Room to Improve le Dermot Bannon ar ais le haghaidh séasúr nua
Tá an t-ailtire Dermot Bannon ar ais i mbun tógála arís don tsraith nua de Room to Improve a bheidh ag tosú Dé Domhnaigh an 7 Eanáir ag 9.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Beidh an suirbhéir cainníochta Claire Irwin ina theannta arís eile do shraith 15 ina mbeidh tithe de gach chineál á dtógáil le buiséid agus deontais éagsúla agus sprioc-amanna dochta. Beidh briseadh croí ann agus roinnt scéalta pearsanta fíorspéisiúla le cloisteáil faoi na dúshláin a bhaineann le hobair thógála le linn ghéarchéim an chostais maireachtála.
Tá roinnt de na húinéirí tí ag streachailt leis na costais mhéadaithe a bhaineann leis an tógáil ó chostas na n-ábhar atá ag ardú go tapa go costais saothair atá ag méadú. Sa tsraith seo freisin beidh tithe atá incháilithe do dheontais éagsúla feabhsúchán tí lena n-áirítear an deontas do thithe folmha, an deontas do thithe tréigthe agus deontas SEAI, rud a chuideoidh leis an lucht féachana eolas a chur ar na deiseanna atá ar fáil d’úinéirí tí ionchasacha.
Is é Áth na nUrlainn i gCill Chainnigh an chéad stad ag Dermot agus Claire, áit a bhfuil Gráinne Murphy agus Ivan Williams ag brionglóideach faoi sheanteach feirme a bhí ag sinsear Ivan a athchóiriú le blianta fada anuas. Le cuidiú ón deontas do thithe folmha agus deontas SEAI, tá sé d’aidhm ag Ivan agus Gráinne pearsantacht agus carachtar an tseantí a thabhairt ar ais mar a bhí an lá ab fhearr é. Tá an buiséad iomlán atá acu an-srianta go deo don tionscadal uaillmhianach seo.
I gclár 2 déanann Brian Carrigg agus Kate Molony iarracht bungaló a bhfuil radharc ar Charraig Phádraig uaidh a athchóiriú. Ba é rún chroí Kate ó rugadh í go mbeadh an bungaló sin aici. Ó tharla go bhfuil a mbuiséad teoranta, bhí an deontas do thithe tréigthe agus folmha agus deontas SEAI ríthábhachtach le go mbeifí in ann an teach seo a thógáil. Tá athchóiriú iomlán ag teastáil ón teach, ní rabhthas in ann Carraig Phádraig a fheiceáil ach trí fhuinneog reoite i seomra folctha agus mar sin tugadh dúshlán do Dermot dearadh nua a chruthú chun go mbeidh siad in ann an radharc fíorálainn seo a fheiceáil. An bhfaighidh Kate an teach ba mhian léi i gcónaí?
I gclár 3 casann Dermot agus Claire le Sandra agus Daniel Davey i gCnoc Lín i mBaile Átha Cliath a cheannaigh a rogha tí ansin níos mó ná ceithre bliana ó shin. Mar sin féin tá braon anuas sa ghrianán a chuir na húinéirí eile roimhe seo leis an teach agus tá an teach chomh fuar sin anois go gcaitheann Sandra, Daniel agus a mbeirt leanaí óga an chuid is mó dá gcuid ama sa seomra tosaigh. Is é an aidhm is mó atá ag muintir Davey ná teach níos fearr a thógáil chun cónaí ann agus éifeachtúlacht fuinnimh an tí a mhéadú. An mbeidh Dermot in ann an fhís atá acu a thabhairt chun fíre laistigh de bhuiséad fíorbheag agus oibriú le dream tógála amháin?
Faoi dheireadh, sa chlár deireanach den tsraith, tá Ann Brannigan agus a fear céile David ag déanamh iarracht athchóiriú iomlán a dhéanamh ar sheanteach mhuintir Ann i
Seantrabh i mBaile Átha Cliath. Cheannaigh Ann an teach óna seanathair agus mar sin tá go leor cuimhní aici féin agus ag a deirfiúr Emer, atá ina cónaí béal dorais, ar an teach. Tá fís mhór ag Ann agus ag David agus tá buiséad measartha mór acu don tionscadal seo. Mar sin féin bíonn Dermot agus Claire ag iarraidh a mhíniú dóibh go mbeidh an liosta atá acu, liosta atá ag méadú, ag ardú mór chostas na tógála go mór freisin. An mbeidh siad in ann teacht ar chomhréiteach?
