NA hAINMNIÚCHÁIN DO GHRADAIM SPÓRT RTÉ 2023 OÍCHE DÉ SATHAIRN NOCHTA
Tá na daoine a bhfuil ainmniúchán faighte acu do Ghradam Spórt RTÉ 2023, a bheidh le craoladh beo ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ag 9.30pm Dé Sathairn an 16 Nollaig, nochta ag RTÉ. Is iad Joanne Cantwell agus Darragh Maloney a chuirfidh na gradaim i láthair, gradaim a thugann aitheantas do roinnt de na daoine is mó a d’imir tionchar ar an spórt in Éirinn, ina measc Fear/Bean Spóirt Óg na Bliana Spórt RTÉ, Foireann na Bliana Spórt RTÉ, Bainisteoir na Bliana Spórt RTÉ agus Fear/Bean Spóirt na Bliana Spórt RTÉ mar aon le fear/bean spóirt eile a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch RTÉ.
Is iad seo a leanas na daoine a bhfuil ainmniúchán faighte acu do Ghradam Spórt RTÉ 2023:
Fear/Bean Spóirt Óg Spórt RTÉ
- Brian Gleeson, Imreoir Rugbaí
- Evan Ferguson, Peileadóir
- Eve McMahon, Mairnéalach
- Elizabeth Ndudi, Lúthchleasaí
- Nick Griggs, Lúthchleasaí
- Róisín Ní Riain, Snámhaí Parailimpeach
Foireann na Bliana Spórt RTÉ
- Foireann Camógaíochta Chorcaí
- Foireann Peile Gaelaí Bhaile Átha Cliath
- Foireann Pheil na mBan Bhaile Átha Cliath
- Foireann Rámhaíochta na hÉireann
- Foireann Rugbaí na hÉireann
- Foireann Iomána Luimnigh
- Foireann Rugbaí na Mumhan
- Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly, Rothaithe Parailimpeacha
- Rugairí na Seamróige
Bainisteoir na Bliana Spórt RTÉ
- Andy Farrell, Príomh-Chóitseálaí Fhoireann Rugbaí na hÉireann
- Dessie Farrell, Bainisteoir Fhoireann Peile Bhaile Átha Cliath
- John Kiely, Bainisteoir Fhoireann Iomána Luimnigh
- Stephen Bradley, Bainisteoir Ruagairí na Seamróige
- Ronan O’Gara, Príomh-Chóitseálaí La Rochelle
- Mick Bohan, Bainisteoir Fhoireann Pheil na mBan Bhaile Átha Cliath
- Matthew Twomey, Bainisteoir Fhoireann Camógaíochta Chorcaí
- Willie Mullins, Traenálaí Rásaíochta Capall
- Dominic Casey, Cóitseálaí Rámhaíochta
Fear/Bean Spóirt na Bliana Spórt RTÉ
- Johnny Sexton, Imreoir Rugbaí
- Katie McCabe, Peileadóir
- Katie Taylor, Dornálaí
- Rhys McClenaghan, Gleacaí
- Paul Townend, Marcach
- Róisín Ní Riain, Snámhaí Parailimpeach
- Aaron Gillane, Iománaí
Déanfar an té a bheidh le hionduchtú i nDámhachtain na Laoch Spórt RTÉ a fhógairt i rith an chláir bheo oíche Dé Sathairn. Is painéal neamhspleách sainmholtóirí ó ar fud dhomhan meán cumarsáide agus feidhmíochta spóirt na hÉireann a roghnóidh na buaiteoirí i ngach catagóir.
Bí ag féachaint ar 2023 RTÉ Sport Awards ag 9.30pm ar RTÉ One agus ar an RTE Player Dé Sathairn an 16 Nollaig