Sraith Nua Ceithre Chlár de The Works Presents le Craoladh
Tá John Kelly ar ais le sraith nua ceithre chlár de The Works Presents Cuirfear ceathrar eile dár ndaoine cruthaitheacha is mó a bhfuil spreagadh iontu agus ar ábhar spreagtha iad féin le cartlann mhór na sraithe seo a bhfuil an-tóir uirthi a thosóidh Déardaoin an 23 Samhain.
Labhróidh an t-údar Joseph O’Connor, na healaíontóirí Patricia Hurl agus Mick O’Dea, agus an ceoltóir, cumadóir agus Stiúrthóir Ealaíne Crash Ensemble Kate Ellis le John Kelly faoin athrú ó bhonn a rinne saol na n-ealaíon ar a saol agus faoi mar a spreag sé iad tabhairt faoi na saothair atá á ndéanamh acu.
Le linn a gcuid cainte le John, tabharfaidh na pearsana cruthaitheacha mór le rá seo léargas ar na nithe a spreag an rathúlacht ina réimsí féin. Fiosróidh John na foinsí inspioráide a chothaíonn a gcuid próiseas cruthaitheach agus gheobhaidh sé amach faoi na tionchair a spreagann iad a gcuid saothar mór le rá a dhéanamh.
Sa chéad chlár, casfaidh John Kelly le Joseph O’Connor, údar, scríbhneoir scripte agus drámadóir a rugadh i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid saothair ficsin aistrithe go 40 teanga – úrscéalta lena n-áirítear Cowboys and Indians, Inishowen, Star of the Sea, agus a úrscéal is déanaí My Father’s House. Bronnadh an Gradam Irish PEN ar Joseph in 2012 as an méid ollmhór atá curtha aige le saol na litríochta, agus ceapadh ina Ollamh Frank McCourt don Scríbhneoireacht Chruthaitheach in Ollscoil Luimnigh é in 2014.
Labhróidh Joseph faoin iarracht níos mó a rinne sé a bheith ina scríbhneoir níos dírithe nuair a rugadh a chlann, agus faoin spreagadh a fhaigheann sé ó scoláirí de gach aois agus cúlra lena gcuid léargas nua. Bíonn sé ag machnamh ar a chuid scríbhneoireachta mar cheird agus uaireanta, airíonn sé nach bhfuil chomh maith is atá ag éirí leis tuillte aige.
Le linn na sraithe freisin, cuimhneoidh Patricia Hurl, atá ina cónaí i mBaile an Bhriotaigh i gCo. Uíbh Fhailí, siar ar cheangal gairmiúil agus pearsanta araon a dhéanamh le healaíontóirí mná níos sine eile. Tráchtfaidh Kate Ellis, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, faoin saol laistigh de Crash Ensemble. Déanfaidh Mick O’Dea, a rugadh i gCo. an Chláir ach atá ina chónaí anois i gContae Mhaigh Eo, cur síos ar an ábhar inspioráide a fuair sé ón stair dá chuid saothair.
Bí ag féachaint ar an tsraith nua de The Works Presents Déardaoin an 23 Samhain ag 11.15pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.