AN LÍON SRUTHANNA IS MÓ RIAMH DEÁNTA I mBLIANA AGUS GACH COSÚLACHT AIR GO mBAINFEAR 100 MILLIÚN SRUTH AMACH IN 2023
Sobaldrámaí, Cláracha Spóirt, Drámaíochta agus Siamsaíochta i measc na gcláracha ba mhó a sruthaíodh in 2023
Ba í an bhliain 2023 an bhliain ba mhó riamh ag an RTÉ Player leis an tseirbhís sruthaithe saor in aisce beo agus ar éileamh ar a bhealach anois le 100 milliún sruth*, 35 milliún uair an chloig de shruthú agus 1.8 milliún úsáideoir ar leith in aghaidh na míosa a bhaint amach faoi dheireadh na bliana.
Nochtar sna 10 Clár is Mó Lucht Féachana ar an RTÉ Player go dtaitníonn le lucht féachana in Éirinn réimse leathan d’ábhar a shruthú gach lá ar nós a gcuid sobaldrámaí lena n-áirítear EastEnders, Home & Away agus Fair City mar aon le drámaí a fuair ardmholadh ar nós KIN, Happy Valley agus Love/Hate agus spórt a chinntíonn nach gcaillfidh tú soicind amháin den imirt bheo ó Rugby World Cup go The All-Ireland Senior GAA Championship agus FIFA Women’s World Cup.
D’úsáid an lucht féachana an RTÉ Player chun craosfhéachaint a dhéanamh ar chláracha faisnéise a rinneadh in Éirinn lena n-áirítear Gaelic in the Joy, Dr Cassidy’s Casebook agus The Case I Can’t Forget a raibh an-tóir orthu i measc an lucht sruthaithe a bhí ag gáire freisin faoi shraitheanna grinn a raibh an-tóir orthu ar nós SisterS, Colin from Accounts, agus PEN15. Bhain an lucht féachana leas as an RTÉ Player le haghaidh siamsaíochta le linn na bliana agus chun féachaint ar The Late Late Show, The Tommy Tiernan Show agus First Dates Ireland agus ba é an gearrscannán a ainmníodh do ghradam Oscar, An Irish Goodbye, an scannán ba mhó a sruthaíodh sa bhliain ar an RTÉ Player.
Ba é an 26 Iúil an lá ba mhó tráchta ar an RTÉ Player i mbliana le níos mó ná 250,000 uair an chloig d’ábhar sruthaithe an lá sin, an lá céanna a raibh Katie McCabe ina captaen ar fhoireann Phoblacht na hÉireann sa chluiche cinniúnach in aghaidh Cheanada sa FIFA Women’s World Cup.
Cuireann an RTÉ Player rogha mhór ábhair ar fáil do leanaí. Bhí Peppa Pig agus Bluey i measc na gcláracha ba mhó a raibh tóir orthu in 2023, chomh maith leis an gclár Gaeilge Peppa Muc agus an clár a bhfuil gradaim buaite aige Dizzy Deliveries – an chéad chlár riamh chun comharthaí láimhe na hÉireann a mhúineadh do leanaí.
Leanadh le Bunábhar ar an RTÉ Player le formáidí ar líne agus daoine nua a chur i láthair agus bhain an tsraith ina ndéantar athchóiriú ar thithe, Relove My Space, arna chur i láthair ag Fionnuala Jones agus Paul Kinsella an chéad áit amach sa chatagóir seo agus tá an tsraith nua le Anna Clifford, Ireland’s Perfect Pubs a seoladh i mí Dheireadh Fómhair ag cruthú cheana féin go bhfuil an-tóir uirthi.
Déanadh níos mó ná 20 milliún sruth ar shobaldrámaí ar an RTÉ Player in 2023 lena n-áirítear Fair City, EastEnders, Home and Away agus Neighbours. Ba é an clár ba mhó de chuid Fair City a féachadh air ná an ceann a craoladh ar an 16 Aibreán nuair a fuair Halley amach go raibh níos mó i gceist le cruinnithe Rafferty i McCoys ná mar a bhí sé ag ligint air féin. Ba é an clár ba mhó de chuid EastEnders a féachadh air ná an ceann a craoladh ar an 5 Eanáir nuair a cuireadh deireadh drámatúil leis an achrann idir muintir Slater ag an gcóisir Oíche Chinn Bliana.