Room to Improve ar ais leis an gcéad chlár de cheithre cinn Dé Domhnaigh an 7 Eanáir ag 9.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
NOTAÍ
Clár 1 – Cill Chainnigh
Tá Gráinne Murphy agus Ivan Williams ag brionglóideach le blianta fada anuas faoi athchóiriú a dhéanamh ar sheanteach feirme a bhí ag sinsear Ivan atá lonnaithe in aice le hÁth na nUrlainn i gCo. Chill Chainnigh.
Is múinteoir scoile í Gráinne agus bíonn sí ag múineadh ióga agus is feirmeoir lánaimseartha é Ivan. Tá beirt bhuachaillí acu, Senan (6) agus Luan (10). Nuair a thug Dermot cuairt ar an teach den chéad uair, bhí obair athchóirithe ar an taobh amuigh den teach feirme tosaithe ag Gráinne agus Ivan agus rindreáil aolchloiche á déanamh acu le cuidiú ó dheontas na comhairle áitiúla. Taobh istigh, bhí siad ag obair ar an gcéad chuid den taobh istigh den teach feirme a leagan ina n-am féin.
D’éirigh le Gráinne agus Ivan an deontas do thithe folmha a fháil toisc nach raibh aon duine ina chónaí sa teach le níos mó ná dhá bhliain. Ó tharla go raibh obair struchtúrach ag teastáil ón teach, bhí siad in ann airgead breise a fháil chomh maith le deontas SEAI. Bhí a mbuiséad an-srianta ach chuidigh na deontais go mór leo leis an tionscadal seo, chomh maith lena morgáiste.
Clár 2 – Caiseal
Casadh Brian Carrigg agus Kate Molony ar a chéile ar laethanta saoire sa Spáinn seacht mbliana ó shin. Phós siad le linn na paindéime agus bhí searmanas beag bídeach acu. Nuair a bheidh a dteach críochnaithe, tá súil acu go mbeidh cóisir mhór acu mar gheall nach raibh ceann acu lá na bainise. I mí na Samhna 2022 cheannaigh siad bungaló ar díreach taobh amuigh den bhaile Chaisil agus ba é rún chroí Kate ó bhí sí ina páiste go mbeadh an bungaló sin aici.
Bhí an teach folamh le blianta agus bhí athchóiriú iomlán de dhíth, athshreangú agus athphluiméireacht san áireamh. Bhog Kate agus Brian an troscán ar fad a bhí acu isteach
sa teach gan cuimhneamh ceart air ach ní raibh sé i bhfad gur thuig siad go raibh an teach fuar, tais agus nach bhféadfaí cónaí ann, go háirithe le beirt leanaí óga. Tá siad ina gcónaí le Ruth, deirfiúr le Kate, agus a teaghlach le níos mó ná bliain anuas. Mar sin tá brú orthu anois bogadh isteach ina dteach féin sula bhfanann siad thar fhad na fáilte!
Bhí an deontas do thithe tréigthe agus folmha agus deontas SEAI ríthábhachtach le go mbeifí in ann a dteach a thógáil. Tá radharc ar Charraig Phádraig ón teach a bhfuil croí Kate istigh ann ach nuair a tháinig Dermot, ní raibh radharc ceart aige ar Charraig Phádraig ach amháin trí fhuinneog reoite i seomra folctha. Tugadh dúshlán do Dermot dearadh nua a chruthú ina mbeadh radharc ceart acu ar Charraig Phádraig.
Tá teach A-rátáilte uathu ach an mbeidh siad in ann an síneadh mór ar chúl an tí a chlúdach leis an mbuiséad atá acu, chomh maith le thuas staighre sa bhungaló a athrú go dtí an ceathrú seomra freisin? Tá siad ag iarraidh foirgneamh taobh amuigh a athrú go dtí seomra aclaíochta do Bhrian freisin.
Níl ach méid áirithe airgid sa phota agus bhí ar Dermot agus Claire smacht a choinneáil orthu lena chinntiú nach mbeidís ag caitheamh an airgid ar rudaí nach raibh ceart. An mbeidh Kate in ann teacht ar chomhréiteach agus an bhfaighidh siad an teach a bhí uathu riamh?
Clár 3 – Cnoc Lín
Is as an bpobal céanna i dTobar an Choire i Sligeach iad Sandra agus Daniel Davey. Thug an saol bealaí éagsúla an bheirt tar éis na scoile ach casadh ar a chéile arís iad le linn dóibh a bheith ar chuairt abhaile i Sligeach agus tá ag éirí thar barr leo ó shin. Phós siad le linn Covid agus tá beirt iníonacha acu anois, Penny (2 bhliain go leith d’aois) agus Bel (11 mhí d’aois).
