dhaoine idir 15 agus 34 bliain atá ag éisteacht an tréimhse seo mar gheall ar chláracha den scoth a chuireann Doireann, Donncha, agus Carl, Jennifer Zamparelli, Tracy Clifford agus The 2 Johnnies i láthair ar laethanta le linn na seachtaine. I ngach margadh raidió, bíonn cláracha raidió na maidine ina gcnámh spairne ríthábhachtach do stáisiúin raidió, agus táim an-sásta don fhoireann Bricfeasta go bhfuil ag éirí go maith leis an gclár i gcónaí, clár a bhfuil ardú 11,000 duine ar a chuid éisteoirí ó bhí an suirbhé deireanach ann. Tháinig ardú 11,000 éisteoir freisin ar an gclár, The 2 Johnnies, ar clár é a ndéanann daoine iarracht cheart éisteacht leis agus a chuireann deireadh láidir leis an sceideal lae ar 2FM.
D’éirigh go hiontach le sceideal nua an deiridh seachtaine freisin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh araon do Bhláthnaid Treacy, Laura Fox, Roz agus Emma agus Aifric O’Connell. Tháinig ardú 20,000 éisteoir ar chlár Roz Purcell agus Emma Power a bhíonn ar siúl Dé Sathairn (12pm go 3pm) – clár atá ar an aer ó mhí Feabhra. Bhí roinnt míonna dúshlánacha ag RTÉ ach mar is gnách bhí foireann 2FM dírithe go hiomlán ar fhreastal a dhéanamh ar an lucht éisteachta níos óige in Éirinn.”
RTÉ lyric fm
- 58,000 duine (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Marty in the Morning
- 46,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Classical Drivetime le Niall Carroll
- 47,000 duine a éisteann le The Full Score le Liz Nolan/Aedin in the Afternoon (Dé hAoine)
- 63,000 duine (méadú +8,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Classic Drive le Lorcan Murray
- 56,000 duine (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) a éisteann le Movies and Musicals le hAedín Gormley
- 27,000 éisteoir (+2,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Opera Night
- 33,000 éisteoir (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Daybreak
- 46,000 éisteoir (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Hamilton Scores
- 43,000 éisteoir (+2,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag Seán Rocks ar an Domhnach
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Thug an tréimhse seo ardú misnigh d’fhoireann RTÉ lyric fm; tá an líon daoine a éisteann ar maidin le Marty in the Morning fós ag ardú agus tá ardú 9,000 éisteoir tagtha freisin ar an gclár Classical Daytime le Niall Carroll (Bliain ar Bhliain). Cuireann an clár Classic Drive le Lorcan Murray fáilte roimh 8,000 éisteoir breise (Tréimhse ar Thréimhse) agus é ina dteannta ar feadh an tráthnóna. Tháinig feabhas mór ar an líon daoine a bhíonn ag éisteacht ag an deireadh seachtaine le 9,000 éisteoir breise (Bliain ar Bhliain) ag Daybreak, 7am – 10 am, agus 10,000 éisteoir breise (Bliain ar Bhliain) ag Opera Night. Tá draíocht chineamatach fós i gceist leis an gclár Movies and Musicals le hAedín Gormley agus ardú 7,000 éisteoir (Tréimhse ar Thréimhse) bainte amach aige. Leis na figiúirí is déanaí seo, is fíor anois níos mó ná riamh mantra RTÉ lyric fm gur ‘Ola don Chroí’ é.”