Is éard a dúirt Aoife Byrne, Ceannasaí RTÉ Player, le linn di a bheith ag labhairt faoin rath a bhí ar an RTÉ Player le 12 mhí: “Ba í an bhliain 2023 an bhliain ba mhó riamh don RTÉ Player – táimid ar an mbóthar ceart anois chun 100 milliún sruth a bhaint amach faoi dheireadh na bliana agus a dhá oiread sruthaithe á dhéanamh air anois ná mar a bhí cúpla bliain ó shin. In éineacht leis na himeachtaí móra beo amhail Women’s World Cup, The Sunday Game Live,
The Rugby World Cup agus The Late Late Toy Show, rinne an lucht féachana craosfhéachaint ar réimse de bhoscraí móra drámaíochta lena n-áirítear KIN, Happy Valley, Smother agus One Tree Hill chomh maith le sraitheanna teilifíse amhail The Room to Improve, Home of the Year agus na Sobaldrámaí a bhfuil tóir orthu i gcónaí.
Le bliain anuas tá níos mó roghanna ná riamh i ngach seánra curtha againn leis an RTÉ Player, leanamar d’infheistíocht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh eispéireas iontach sruthaithe, beo agus ar éileamh, ag an lucht féachana. Tá aip an RTÉ Player ar fáil freisin ar níos mó ardáin teilifíse ná riamh. Tá neart eile i ndán do 2024.”
Sruthaigh am ar bith ar rte.ie/player
Na 10 gclár is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 EastEnders
2 Home and Away
3 Fair City
4 KIN
5 The Saturday/Sunday Game
6 Rugby World Cup 2023
7 Happy Valley
8 Love/Hate
9 The Late Late Show
10 FIFA Women’s World Cup
Na 10 sraith drámaíochta is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 KIN
2 Happy Valley
3 Love/Hate
4 Unforgotten
5 Normal People
6 One Tree Hill
7 Frasier
8 Clean Sweep
9 Gossip Girl
10 Smother
Na 10 n-imeacht spóirt ar leith is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 FIFA Women’s World Cup Live: Republic of Ireland v Australia (20 Iúil 2023)
2 Rugby World Cup 2023: South Africa v Ireland (23 Meán Fómhair 2023)
3 FIFA Women’s World Cup Live: Canada v Ireland (26 Iúil 2023)
4 The Sunday Game Live: Kilkenny v Limerick, All-Ireland Hurling Final (23 Iúil 2023)
5 The Sunday Game Live: Dublin v Kerry, All-Ireland Football Final 2023 (30 Iúil 2023)
6 Guinness Six Nations: Ireland v France (11 Feabhra 2023)
7 European Qualifiers: Republic of Ireland v France, UEFA Euro 2024 (27 Márta 2023)
8 Guinness Six Nations: Scotland v Ireland (12 Márta 2023)
9 Rugby World Cup 2023: Ireland v Tonga (16 Meán Fómhair 2023)
10 Rugby World Cup 2023: France v New Zealand (8 Meán Fómhair 2023)
Na 10 gclár faisnéise is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 Gaelic in the Joy
2 Once Upon a Time in Northern Ireland
3 Dr Cassidy’s Casebook
4 The Case I Can’t Forget
5 Davy’s Toughest Team
6 Ireland’s Wild Islands
7 The Murdochs: Empire of Influence
8 Quinn Country
9 Missing: Beyond the Vanishing Triangle
10 Brian and Arthur: A Very Modern Family
Na 10 gclár grinn is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 The Young Offenders
2 Father Ted
3 SisterS
4 The Big Bang Theory
5 Colin from Accounts
6 Hardy Bucks
7 Killinaskully
8 Women on the Verge
9 The 2 Johnnies Do America
10 PEN15
Na 10 gclár do leanaí is mó lucht féachana ar an RTÉ Player in 2023
1 Peppa Pig
2 Bluey
3 News2Day
4 Bing Bunny
5 Fireman Sam
6 Peppa Muc
7 Dizzy Deliveries
8 Shaun the Sheep
9 Hey Duggee
10 Fia’s Fairies
*Bunaithe ar an meánúsáid sheachtainiúil agus feidhmíocht 2022. Táthar ag súil go mbeidh 100 milliún sruth déantar ar an RTÉ Player faoin 31 Nollaig 2023.
Foinse sonraí: Piano Analytics. Tá na 10 clár is mó lucht féachana bunaithe ar an líon iomlán sruthanna, tá na 10 clár is mó lucht féachana sa seánra bunaithe ar an líon iomlán sruthanna laistigh den seánra sin.