RTÉ AG DÍRIÚ AR AN AERÁID DO SHEACHTAIN NA hEOLAÍOCHTA 2023
RTÉ AG DÍRIÚ AR AN AERÁID DO SHEACHTAIN NA hEOLAÍOCHTA 2023
I gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann
www.rte.ie/scienceweek | #seachtainnaheolaíochta
Tá Seachtain na hEolaíochta ar ais arís, agus i mbliana, tá RTÉ ag díriú ar an Aeráid
Beidh gníomhú ar son na haeráide agus todhchaí an chine daonna chun tosaigh de réir mar a bheidh RTÉ ag ceiliúradh Sheachtain na hEolaíochta 2023 le raon leathan d’ábhar téamach ar fud theilifís agus raidió RTÉ agus ar líne, lena n-áirítear RTÉ News agus acmhainn thiomnaithe ar líne ar www.rte.ie/scienceweek, ón Domhnach, an 12 Samhain – an Domhnach, an 19 Samhain.
Tá go leor i ndán do dhaoine fiosracha ar RTÉ le linn Sheachtain na hEolaíochta, idir a bheith ag foghlaim tuilleadh faoin bpláinéad seo againne sa chlár 10 Things to Know About a bheidh ag teacht ar ais, agus ag fáil tuiscint ar an gcumhacht agus an tionchar, atá ag dul i méid, atá ag Intleacht Shaorga ar ár saol sa chlár faisnéise uair an chloig Game Changer: AI & You. Chomh maith leis sin, beidh Tomorrow Tonight ar siúl, ar dráma faisnéise réamhscriptithe é atá suite 27 bliain sa todhchaí, ina dtreoróidh Mark Little agus Carla O’Brien thú trí na scéalta nuachta te bruite ar oíche chorraitheach sa bhliain 2050, tráth a bhfuil an pláinéad ag pointe géarchéime de dheasca an athraithe aeráide. Anuas air sin ar fad, beidh tuilleadh sraitheanna, gearrthóg agus podchraoltaí ar fáil ó RTÉjr.
Faigheann RTÉ ar an Aeráid, do Sheachtain na hEolaíochta 2023, tacaíocht ó Fhondúireacht Eolaíocht Éireann.
A mBEIDH AR SIÚL: Seo an méid a bheidh ar siúl ar theilifís agus raidió RTÉ, ar RTÉ Player agus ar RTÉ.ie.
- BUAICPHOINTÍ: Teilifís, RTÉ PLAYER + 2FM
- BUAICPHOINTÍ: NUACHT AGUS CÚRSAÍ REATHA RTÉ
- BUAICPHOINTÍ: CLÁRACHA DO DHAOINE ÓGA
>>> BUAICPHOINTÍ: Teilifís, RTÉ PLAYER + 2FM
Tomorrow Tonight – Dé Céadaoin, an 15 Samhain (9.35pm, RTÉ One agus RTÉ Player)
An bhliain 2050 atá ann agus tá ceannairí an domhain tagtha le chéile sna Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac do chruinniú mullaigh aeráide cinniúnach. Tá lear mór bearta ceangailteacha nach raibh aon súil leo chun gníomhú níos fearr ar son na haeráide a thionscnamh ar fud an domhain faoi chaibidil, agus tá muintir an domhain ag fanacht ar thoradh na cainte…
Beidh Mark Little agus Carla O’Brien ag cur Tomorrow Tonight i láthair, ar dráma faisnéise réamhscriptithe é atá suite 27 bliain sa todhchaí, ina dtabharfar treoir don lucht féachana i leith na scéalta nuachta te bruite ar oíche chorraitheach, tráth a bhfuil an pláinéad ag pointe géarchéime de dheasca an athraithe aeráide!
