Fógraíonn RTÉ agus Virgin Media Television clúdach Sé Náisiún
Craobh na Sé Náisiún ag tosú Dé hAoine an 2 Feabhra agus beidh gach cluiche beo agus saorchraolta ar fáil ar fud RTÉ agus Virgin Media Television
Áirítear ar an gclúdach feachtais Fhir, Mhná agus F20 na hÉireann.
D’eisigh RTÉ agus Virgin Media Television inniu (Dé Luain an 15 Eanáir) sonraí faoina gcomhchlúdach ar chomórtas na Sé Náisiún, ina mbeidh na 15 chluiche bheo agus saorchraolta ar fad i gCraobh Sé Náisiún na bhFear ar fáil ar fud an dá chraoltóir, lena chinntiú go mbeidh an lucht leanúna spóirt in ann taitneamh a bhaint as gach soicind den aicsean.
Cuirfidh Éire, buaiteoirí reatha na Caithréime Móire, tús leis an gcomórtas le turas chun na Fraince Dé hAoine an 2 Feabhra agus tá sé socraithe go mbeidh an cluiche ar siúl in Marseille. Beidh an cluiche ar fáil beo ar Virgin Media Television agus cuirfear tús le clúdach RTÉ an lá dár gcionn leis an gcluiche idir an Bhreatain Bheag agus Albain beo ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player.
Beidh an cluiche idir Éire agus an Bhreatain Bheag Dé Sathairn an 24 Feabhra agus an cluiche idir Sasana agus Éire Dé Sathairn an 9 Márta ar fáil beo ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Is í Jacqui Hurley a chuirfidh na cluichí a bheidh beo ar theilifís RTÉ i láthair agus ina teannta beidh réimse painéalaithe agus anailísithe lena n-áirítear Jamie Heaslip, Bernard Jackman, Stephen Ferris, Fiona Coghlan, Donal Lenihan, Hannah Tyrrell agus Jerry Flannery.
Taispeánfaidh Virgin Media Televison an cluiche a bheidh ag Éirinn sa bhaile in aghaidh na hIodáile Dé Domhnaigh an 11 Feabhra, chomh maith leis an gcluiche deireanach a bheidh acu sa bhaile in aghaidh na hAlban Dé Sathairn an 16 Márta. Is é Joe Molloy a chuirfidh an clúdach i láthair agus i measc na bpainéalaithe beidh Rob Kearney, Matt Williams, Shane Horgan, Andrew Trimble, Ian Madigan, Fiona Hayes, Grace Davitt agus Eimear Considine. Is iad Dave McIntyre agus Alan Quinlan a bheidh i mbun tráchtaireachta agus is é Tommy Martin a bheidh ag tuairisciú ó chluichí na hÉireann.
Beidh gach ceann de chluichí na hÉireann i gCraobh Sé Náisiún na bhFear ar fáil beo ina n-iomláine ar RTÉ Radio One.
I measc chlúdach cuimsitheach Sé Náisiún RTÉ ar na cluichí uile sna trí chomórtas, beidh cluichí saorchraolta eisiacha ar RTÉ2, RTÉ Radio agus ar an RTÉ Player, agus ag an am céanna beidh clúdach de réir an nóiméad ar na cluichí chomh maith le nuacht, anailís agus agallaimh ar RTÉ.ie/Sport.
Beidh Against The Head ar ais leis an nuacht agus plé is déanaí oícheanta Dé Luain ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player agus tabharfaidh Spórt RTÉ an lucht leanúna níos gaire do gach rud a bhaineann leis na Sé Náisiúin ar The RTÉ Rugby Podcast. Beidh an clúdach is déanaí ag Nuacht RTÉ faoi chomórtas na Sé Náisiún, lena n-áirítear an nuacht is déanaí ar an aip RTÉ News.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ: “Is imeacht spóirt d’ardchaighdeán fós Craobh na Sé Náisiún a thugann an tír le chéile chun tacú leis an bhfoireann. Tá a fhios againn ó bhlianta roimhe seo agus ó Chorn Rugbaí an Domhain go meallann na cluichí seo lucht féachana ollmhór ar fud gach aoisghrúpa. Ó tharla go n-éiríonn go maith le hÉirinn agus go bhfuil an cumas acu an caighdeán a ardú i gcónaí bliain i ndiaidh bliana, tá ríméad orainn obair a dhéanamh i gcomhar le Virgin Media lena chinntiú go mbeidh na cluichí saorchraolta agus go mbeidh teacht ag an lucht féachana is leithne agus is féidir orthu.”
Maidir leis an bhfógra ar an gclúdach, dúirt Mick McCaffrey, Ceannasaí Nuachta agus Spóirt, Virgin Media Television: “Tá an chuma air gur comórtas Sé Náisiún fíorspéisiúil a bheidh ann i ndiaidh na dtorthaí a baineadh amach i gCorn Rugbaí an Domhain le gairid. Cruthaíodh leis na figiúirí féachana ollmhóra sa Fhrainc go bhfuil an pobal lucht féachana ag tacú go mór le foireann na hÉireann agus iad ag iarraidh forbairt a dhéanamh tar éis do Johnny Sexton éirí as. Tá ríméad orainn go mbeidh muid ag craoladh an chluiche idir Éire agus an Fhrainc in Marseille ar an gcéad deireadh seachtaine, cluiche a d’fhéadfadh a bheith ina chluiche cinniúnach ón tús. Beidh gach duine ag súil go mbeidh deis fós ag Éirinn an Chaithréim Mhór a bhuachan nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Albain i Staid Aviva ar an lá deireanach den chomórtas. Tá muid sásta leanúint orainn ag cur gach cluiche ar fáil don lucht leanúna spóirt saor go haer in éineacht le RTÉ.”