Fógartha ag Bryan Dobson go mbeidh sé ag éirí as a phost le RTÉ an t-earrach seo
Tá sé fógartha ag an gcraoltóir Bryan Dobson go bhfuil sé socraithe aige éirí as a phost le RTÉ ag deireadh mhí Aibreáin i mbliana. Tá Brian ina láithreoir faoi láthair ar RTÉ News at One with Bryan Dobson ar RTÉ Radio 1 agus tá sé ina iriseoir agus ina chraoltóir le Nuacht RTÉ le 37 bliain. Tá príomhchláir nuachta uile RTÉ curtha i láthair ar an teilifís agus ar an raidió aige le linn na tréimhse sin mar aon leis a bheith ina phríomhláithreoir ar chlúdach teilifíse RTÉ ar thoghcháin, agus ar imeachtaí speisialta stáit.
Agus é ag labhairt faoi bheith ag éirí as den chéad uair, dúirt Bryan Dobson: “Tar éis 37 bliain iontach le RTÉ tá sé in am bogadh ar aghaidh. Aireoidh mé uaim na comhghleacaithe iontacha cumasacha agus díograiseacha a raibh mé ag obair leo. Braitheann iriseoireacht RTÉ ar obair foirne agus bhí deis agamsa a bheith ar roinnt de na foirne ab fhearr. Táim buíoch freisin as na héisteoirí agus as lucht féachana a chaith a gcuid ama ag éisteacht liom agus a thug aird dom thar na blianta. Tá súil agam gur éirigh liom tuairisciú ábhartha, cothrom agus cruinn a thabhairt ar ais mar chúiteamh.”
Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá Bryan ar cheann de na hiriseoirí is fearr in iriseoireacht na seirbhíse poiblí. Le blianta fada, d’éirigh leis údarás a thabhairt do na scéalta is tábhachtaí. Gach lá, léiríonn sé mioneolas agus ionracas iomlán ina chuid oibre agus ní raibh eagla air riamh na ceisteanna is deacra a chur agus daoine a thabhairt chun cuntais. Ba phléisiúr agus pribhléid é a bheith ag obair leis.”
Dúirt Deirdre McCarthy, Stiúrthóir Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ: “Is iriseoir den scoth é Bryan Dobson agus tá sé ar dhuine de na láithreoirí nuachta is aitheanta agus is iontaofa sa tír ar an raidió agus ar an teilifís le blianta fada. D’fhás go leor de mhuintir an náisiúin aníos ag éisteacht le Bryan Dobson gach tráthnóna ar Six One News agus ar Morning Ireland agus le déanaí cloistear é ina phríomhláithreoir ar News at One. Chabhraigh a intleacht, a thaithí agus a mhioneolas ar nuacht agus ar chúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta le lucht féachana na hÉireann a choinneáil ar an eolas agus cothrom le dáta. Léirigh Bryan an cumas atá aige arís agus arís eile scéalta faoi thragóidí a insint chomh maith le scéalta a mbaineann lúcháir mhór leo. Ba chomhghleacaí den scoth é sa seomra nuachta le blianta fada, aireoidh foireann ar fad Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ uathu é.”
Thosaigh Bryan Dobson ag obair le RTÉ in 1987 mar thuairisceoir leis an gclár This Week ar RTÉ Radio 1. Níos deireanaí an bhliain sin ceapadh ina Chomhfhreagraí Gnó é le RTÉ, chomh maith le bheith ina láithreoir ar an gclár gnó teilifíse Marketplace. In 1991 ceapadh ina láithreoir é ar RTÉ One O’Clock News, agus ina dhiaidh sin bhog sé ar aghaidh chun an clár Nine O’Clock News a chur i láthair sular ceapadh ina phríomhláithreoir é ar Six One News in 1996. Chaith sé 21 bliain ar an bpríomhchlár, sular bhog sé ar aghaidh le bheith mar chuid den fhoireann láithreoireachta ar Morning Ireland in 2017, an clár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn.
Chuir sé Election 2020: Bryan Dobson Interviews… i láthair, sraith nua roimh an olltoghchán deireanach ina raibh agallaimh ghrinne le ceannairí na bpáirtithe polaitíochta, a craoladh le linn sceideal buaicthrátha ar RTÉ One. D’oibrigh sé freisin ar roinnt cláir faisnéise de chuid RTÉ, ina measc The Madness from Within, cuntas ar Chogadh Cathartha na hÉireann; Witnesses to War, ina raibh agallaimh le hiarshaighdiúirí Éireannacha an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sí sé ina aoi-láithreoir ar chláir speisialta ar an Lusitania agus Éirí Amach 1916 do RTÉ Nationwide.