As stiúideo i mBaile Átha Cliath, beidh painéal iontach saineolaithe agus mínitheoirí grafaice réaltachta breisithe ag baint brí as réimse saincheisteanna casta don lucht féachana. Ag an am céanna, beidh foireann tuairisceoirí fánaíochta ag nascadh isteach beo trí shaitilít chuig an stiúideo, ag cur anailís agus freagairtí ar an bpointe ar fáil as láithreacha éagsúla ar fud an domhain, de réir mar a chuireann siad le chéile an pictiúr cuimsitheach domhanda.
I gcaitheamh an chláir, cloisfimid faoi éifeachtaí tubaisteacha an téimh dhomhanda agus ardú leibhéal na farraige ar ghnáth-theaghlaigh sa bhaile agus thar lear, déanfar anailís ar ghéarchéim dhomhanda na ndídeanaithe aeráide atá le feiceáil go láidir anseo in Éirinn, agus casfar le Príomh-Ionchúisitheoir Chúirt Idirnáisiúnta na Coireachta Aeráide, agus í ag tabhairt ceannairí gnó agus polaiteoirí araon chun cuntais as gníomhartha séanta agus moille a rinne siad san am atá caite.
Tuairisceofar ar dhea-nuacht sa chlár seo freisin, lena n-áirítear geilleagar tuaithe na hÉireann, a raibh nuálaíocht ag baint leis agus ar tháinig borradh faoi in ainneoin an mheatha a tháinig ar ghníomhaíochtaí traidisiúnta na déiríochta agus na feirmeoireachta beostoic. Chomh maith leis sin, sa Bhrasaíl, feicimid foraois bháistí athbheoite na hAmasóine, ar fágadh freagracht ina leith faoi cheannairí pobail dúchais ag deireadh na 2030í.
Sula gcraolfar Tomorrow Tonight ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, reáchtálfar imeacht beo sa Project Arts Centre Dé Máirt, an 14 Samhain, a bheidh á chur i láthair ag Mark Little in éineacht le Colin Murphy, an Dr Cara Augustenborg, Diane O’Connor, Maeve Strone, Eoin Warner agus an Dr Abigail Ruth Freeman.
Déanfar an t-imeacht a thaifeadadh agus cuirfear ar fáil mar phodchraoladh é amach anseo. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais agus ticéid a fháil.
FÉACH AR Tomorrow Tonight ag 9.35pm Dé Céadaoin, an 15 Samhain, ar RTÉ One + ar an RTÉ Player
Game Changer: AI & You – Déardaoin, an 16 Samhain (10.15pm, RTÉ One agus RTÉ Player)
Game Changer: AI & You: Is clár faisnéise nua uair an chloig é seo, a chraolfar ar RTÉ One Déardaoin, an 16 Samhain, a rinneadh i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann do Sheachtain na hEolaíochta. Sa chlár faisnéise, beidh an t-iriseoir Anne-Marie Tomchak ag féachaint ar mar atá taithí an duine á hathrú ag an teicneolaíocht seo agus ar mar is gá dúinn dul in oiriúint d’fhonn a bheith in ann cumhacht agus tionchar na hIntleachta Saorga ar ár saol, cumhacht agus tionchar atá ag dul i méid, a láimhseáil.
Déanfar iniúchadh ar na forbairtí dearfacha i réimsí amhail cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus gníomhú ar son na haeráide, agus déanfar tagairt freisin do na pointí diúltacha – sciúirse na mífhaisnéise agus na ndomhainbhrionnuithe, an bhagairt atá ann do phoist, an bhuairt eiseach faoi intleacht shaorga ag éirí níos éirimiúla ná muid féin, agus an chaoi a bhfuil sé ag éirí níos deacra dúinn an méid atá fíor a aithint ón gcur i gcéill mar gheall ar acmhainní na hIntleachta Saorga.
Le linn an chláir:
- Rachaidh Anne-Marie go Cornwall chun casadh le Ameca, an róbat duiniúil is sofaisticiúla ar domhan.
