Evelyn O’Rourke ceaptha ina Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán RTÉ
Is cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Evelyn O’Rourke ceaptha ina Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán tar éis comórtas inmheánach.
D’oibrigh Evelyn, iriseoir craolacháin RTÉ le breis is 20 bliain agus a bhfuil gradaim bainte amach aici, ar raon leathan clár, i nGaeilge agus i mBéarla araon, ar fud RTÉ agus TG4 agus bhí Evelyn ag tuairisciú le gairid anuas don chlár maidine laethúil ‘Today’ ar Raidió 1 a bhfuil Claire Byrne ina láithreoir air.
Chomh maith le comhláithriú a dhéanamh ar The Irish Book Awards le blianta fada ar theilifís RTÉ One, rinne Evelyn cur i láthair agus tuairisciú freisin ar an gclár ealaíon Arena ar RTÉ Radio 1 a chlúdaíonn gach gné de shaol ealaíon agus cultúir na hÉireann.
Dúirt Evelyn O’Rourke faoina ceapachán: “Táim ríméadach a bheith ceaptha i mo Chomhfhreagraí Ealaíon agus Meán RTÉ tráth a bhfuil cáil thallann aisteoireachta agus scríbhneoireachta na hÉireann ar fud an domhain mhóir, a léiríonn tallann as cuimse thionscail chruthaitheacha na hÉireann. Táim ag tnúth go mór cíoradh a dhéanamh ar an raon leathan scéalta maidir leis na healaíona agus leis an gcultúr in Éirinn chomh maith le hiniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh ar thírdhreach na meán sa tír seo atá ag síorathrú agus na scéalta sin a chur os comhair an lucht féachana ar fud na meán digiteach, an raidió agus na teilifíse. Aireoidh mé uaim go mór mo chomhghleacaithe ar Radio 1 agus ar an seó Today with Claire Byrne ach táim ag súil taitneamh a bhaint as an bhfócas a bheidh i gceist le mo ról nua agus tiomantas leanúnach RTÉ na scéalta tábhachtacha seo a insint.”
Dúirt Deirdre McCarthy, Stiúrthóir Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ: “tá lúcháir an domhain orainn go mbeidh Evelyn ar an bhfoireann Nuachta agus Cúrsaí Reatha ina Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán. Clúdaíonn an comhfhreagras seo dhá earnáil i saol na hÉireann atá thar a bheith tábhachtach. Tá ról ríthábhachtach ag na hEalaíona i saol cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre seo agus tá tírdhreach na meán ag forbairt go tapa agus tá mífhaisnéis agus bréagaisnéis ag cruthú dúshláin mhóra dúinn go léir.”
Is as Baile Átha Cliath Evelyn O’Rourke. Bean í a bhfuil taithí mhór aici agus a bhfuil gradaim Láithreora/Tuairisceora RTÉ bainte amach aici i gcúrsaí teilifíse agus raidió araon. Tar éis dí céim a bhaint amach i Staidéar na Drámaíochta agus an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, d’oibrigh Evelyn i gcúrsaí teilifíse agus scannánaíochta sula ndeachaigh sí le RTÉ. Tá clár Ardteistiméireachta bliantúil rathúil an Mhoil Staidéir á chur i láthair aici ó Eanáir 2021, a bhfuil tóir thar na bearta air ar na meáin shóisialta, le breis is 2 mhilliún lucht spéise. Scríobh Evelyn an bheathaisnéis sárdhíola ‘Dear Ross’ freisin sa bhliain 2014. Is Gaeilgeoir líofa í Evelyn agus baineann sí sult as bheith ag craoladh i nGaeilge go minic.