GRADAM SAOIL LE BRONNADH AR THRÍONA NÍ DHOMHNAILL AG GRADAIM CEOIL TÍRE RTÉ RADIO 1
GRADAM SAOIL LE BRONNADH AR THRÍONA NÍ DHOMHNAILL
AG GRADAIM CEOIL TÍRE RTÉ RADIO 1
Ag ceiliúradh scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas
Beidh imeacht na ngradam BEO in Vicar Street agus ar RTÉ Radio 1 Dé Máirt an 27 Feabhra
Tá líon teoranta ticéad ar fáil ó ticketmaster.ie | #rtefolkawards
Tá ríméad ar RTÉ a fhógairt go dtabharfar aitheantas do Thríona Ní Dhomhnaill nuair a bhronnfar an Gradam Saoil uirthi ag an séú ceann de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 in Vicar Street, Baile Átha Cliath Dé Máirt an 27 Feabhra ag 7.45pm. Tá Tríona Ní Dhomhnaill ar dhuine de na príomhoirfidigh ceoil thraidisiúnta agus tíre in Éirinn agus is cumadóir agus cumadóir amhrán í freisin a bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain bainte amach aici.
Craolfar Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 beo ar RTÉ Radio 1 agus ar an RTÉ Radio App óna 8pm. Craolfar buaicphointí ó na Gradaim ar theilifís RTÉ One Dé Sathairn an 2 Márta 2024.
Bronnann Coiste Stiúrtha Feidhmiúcháin Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 an Gradam Saoil gach bliain ar cheoltóir nó amhránaí atá fós beo agus a bhfuil go leor déanta acu ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann thar thréimhse roinnt blianta. I measc na gceoltóirí ar bronnadh an Gradam Saoil orthu roimhe seo, tá Mary Black (2022), Christy Moore (2021), Steve Cooney (2020), Moya Brennan (2019) agus Andy Irvine (2018).
Is éard a dúirt Tríona Ní Dhomhnaill nuair a fuair sí amach go mbeidh an Gradam Saoil á bhronnadh uirthi: “Tá ríméad orm glacadh leis an ngradam seo do mo shaol sa cheol agus is mór an onóir dom é. Tá sé go hálainn agus is iontach an t-ardú croí é aitheantas a fháil ar an gcaoi seo agus táim fíorbhuíoch aitheantas speisialta an Ghradaim Saoil a fháil ó Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1.”
Tá beathaisnéis iomlán Thríona Uí Dhomhnaill le fáil thíos.
Agus an gradam le bronnadh ar Thríona Ní Dhomhnaill, luaigh an Coiste Stiúrtha Feidhmiúcháin an tionchar a bhí aici, go háirithe, ar cheoltóirí eile – go mór mór amhránaithe agus seinnteoirí méarchláir – a rinne aithris uirthi.
Duine acu sin is ea Natalie Ní Chasaide – pianódóir agus seinnteoir méarchláir leis na Bonny Men – a raibh an méid seo le rá aici faoi Ghradam Saoil Thríona: “Is mór an tionchar a bhí ag Tríona orm agus mé ag fás aníos. Tá an chaoi a gcasann sí an-aitheanta, an-sainiúil agus an-fhoirfe. Tá a cuid ceoil nua-aimseartha agus iontach ach fós féin tá sé an-sean, ar nós go raibh sé ann riamh. Agus ar nós gur cheart go mbeadh sé ann go brách.”
Taibhithe Beo ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1
Dealraíonn sé gur oíche fhíorspeisialta a bheidh ann ar a ndéanfar ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann agus casfaidh Tríona Ní Dhomhnaill saothair óna gairm a théann siar níos mó ná caoga bliain. Ag seó na nGradam beidh
taibhithe beo freisin ón réalta Muireann Bradley atá ag teacht chun cinn agus ón déagóir ar an bpíb uilleann, Sorcha Ní Scolaí a bhfuil tóir mhór uirthi, ó cheoltóirí agus amhránaithe a fuair ainmniúcháin lena n-áirítear Eoghan Ó Ceannabháin, Niamh Bury agus Bláth na hÓige, agus ó na réaltaí idirnáisiúnta Johnny McEvoy agus Rhiannon Giddens.
Déanfar an píobaire uilleann, amhránaí agus bailitheoir Séamus Ennis a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch de chuid Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar an oíche freisin. Beidh a mhac, Christopher Ennis, i measc na n-aíonna oinigh in Vicar Street ar an oíche.
Is é an láithreoir RTÉ John Creedon a chuirfidh an searmanas bronnta gradam i láthair arís os comhair lucht féachana beo.
Tá líon teoranta ticéad do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 fós ar fáil trí www.ticketmaster.ie agus €33.10 an costas atá orthu leis an táille áirithinte agus táille sheirbhíse san áireamh. Tá táille shaoráide €1 i gceist.
Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.
Mura mbeidh tú in ann a bheith linn in Vicar Street Dé Máirt an 27 Feabhra, éist leis an gclár beo ar RTÉ Radio 1 ag 8pm an tráthnóna sin, agus ná déan dearmad ar chlár teilifíse na mbuaicphointí ar RTÉ One Dé Sathairn an 2 Márta 2024.
Maidir le Tríona Ní Dhomhnaill
Tá Tríona Ní Dhomhnaill ar dhuine de na príomhoirfidigh ceoil thraidisiúnta agus tíre in Éirinn agus is cumadóir agus cumadóir amhrán í freisin a bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain bainte amach aici. Tógadh i gCeanannas i gContae na Mí í agus tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Is de bhunadh Ghaeltacht Rann na Feirste i gCo. Dhún na nGall a sinsir. Is minic a luann sí aintín léi, Neilí Ní Dhomhnaill – amhránaí agus seanchaí mór le rá – mar dhuine de na daoine is mó a raibh tionchar nach beag uirthi agus í ag fás aníos.
Bhí a teaghlach fíorthábhachtach do Thríona Ní Dhomhnaill i gcónaí, go háirithe a deartháir Mícheál nach maireann agus a deirfiúr Maighread agus bíonn siad ag ceol in éineacht go rialta. Bhí Tríona ina príomhbhall de roinnt na bannaí is mó raibh tionchar acu ar cheol na hÉireann ó thús na 1970idí, lena n-áirítear grúpaí ar nós Skara Brae, an Bothy Band a bunaíodh arís le déanaí, Relativity, Nightnoise agus an sárghrúpa gutha atá fréamhaithe go domhain i gcultúr Dhún na nGall, T with the Maggies, a raibh a deirfiúr Maighread, Moya Brennan (ó Chlannad) agus Mairéad Ní Mhaonaigh (ó Altan) ann freisin.
Rinne amhránaithe idirnáisiúnta mór le rá taifeadadh ar a cuid amhrán lena n-áirítear Linda Ronstadt, ina bhfuil a leagan d’amhrán Thríona ‘In a deep sleep’ san áireamh san eagrán iomlán The Trio Collection ina bhfuil Dolly Parton, Emmylou Harris agus Linda Ronstadt.