- Tabharfaimid cuairt ar an áit mhór foghlama, Ollscoil Oxford, áit a ndéanfaidh Micheal Wooldrige, Ollamh le Ríomheolaíocht, plé ar an tionchar a bheidh ag an Intleacht Shaorga ar an gcine daonna.
- Déanfaidh David Brophy Ceolfhoireann Choirme RTÉ a stiúradh agus iad ag déanamh taispeántas speisialta de ‘Silicon’, píosa ceoil a cumadh le hIntleacht Shaorga.
- Buailfimid le Remie Michelle Clarke, aisteoir gutha a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, a fuair amach gur clónáladh a ghlór trí Intleacht Shaorga a úsáid, rud a chuir a slí bheatha i mbaol.
- Nochtfaidh Reality Defender, ceann de phríomhchuideachtaí braite domhainbhrionnuithe an domhain, na contúirtí a bhíonn roimh dhaoine aonair agus roimh shochaithe de thoradh mífhaisnéise agus meáin chúbláilte.
- Taispeánfaidh David Nason mar is féidir le huirlisí IS a bheith úsáideach chun an domhan a dhéanamh níos inrochtana dóibhsean a bhfuil lagú radhairc orthu.
- Labhróidh Abeba Birhane, an t-ollamh i gColáiste na Tríonóide a bhfuil áit bainte amach aici ar liosta IS Time100, faoin mbealach a bhfuil Intleacht Shaorga claonta ó nádúr mar gheall ar na sonraí atá ina n-ábhar oiliúna di, agus faoin méid is gá a dhéanamh d’fhonn tionchar na claontachta sin a mhaolú.
- Ina theannta sin, foghlaimeoimid faoin méid atá déanta ag an Intleacht Shaorga ar son taighde ceannródaíoch i réimse an chúraim sláinte agus an ghníomhaithe ar son na haeráide.
FÉACH AR Game Changer: AI & You ag 10.15pm, Déardaoin, an 16 Samhain ar RTÉ One + RTÉ Player
Heated (Clár 4) – 8.30pm, Déardaoin, an 16 Samhain (RTÉ One, RTÉ Player)
I sraith nua sé chuid RTÉ, Heated, déanfar iniúchadh ar impleachtaí an athraithe aeráide do shaol na ndaoine mar atá sa tír seo – inseofar scéalta dóchais, inspioráide agus iarrachta praiticiúla agus muid ar ár ndícheall chun gearradh siar ar astaíochtaí. Sna scéalta seo, táthar ag féachaint le teacht ar an bpointe trasghearrtha idir an t-athrú aeráide agus an gníomhú ar son na haeráide – do dhaoine aonair, do theaghlaigh, do phobail agus d’earnáil na tionsclaíochta.
Beidh trí scéal ag na láithreoirí Hannah Quinn Mulligan, Michelle McKeown agus Rónán Ó Dálaigh dúinn gach seachtain, a bhainfidh le gnéithe praiticiúla, faisnéiseacha nó inspioráideacha den ghníomhú ar son na haeráide.
I gclár a ceathair, cuirfear na ceisteanna a leanas:
- An bhféadfadh sé gurb iad micrea-aonaid chumhachta hidrileictreacha díreach an rud a theastaíonn ó go leor daoine ar fud na tíre a bhfuil réiteach fuinnimh ghlais féinleorga á lorg acu?
- An bhféadfadh breosla a bhfuil fuíollábhar ann astaíochtaí díobhálacha a laghdú faoi 90% – gan tionchar a imirt ar fheidhmiú feithicle ar bith. Is dócha go gceapann tú go bhfuil sé rómhaith le bheith fíor, ach an é an réiteach é?
