CLUAS AG NÍOS MÓ ÉISTEOIRÍ LE SEIRBHÍSÍ RAIDIÓ RTÉ DE RÉIR NA bhFIGIÚIRÍ JNLR IS DEIREANAÍ
• Aird ag níos mó ná dhá mhilliún duine fásta gach seachtain* nó 48% ar sheirbhísí raidió RTÉ
• Le RTÉ 17 clár as an 20 clár raidió is mó lucht éisteachta arna gcraoladh in Éirinn
• Is é RTÉ Radio 1 an aon stáisiún raidió amháin a tharraingíonn aird níos mó ná aon mhilliún duine in aghaidh na seachtaine**, ardú +29,000 Tréimhse ar Thréimhse agus +68,000 Bliain ar Bhliain.
• Ardú 1% Bliain ar Bhliain go dtí 9% ar líon na ndaoine a dtarraingíonn RTÉ 2fm a n-aird laethanta na seachtaine
• 322,000 duine a éisteann le RTÉ lyric FM gach seachtain, ardú +9,000 Tréimhse ar Thréimhse, +22,000 Bliain ar Bhliain.
I gcomórtas leis an am seo anuraidh, tá 68,000 éisteoir sa bhreis ag éisteacht le RTÉ Radio 1 i rith na seachtaine. Tá ardú 22,000 (Bliain ar Bhliain) ar líon na n-éisteoirí gach seachtain ag RTÉ lyric fm agus ardú 1% le himeacht bliana ar líon na ndaoine a dtarraingíonn 2fm a n-aird ar laethanta na seachtaine.
Ag trácht dó ar na figiúirí is deireanaí, dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Is léir ó na figiúirí is deireanaí seo an tábhacht agus an fiúntas a bhraitheann muintir na hÉireann i gcónaí le meáin chumarsáide seirbhíse poiblí. Bíonn aird ag níos mó ná dhá mhilliún duine fásta seachtain i ndiaidh seachtaine ar sheirbhísí raidió RTÉ agus níl aon stáisiún raidió ach amháin RTÉ Radio 1 a tharraingíonn aird níos mó ná aon mhilliún duine in aghaidh na seachtaine. Is ábhar gairdis faoi leith an t-ardú leanúnach a fheiceáil ar líon na ndaoine óga a airíonn ceangal le 2fm, gné bhuntábhachtach den réimse seirbhísí poiblí a chuireann RTÉ ar fáil. Tá ardú 1% le himeacht bliana ar lucht éisteachta na seirbhíse ó Luan go hAoine. Is dea-theist dílseacht lucht éisteachta RTÉ lyric fm, chomh maith leis an ardú ar líon na n-éisteoirí agus ar an sciar den lucht éisteachta a tharraingíonn RTÉ Radio 1 ó Luan go hAoine agus ar an deireadh seachtaine ar an dlúthcheangal a airíonn an lucht éisteachta leis na seirbhísí poiblí bunriachtanacha seo. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na héisteoirí, le gach uile dhuine acu, as leanúint de sheirbhísí raidió RTÉ a roghnú agus an buíochas céanna a chur in iúl do na meithle léiriúcháin agus do na láithreoirí a chuireann oiread dua orthu féin ag freastal ar lucht éisteachta RTÉ.”
RTÉ Radio 1
Bíonn aird ag 905,000 éisteoir ar RTÉ Radio 1 ar laethanta na seachtaine (+25,000 Tréimhse ar Thréimhse agus +66,000 Bliain ar Bhliain).
• Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba é 486,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo (+23,000 Tréimhse ar Thréimhse)
• Is é The Nine O’Clock Show an dara*** clár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn, ar fud na stáisiún raidió go léir, le 343,000 éisteoir gach lá ó Luan go hAoine.
• Bíonn 341,000 duine ag éisteacht le Today with Claire Byrne, ón 10 r.n. – 12 meánlae, Luan go hAoine (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse)
• Bíonn cluas ag 214,000 éisteoir (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) leis an gceol iontach ar The Louise Duffy Show.
• Éisteann 306,000 duine (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) le News at One le Bryan Dobson
• Bíonn lucht éisteachta 303,000 duine (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Liveline le Joe Duffy
• 186,000 duine (+9,000 Bliain ar Bhliain) a éisteann le The Ray D’Arcy Show ar RTÉ Radio 1 gach tráthnóna ó Luan go hAoine
• Éisteann 221,000 duine gach tráthnóna (+13,000 Bliain ar Bhliain) le Drivetime.
• Bíonn 342,000 éisteoir ar an Satharn (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) agus 343,000 éisteoir ar an Domhnach*** (+20,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag The Brendan O’Connor Show
• Tá lucht éisteachta 222,000 duine (+16,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
• Bíonn lucht éisteachta 204,000 duine (+24,000) ag Saturday Sport/Doc On One idir 2-6 i.n. ar RTÉ Radio 1 agus lucht éisteachta 210,000 duine (+19,000) ag Sunday Sport.
