Bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta, stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge na hÉireann, ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe sa bhliain 2022 agus tá an stáisiún réidh anois chun sprioc thábhachtach shuntasach eile a bhaint amach trí fhógraíocht i nGaeilge a chur ar fáil ar an raidió den chéad uair. Chomh maith le fógraíocht ar an tseirbhís FM, cuirfear fógraíocht ar fáil i nGaeilge ar láithreán gréasáin RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar an RTÉ Radio Player.
Éilítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil 20% ar a laghad dá bhfógraíocht i nGaeilge agus go bhfuil 5% dá mbuiséad fógraíochta curtha i leataobh do na meáin Ghaeilge. Ó tharla gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-aon stáisiún raidió náisiúnta lán-seirbhíse Gaeilge atá ann, cuirfidh an tseirbhís nua seo ar an stáisiún ar chumas gach fógróra an ceanglas riachtanach seo a chomhlíonadh agus ag an am céanna cuirfear sruth nua tábhachtach ioncaim ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta. Leis an sruth nua ioncaim seo, beidh deis ann níos mó infheistíochta a fhorbairt agus feabhsófar seirbhís RnaG chun freastal níos fearr ar chainteoirí Gaeilge.
Is éard a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Is iontach an scéal é seo don earnáil agus cuirfidh sé leis an obair mhór atá á déanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le 50 bliain. Cuideoidh an tacaíocht ó fhógróirí linn feabhas a chur ar an ábhar a chuirimid ar fáil agus cuideoidh sé freisin chun bonneagar nua comhaimseartha a fhorbairt agus é mar sprioc againn freastal níos fearr a dhéanamh ar lucht éisteachta an lae inniu agus amárach.”
Is éard a dúirt Gavin Deans, Stiúrthóir Tráchtála RTÉ: “Is forbairt thábhachtach í seo don fhógraíocht i nGaeilge. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Gearóid agus leis an bhfoireann in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le m’fhoireann féin anseo i nDíolachán Meán RTÉ, as an obair chrua a rinne siad agus as an am a chaith siad ag iarraidh an bonneagar a chur ag obair le go mbeimis in ann an tseirbhís seo a chur ar fáil dár ngníomhaireachtaí agus cliaint.”
Le fiosrúchán a dhéanamh maidir le Deiseanna Fógraíochta Gaeilge in RTÉ, seol ríomhphost chuig mediasales@rte.ie
Chun áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost chuig:
Raidió: radio.bookings@rte.ie
Ardáin Dhigiteacha: digital.bookings@rte.ie