- An bhféadfadh sé gur Caiféanna Deisiúcháin an réiteach ar fhadhb na sochaí indiúscartha a cruthaíodh de dheasca an tomhaltachais agus an ábharachais? Is ionann caifé deisiúcháin agus ionad cruinnithe pobail, áit ar féidir le daoine a gcuid earraí briste a thabhairt, amhail fearais tí, éadaí, rothair, nó earraí leictreonacha, chun go ndeiseodh oibrithe deonacha oilte iad saor in aisce, trína gcuirtear chun cinn an inbhuanaitheacht agus trína laghdaítear diomailt trí dhaoine a spreagadh lena gcuid giuirléidí a dheisiú agus a athúsáid seachas iad a chaitheamh uathu.
FÉACH AR Heated (Clár a 4) – 8.30pm, Déardaoin, an 16 Samhain (RTÉ One, RTÉ Player)
10 Things To Know About – Dé Luain, an 13 Samhain (8.30pm, RTÉ One, RTÉ Player)
Beidh “10 Things to Know About…” le feiceáil arís Dé Luain an 13 Samhain ag 8.30pm ar RTÉ One, nuair a bheidh na láithreoirí Kathriona Devereux, Fergus Mc Auliffe agus Jonathan McCrea ag taisteal ar fud na tíre chun casadh leis na taighdeoirí atá ag obair ar chuid de na dúshláin is suntasaí atá roimh an tsochaí – amhail tuilleadh crann a chur chun cuidiú linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach, agus bealaí feabhsaithe chun galair uisce-iompartha a rianú agus aghaidh a thabhairt orthu i dtobair phríobháideacha na tíre.
Clár 1 – Crainn
Tá stádas tábhachtach, miotasach fiú, ag crainn in Éirinn le fada an lá, agus deirtear gurbh iad na crainn an inspioráid do chéad aibítir scríofa na Gaeilge, ar tugadh Ogham uirthi. Sa chlár seo, casfaidh Kathriona Devereux le Stephen O’Neill (Ollamh Comhlach le Béarla, Ollscoil Mhá Nuad) i bhforaois i gCill Mhantáin chun a thionscadal ‘Literature and Ireland’s Trees’ a phlé, a bhfuil sé mar aidhm leis béim a leagan ar thábhacht na gcrann i scríbhneoireacht agus cultúr na hÉireann agus an ceangal atá againn leis an dúlra a athbheochan.
An féidir le rud chomh simplí le crann a chur a bheith ina chabhair i dtaca le rud chomh casta leis an athrú aeráide, i ndáiríre? Casfaidh Kathriona le David Styles (Ollamh Comhlach le hAgrai-Inbhuanaitheacht, Ollscoil na Gaillimhe), a léiríonn a chuid taighde ar cheapadh carbóin gur gá an méid céanna crann agus a bheadh comhionann le 16,500 Páirc an Chrócaigh a chur gach bliain d’fhonn na spriocanna aeráide atá againn a bhaint amach.
D’fhéadfadh crainn dhúchasacha na hÉireann ról suntasach ina leith sin a imirt, agus buailfidh Jonathan McCrea le Oliver Sheridan ó Teagasc chun tuilleadh a fháil amach faoin obair chun crainn beithe agus fearnóige ar chaighdeán níos fearr a tháirgeadh agus chun an acmhainn a bhaineann leo a uasmhéadú. Agus de dheasca chríonadh siar na bhfuinseog,
galar fungasach a meastar a scriosfar 90 faoin gcéad de chrainn fuinseoige an Stáit leis, ar tuairiscíodh le déanaí é gur ionfhabhtaíodh crainn ar thailte Theach Laighean leis, casfaidh Jonathan le Dheeraj Rathore chun taighde a phlé maidir le crainn a bhfuil tuilleadh teacht aniar iontu ó thaobh na haeráide agus i gcoinne galair a phórú.
FÉACH AR 10 Things To Know About – Dé Luain, 13 Samhain (8.30pm, RTÉ One, RTÉ Player)
The People There To Catch Us, clár faisnéise nua a bheidh ar siúl Dé Luain an 13 Samhain ag 8pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.