• 313,000 duine (+19,000 Tréimhse ar Thréimhse) de lucht éisteachta a bhíonn ag The Business gach maidin Sathairn
• Bíonn 292,000 duine (+20,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht leis an gclár Sunday with Miriam
Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is léir gur tuairisc an-mhaith é seo ag RTÉ Radio 1 le hardú ar an lucht éisteachta ó Luan go hAoine agus ar an deireadh seachtaine chomh maith. Ba mhaith liom, ar an gcéad dul síos, buíochas a ghlacadh leis na héisteoirí a leanann dá muinín a chur sa stáisiún seo. Tréaslaím toradh a gcuid saothair freisin leis na láithreoirí nach bhfuil a sárú ar fáil ar fud na seánraí ar fad. Níor cheart d’aon duine a cheapadh gur furasta clár a chur i láthair agus sin a dhéanamh go sármhaith lá i ndiaidh an lae. Tá olltábhacht freisin le dúthracht agus le ceannródaíocht na meithle léiriúcháin, an bonn a chuirtear gach lá den bhliain faoi shaothar an stáisiúin uilig. Tá rath ar gach cuid den sceideal. Déanann RTÉ Radio 1 díograis faoi leith maidir le ceol na hÉireann agus oirfidigh de chuid na hÉireann, idir fhir agus mhná. Is tábhachtach an rud béim a leagan air sin agus ar an rath atá air.”
RTÉ 2FM
• Bíonn 146,000 duine (+17,000 Bliain ar Bhliain) ag éisteacht le Doireann, Donncha agus Carl ar 2FM Breakfast ar laethanta na seachtaine
• Tá 136,000 de lucht éisteachta (+2,000 Bliain ar Bhliain) ag Jennifer Zamparelli on 2FM
• Baineann 113,000 éisteoir taitneamh as an gceol iontach a bhíonn ag Tracy Clifford dóibh ag am lóin gach lá
• Leantar den tsiamsaíocht a chur ar fáil d’éisteoirí ar fud na tíre ar Drive It with The 2 Johnnies a mbíonn 150,000 duine (+31,000 Bliain ar Bhliain) ag éisteacht leis tráthnóna
• Bíonn 121,000 duine (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Laura Fox ón 9 r.n. – 12 meánlae ar an Satharn agus 115,000 duine (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) ar an Domhnach
• Bíonn lucht éisteachta 126,000 duine ar an Satharn (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) agus 105,000 duine ar an Domhnach (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Roz and Emma on 2FM ón 12 meánlae – 3 i.n.
Is éard a bhí le rá ag Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Is dea-scéal é go bhfuil talamh slán déanta ag 2fm den ardú ar an lucht éisteachta a gnóthaíodh i rith thréimhse na tuairisce roimhe seo. Coinníodh éisteoirí ar fud sceideal na gcláracha ar fad i rith an lae. Tá neartú freisin ar sceideal nua an deireadh seachtaine, ar cuireadh tús leis an tráth seo anuraidh, agus ardú ar líon éisteoirí Laura Fox agus Roz and Emma ar 2FM ó thréimhse suirbhéireachta go chéile. 2fm a bhí chun tosaigh riamh maidir le ceol arna léiriú in Éirinn a chur i lár an aonaigh agus táthar ag tnúth leis an RTÉ Choice Music Prize ar an 7 Márta, a bheidh á chur i láthair ag Tracy Clifford agus á chraoladh beo ar 2fm.”
RTÉ lyric fm
• Tá lucht éisteachta 47,000 duine (+6,000 Bliain ar Bhliain) ag Classical Drivetime le Niall Carroll
• Bíonn 56,000 duine ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin ó Luan go hAoine
• Bíonn 47,000 ag éisteacht le Liz Nolan’s The Full Score/ Aedín in the Afternoon (ar an Aoine)
• Bíonn lucht éisteachta 63,000 duine (+8,000 Bliain ar Bhliain) ag Classic Drive le Lorcan Murray
• Bíonn 54,000 duine ag éisteacht gach tráthnóna Sathairn le Movies and Musicals le Aedín Gormley
• Bíonn lucht éisteachta 29,000 duine (+11,000 Bliain ar Bhliain) ag Opera Night
• Bíonn 37,000 duine (+15,000 Bliain ar Bhliain) ag éisteacht le Daybreak le Evonne Ferguson
• Bíonn lucht éisteachta 47,000 duine (+11,000 Bliain ar Bhliain) ag Hamilton Scores le George Hamilton ar an Satharn
• Bíonn 42,000 duine ag éisteacht le Seán Rocks on Sunday
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Is iontach an teist ar mheitheal RTÉ lyric fm an t-ardú leanúnach atá ar an lucht éisteachta seasta ag na cláracha i rith an lae. Is ríméad orainn fáilte a chur roimh an 22,000 duine breise le bliain anuas sa lucht éisteachta ar fud sceideal na seachtaine: 6,000 maidir le Classical Daytime le Niall Carroll agus 8,000 éisteoir breise ag Classic Drive le Lorcan Murray. Leanann Marty in the Morning d’aird 56,000 duine arb é stíl Marty Whelan is rogha leo a tharraingt gach maidin. Tá éisteoirí ag roghnú RTÉ lyric fm i gcónaí ar mhaithe le scíth ó fhuadar agus ó fhothrom an tsaoil agus le suaimhneas a bhaint as an gceol ar RTÉ lyric fm.”