Deimhniú go mbeidh Dizzy Deliveries, a bhfuil gradaim buaite aige, ar ais le haghaidh sraith nua ar RTÉjr i mí Aibreáin
Clár eisiach á eisiúint chun Lá Domhanda Siondróm Down a cheiliúradh
Tá an tsraith do pháistí, a bhfuil duaiseanna buaite aige, Dizzy Deliveries, ar ais. Beidh séasúr a dó le feiceáil den chéad uair ar an 15 Aibreán ar RTÉjr agus beidh fáil ar gach clár ar an RTÉ Player uaidh sin amach. Tar éis chomh hiontach agus a d’éirigh leis an gcéad sraith, filleann domhan tarraingteach Dizzy Deliveries le cláir úrnua, lán le heachtraíocht, spraoi agus gáire.
Is é Dizzy Deliveries an chéad chlár teilifíse a bhain úsáid as córas comharthaíochta na bpríomhfhocal, Lámh. Bhuaigh sé duais iomráiteach Clio le déanaí in Amharclann Dolby in Los Angeles. Baineann páistí agus daoine fásta a bhfuil siondróm Down nó uathachas orthu agus páistí a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu úsáid as Lámh chun cabhrú leo cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl. De réir mar a nochtar an scéal mór i ngach clár cuirtear beocht i gcomharthaíocht Lámh, agus Joe, an fear seachadta ag iarraidh a chuid pacáistí a sheachadadh. Tá páistí sa scéal a bhaineann úsáid as Lámh agus cabhraíonn siad seo le Joe ina chuid eachtraí craiceáilte greannmhara. Cuidíonn Dizzy Deliveries leis an lucht féachana Lámh a chur leis an stór focal atá féin ar bhealach spraíúil tumtha.
Beidh trí chlár déag i sraith a dó, arna stiúradh ag an scríbhneoir agus stiúrthóir BAFTA a bhfuil gradaim buaite aici, Nia Ceidiog (a raibh baint aici le Fireman Sam agus Something Special with Mr. Tumbles do Cbeebies) agus is le Maria Doyle Kennedy agus Kieran Kennedy an ceol téama. Beidh mionpháirteanna iontacha ag roinnt daoine mór le rá an séasúr seo, lena n-áirítear an t-amhránaí-scríbhneoir Mundy, an cócaire JP McMahon, Timothy Morahan a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta, agus an gairneoir Diarmuid Gavin.
Chun Lá Domhanda Siondróm Down a cheiliúradh inniu tá rud éigin speisialta againn do lucht leanúna Dizzy Deliveries – beidh tú in ann féachaint ar sheó iomlán ón tsraith úrnua ar YouTubejr! Tá an clár eisiach lán le ceol agus spraoi, agus tá páirt bheag ag an amhránaí, Mundy, ann freisin!
Bhris Sraith 1 de Dizzy Deliveries talamh nua i gcraoltóireacht na hÉireann. Níorbh fhada go raibh sé ar cheann de na cláir ar an sceideal teilifíse ab ansa le daoine agus é ar an gcoimisiún de chuid RTÉjr ba mhó a mheall lucht féachana ar Sheinnteoir RTÉ. Thaitin an seó thar cionn leis an lucht féachana óg, go háirithe teaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo faoi mhíchumas intleachta agus le riachtanais chumarsáide. Rud a bhí tábhachtach ná go raibh an seó tarraingteach do leanaí nach raibh na riachtanais sin acu ach gur thaitin Joe agus a leathbhádóir Ozzy an róbat agus a cheann feadhna Aisling go mór leo.
Is é an comhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta léiritheoir Dizzy Deliveries. Léirigh Macalla Teoranta Home School Hub chomh maith le roinnt fadscannán a bhuaigh duaiseanna ó Róise & Frank go hiontráil na hÉireann in Oscars 2020. Tá an tsraith á cómhaoiniú ag Coimisiún na Meán agus ag RTÉ, agus cuireadh ar an ngearrliosta í do ghradam an Royal Television Society in 2023.
Ag labhairt di sula gcuirfear tús leis an tsraith nua, dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí ar ábhar Leanaí agus Daoine Óga in RTÉ: “Tá ríméad ar RTÉjr a bheith páirteach in aistear spleodrach agus tábhachtach Dizzy Deliveries. Agus muid ag tabhairt faoin gcéad taibhiú de Shéasúr 2 ar RTÉjr & ar Sheinnteoir RTÉ, smaoiním ar an tionchar iontach a d’imir an seó seo dár gcuid. Idir a bheith ag féachaint le deighilt idir daoine a chur as an mbealach, tús a chur le bealaí nua cumarsáide trí comharthaí Lámh, tugann gach eipeasóid léargas ar an gcumhacht a bhaineann leis an gcuimsiú agus leis an indéantacht. Teilifís Seirbhíse Poiblí den chéad scoth atá anseo againn agus an gáire, an fhoghlaim agus an sonas á scaipeadh ag Joe, Aisling, Ozzy agus ar ndóigh ag na fíor-réaltaí, na páistí. Táimid bródúil as bheith páirteach agus a bheith in ann cabhrú leis an bhfoireann léiriúcháin chumasach seo Dizzy Deliveries 2 a thabhairt chuig ár scáileáin.”
Dúirt Mary Cullen, Bainisteoir Lámh: “Pléisiúr Dé is ea an clár teilifíse Dizzy Deliveries ina n-úsáidtear comharthaí Lámh, do theaghlaigh agus do pháistí a úsáideann Lámh agus do gach duine ina bpobail! Tá an-tóir air ag teaghlaigh, scoileanna, réamhscoileanna agus na daoine sin ar fad ar mian leo comharthaí Lámh a fhoghlaim ar bhealach spraíúil in éineacht le Joe, Aisling, Ozzy agus a gcairde. Tá sé ráite linn ag teaghlaigh a úsáideann comharthaí Lámh sa bhaile go bhfuil go leor daoine a bhreathnaíonn ar Dizzy Deliveries anois ag úsáid comharthaí Lámh ar scoil, sa réamhscoil, le linn dóibh a bheith ag imirt spóirt agus sa phobal, rud a chruthaíonn spraoi, cairdeas agus cuimsiú le haghaidh gach duine. Tabharfaidh Sraith 2 de Dizzy Deliveries tuilleadh eachtraí, tuilleadh sceitimíní agus tuilleadh de chomharthaí Lámh dúinn… is fada linn go dtiocfaidh sé!”