Tá athrú ag teacht ar chóireáil d’ailse, agus is athrú chun feabhais é. Tá taithí phearsanta ar an ailse ag Tom Hope as Contae na Mí agus ag Rachel O’Mahony a bhfuil cónaí uirthi i gContae an Chláir, agus roinnfidh siad sin linn trína gcuid scéalta, ón uair a diagnóisíodh iad go dtí an t-am i láthair, tráth a n-oibríonn siad le daoine eile atá ar a n-aistear féin leis an ailse i gclár faisnéise nua dar teideal The People There To Catch Us.
Tá a gcuid scéalta fite fuaite le hobair eolaithe a bhfuil spriocanna den sórt céanna acu, atá ag forbairt cóireálacha pearsantaithe d’othair agus atá ag obair chun saol daoine eile a bhfuil ailse orthu a fheabhsú. Trí na comhráite a bheidh acu, feicfimid mar atá na bearnaí idir an obair sna saotharlanna agus taithí phearsanta na n-othar le hailse á ndruidim. Cuirtear i láthair sa scannán an pobal atá ann le cúnamh a thabhairt. Tá eagraíochtaí ar nós Precision Oncology Ireland, Cúram, The Patient’s Voice, agus go leor eile ag obair i mbealaí éagsúla chun cabhair a thabhairt do dhaoine le linn tréimhse a d’fhéadfadh a bheith fíordhúshlánach.
Bíonn gach othar éagsúil óna chéile, agus bíonn gach cineál ailse éagsúil freisin – agus le cuir chuige nua, is féidir le daoine saol maith a bheith acu, nuair atá ailse orthu agus tar éis ailse a bheith orthu.
FÉACH AR The People There To Catch Us ag 8pm Dé Luain, an 13 Samhain ar RTÉ One + RTÉ Player.
>>> AR AN RTÉ PLAYER FREISIN
Beidh réimse cláracha agus sraitheanna á gcraoladh againn freisin a mbeidh Gníomhú ar son na hAeráide mar théama acu, amhail:
- Home Grown
- What Planet Are You On?
- Food Matters
- Will Ireland Survive 2050?
- Eco Eye
- Hot Air: Ireland’s Climate Crisis
- Back From The Brink
- Ear to The Ground
- Buaicphointí Bhabhta Ceannais Junk Kouture Chathair Bhaile Átha Cliath 2023
- My Best Sustainable Life
- Future Island Live
- Galapagos: Conservation in Practice
>>>AGUS AR RTÉ 2FM
Ar fud 2FM, beidh Beautiful Day á chur i láthair ag Fionnuala Moran, ina dtabharfar gnáthleideanna praiticiúla duit a chuideoidh leat athruithe beaga a dhéanamh ar féidir difríocht mhór teacht astu; amhail an rud a d’fhéadfá a dhéanamh le héadaí nach bhfuil úsáid á mbaint astu agus an chaoi a bhféadfadh carr-roinnt a bheith fiúntach ar go leor bealaí éagsúla.
Beidh tú in ann taitneamh a bhaint as an gcéad eagrán ag 7.30am Dé Luain, an 13 Samhain.
>>> BUAICPHOINTÍ: NUACHT AGUS CÚRSAÍ REATHA
Féile Eolaíochta agus Teicneolaíochta na Gaillimhe – Dé Domhnaigh, an 12 Samhain
Beidh Comhfhreagraí an Iarthair le RTÉ, Pat McGrath, ag tabhairt cuairt ar fhéile Teicneolaíochta agus Eolaíochta na Gaillimhe, a bheidh ar siúl ar feadh coicíse i mí na Samhna chun bheith ag teacht le Seachtain na hEolaíochta. Lá Taispeántais a bheidh ann ar an Domhnach ar champas Ollscoil na Gaillimhe. Meastar go bhfreastalóidh na mílte ar cheardlanna, léirithe agus taispeántais idirghníomhacha ar réimse topaicí, amhail eolaíocht leighis, réalteolaíocht 3T, fiadhúlra agus carranna uathrialaitheacha. Fógrófar Pearsa Eolaíochta na Gaillimhe don Bhliain 2023 freisin.