Cheannaigh Sandra agus Daniel a rogha tí i gCnoc Lín i mBaile Átha Cliath níos mó ná ceithre bliana ó shin. Mar sin féin tá braon anuas sa ghrianán a chuir na húinéirí roimhe seo leis an teach agus mar thoradh air sin tá an teach chomh fuar sin gur ar éigean atá siad in ann an chistin agus na seomraí eile a úsáid. Caitheann siad a gcuid ama ar fad sa seomra tosaigh.
Bhí muintir Davey i dteagmháil le Dermot le buiséad fíorbheag agus is é an rud is mó a bhí uathu ná teach atá níos praiticiúla agus níos tíosaí ar fhuinneamh a thógáil. Bhí buiséad iomlán €130k agus deontas SEAI acu, thug an Suirbhéir Cainníochta Claire Larkrock Ltd isteach le haghaidh a gcuid saineolais. Comhlacht é seo atá in ann tabhairt faoi gach gné den obair thógála ar fad.
Tá fís shoiléir ag muintir Davey faoin méid atá uathu chun an teach seo a théamh arís ach an mbeidh Dermot in ann sin a dhéanamh dóibh laistigh den bhuiséad teoranta agus den deontas SEAI atá acu?
Rinneadh dearadh ar thaitin go mór leo ach bhí ar Claire rabhaidh a thabhairt dóibh cloí leis an mbuiséad fíorghann a bhí acu. Níl sé de rogha acu síneadh a chur leis an teach ach tá roinnt smaointe dearaidh fíorchliste ag Dermot chun cloí leis an mbuiséad le go mbeidh a dteach ag feidhmiú i gceart dóibh. Bhí tús curtha leis an obair thógála áfach nuair a chuimhnigh Daniel agus Sandra go raibh oifig baile uathu freisin do Daniel, chomh maith le cistin taobh amuigh le go mbeadh Daniel in ann í a úsáid dá ghnólacht.
Is iad na nithe is mó atá ag teastáil ó mhuintir Davey ná cistin atá leagtha amach ar bhealach atá éasca le húsáid le solas maith, uasghrádú ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus an teach a théamh suas. Tuigeann muintir Davey an méid atá uathu ach an féidir le Dermot é sin a dhéanamh dóibh laistigh dá mbuiséad teoranta? Is cinnte go bhfuil a dóthain le déanamh ag Claire chun cloí leis an mbuiséad seo!
Clár 4 – Seantrabh
Thit Ann Brannigan agus a fear céile David Mooney i ngrá níos déanaí sa saol. Tá siad ina gcónaí anois i seanteach mhuintir Ann i Seantrabh lena mac Desmond.
Cheannaigh Ann an teach óna seanathair agus mar sin tá go leor cuimhní aici agus ag a deirfiúr Emer freisin, atá ina cónaí béal dorais, ar an teach. Teaghlach agus pobal is ea bun agus barr an tí seo do Ann agus David, rud atá an-tábhachtach dóibh, ach airíonn siad anois go bhfuil sé in am dóibh athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an teach.
Is máinlia colaireicteach in Ospidéal an Mater í Ann agus oibríonn David do chuideachta teicneolaíochta idirnáisiúnta, ón mbaile den chuid is mó. D’airigh siad i gcónaí nach raibh leagan amach an tí ag feidhmiú go maith agus go raibh sé ró-bheag. Tá Ann ag iarraidh go seasfaidh an teach an aimsir ar mhaithe le riachtanais a teaghlaigh, lena n-áirítear an seans atá ann go mbeadh orthu aire a thabhairt do dhuine aosta muinteartha leo. Tá David ag iarraidh go mbeadh an teach ag feidhmiú mar bhaile agus go mbeadh spás oibre ann dó.
Tá an tionscadal seo an-uaillmhianach agus is athrú ollmhór a bheidh ann. Chuir Dermot a dhearadh i láthair ach bhí ar Ann agus David a thuiscint go mbeadh praghas na tógála ag méadú freisin de réir mar a bheidís ag cur le liosta a gcuid mianta. Sular tosaíodh ar an obair thógála, chas Dermot agus Claire le Ann chun na nithe breise a bhí uaithi a phlé lena n-áirítear urláir chothromaithe agus síleálacha boghtacha sna seomraí leapa. Beidh méid suntasach le cur le buiséad tosaigh Ann agus David lena n-aghaidh sin. An mbeidh siad in ann cloí leis an mbuiséad atá acu?