Gnó na hEolaíochta – Dé Máirt, an 14 Samhain
Beidh Comhfhreagraí an Iarthair le RTÉ, Pat McGrath, ag féachaint ar earnáil na bhfeistí leighis/na teicneolaíochta leighis i nGaillimh agus san Iarthar, agus ar an tionchar eacnamaíochta a bhí ag fás na hearnála seo, agus déanfaidh sé iniúchadh ar mar atá sé sin ag múnlú beartas rialtais agus vice versa.
Feirmeoireacht & Eolaíocht – Dé Céadaoin, an 15 Samhain
Beidh cás-staidéar ag an gComhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí le RTÉ, Joe Mag Raollaigh, i dtaobh mar a léiríodh go laghdaíonn forbhia nua d’eallaigh aschur meatáin ó anáil eallaí faoi 30%, agus go laghdaíonn sé aschur meatáin ó sciodar faoi 80%. Beidh sé seo ar siúl ag an am céanna le comhdháil na Roinne Talmhaíochta, “Eolaíocht na Talmhaíochta agus an Athraithe Aeráide i nGníomh”. Baineann an chomhdháil le dul chun cinn eolaíochta a chuideoidh chun an lorg carbóin atá ag feirmeacha na hÉireann a laghdú. Tá sé ráite ag Teagasc agus ag comhlachtaí feirmeoireachta eile roimhe seo go dteastóidh an teicneolaíocht atá ann faoi láthair AGUS teicneolaíochtaí nua chun an laghdú 25% ar astaíochtaí a bhaint amach.
TUILLEADH Ó NUACHT AGUS CÚRSAÍ REATHA RTÉ
Cógaslanna an Dúlra
Ón seanchas áitiúil chuig an tsaotharlann, tá eolaithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag féachaint le húsáidí teiripe agus tráchtála neamhshaothraithe phlandaí dúchasacha portaigh na hÉireann a chur chun tairbhe, agus iad ag úsáid taifid scríofa páistí scoile a d’fhás aníos in Éirinn sna 1930í mar thúsphointe. Is é is aidhm don tionscadal ceannródaíoch ná chun ‘scaoileadh le cógaslanna an dúlra’ agus, ar deireadh thiar, chun leigheasanna nár nochtadh go dtí seo a chur ar fáil ar an margadh.
Cur Ceist ar an Eolaí – freagraí ar do chuid ceisteanna maidir leis an athrú aeráide.
Ceisteanna eolaíochta a bailíodh ó dhaoine sa phobal ar ardáin shóisialta RTÉ News i rith Sheachtain na hEolaíochta – á bhfreagairt ag foireann eolaithe ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, sna seachtainí atá amach romhainn.
Sraith Mhíniúcháin i dtaobh Béarlagair Aeráide
Cuirfear tús leis an tSraith Mhíniúcháin i dtaobh Béarlagair Aeráide, a cruthaíodh d’ardáin meán sóisialta RTÉ agus do láithreán gréasáin RTÉ, le linn Sheachtain na hEolaíochta chun míniú a thabhairt ar théarmaí agus ar choincheapa a úsáidtear go coitianta nuair atá an t-athrú aeráide á phlé. Sa treoir chabhrach seo, míneofar téarmaí amhail “Athrú Aeráide Antrapaigineach”, míneofar an difríocht idir “Oiriúnú” agus “Maolú”, déanfar sainmhíniú ar “Neodracht”, agus eile.
>>> BUAICPHOINTÍ: CLÁRACHA DO DHAOINE ÓGA
Tá roinnt cláracha den scoth againn, inar féidir le leanaí spraoi a bheith acu fad atá siad ag foghlaim faoi chúrsaí eolaíochta.
Sa chlár Space Camp Challenge, i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, rachaimid chuig Lárionad Spáseitilte Marshall de chuid NASA i ‘gCathair na Roicéad’, Alabama, áit a mbeidh taithí ar fheabhas ar fad ag ochtar déagóirí agus iad ag fáil amach cibé a bhfuil an mianach ceart iontu le bheith mar chéad spásaire na hÉireann. Tosófar an misean ag 3.50pm Dé Luain, an 13 Samhain ar RTÉ2 & ar an RTÉ Player. Beidh fáil ar an mboscra iomlán ar an RTÉ Player ón Luan ar aghaidh freisin.
FÉACH ar an mblaisín anseo: (33) ÚRNUA: Space Camp Challenge 🚀 🪐 🚀 | Ag tosú an 13 Samhain |@RTEKids – YouTube
Beidh go leor turgnaimh den scoth ar Let’s Find Out agus beidh pleananna ceachta ar fáil do mhúinteoirí, fiú – cén fáth nach mbainfeá triail astu ar scoil?
LÉIGH faoi san iomlán: Let’s Find Out: Féach ar na cláracha agus faigh na pleananna ceachta anseo! (rte.ie)
Tar agus buail le hAdaimh Atom Town agus féach ar an draíocht agus iontas a bhaineann leis an gcruinne. Cas le pobal carachtar iontach bunaithe ar na Dúile sa Tábla Peiriadach.
LÉIGH tuilleadh anseo: RTÉjr TV: Is iad na dúile bun agus barr an scéil in Atom Town! (rte.ie)
Is ionann Claaaass Science agus sraith cúig Scannán YouTube ó chumarsáidithe eolaíochta den scoth, ina bhfreagróidh siad na ceisteanna atá agat faoin uile shórt, idir hormóin agus gruaig.
FÉACH ar na cúig cinn acu ar fad anseo: Foghlaim (rte.ie)
Ireland’s Future Is Mine
Samhlaigh dá mbeadh cead ag leanaí a mbaile féin a leagan amach arís nó leas a bhaint as a samhlaíocht chun an domhan a dhéanamh níos inbhuanaithe. Mar a tharlaíonn sé, is é sin go díreach a rinneamar ar Ireland’s Future Is Mine trí leas a bhaint as an gcumhacht a bhaineann le Microsoft Education Edition. Chuir na céadta scoil isteach ar an gcomórtas, agus ghlac dhá scoil páirt i mBabhta Ceannais ríomhspóirt. Is féidir leat an clár a shruthú, agus tá na ceachtanna fós ann don uile dhuine!
Faigh tuilleadh amach anseo: Ireland’s Future Is MINE (rte.ie)
Tá a fhios ag gach mac máthar go dtaitníonn sé leis na Body Brothers a bheith ag damhsa, a bheith ag bogadh, ach is maith leo a bheith ag foghlaim faoi rudaí nua freisin. D’fhoghlaim siad faoi na baill den cholainn, faoi ainmhithe, agus anois, tá sé in am súil a chaitheamh ar aireagáin.
Déan na 3 sraith ar fad a shruthú ar an RTÉ Player anseo: Body Brothers – RTÉ Player (rte.ie)
PODCHRAOLTAÍ RTÉjr
Beidh clár speisialta de Ecolution, an podchraoladh faoi ghníomhú ar son na haeráide do dhaoine óga, ar siúl ón gCéadaoin, agus bainfidh sé le heolaíocht saoránach.
CLÁRAIGH anseo: https://www.rte.ie/radio/podcasts/series/30942-ecolution/
Tá an Science of Sense Podcast ag teacht ar ais le sraith úrnua, The Science of Sense Does the Environment.
Beidh fáil ar na sé chlár ar fad Déardaoin anseo: https://www.rte.ie/radio/podcasts/series/36955-the-science-of-sense/
Chun tuilleadh a fháil, téigh chuig www.rte.ie/scienceweek agus coinnigh súil ar chainéil meán sóisialta RTÉ ar Facebook, X, Instagram agus TikTok.