Ábhar anacrach á mholadh d’úsáideoirí TikTok 13 bliana déag d’aois in Éirinn léirithe le turgnamh de chuid Prime Time RTÉ
Mar fhreagra ar imní atá ag méadú faoin drochthionchar atá á imirt ag ábhar TikTok ar mheabhairshláinte déagóirí óga, thug Prime Time RTÉ faoi thurgnamh imscrúdaitheach inar cruthaíodh cuntais nua TikTok a bhí socraithe lena n-úsáid ag daoine óga 13 bliana d’aois. Nochtadh na torthaí corraitheacha don lucht féachana Dé Máirt ar RTÉ One agus tá siad anois ar RTÉ Player.
Leis an imscrúdú, caitear solas ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an ardán meán sóisialta ar mheabhairshláinte déagóirí óga, mar laistigh de fiche nóiméad, bhí físeáin á dtaispeáint do Prime Time ina raibh tagairt dhíreach á déanamh d’fhéindochar agus do smaointe maidir le féinmharú. I ndiaidh uaire i mbun scrollaithe, bhí córas moltaí TikTok ag taispeáint sruth físeán ar bhain formhór mór díobh le dúlagar, féindochar agus smaointe maidir le féinmharú d’úsáideoirí ar creideadh iad a bheith 13 bliana d’aois dar leis an gcóras.
Bhain turgnamh Prime Time le trí chuntas nua TikTok a chruthú, agus ba é 13 bliana d’aois an aois a socraíodh do gach aon cheann acu, le cárta SIM faoi leith á úsáid i leith gach aon úsáideora nua. Gan páirt ghníomhach a ghlacadh san ábhar ná ábhair faoi leith a chuardach, choimhéad Prime Time na físeáin a bhí á moladh ag algartam TikTok.
Ina dhiaidh sin, taispeánadh an t-ábhar don Dr Patricia Byrne, Cathaoirleach Dhámh na Síciatrachta Leanaí & Ógánach i gColáiste Síciatraithe na hÉireann, agus don Dr Richard Hogan, síciteiripeoir a dhéanann speisialtóireacht in obair le teaghlaigh.
“Oibrím sa réimse seo gach aon lá… ach i mo chás féin fiú, chorraigh an méid a chonaic mé go mór mé agus spreagann sé freagairt mhothúchánach atá an-láidir go deo,” a dúirt an Dr Patricia Byrne. “Ní raibh mé ag súil go mbraithfinn chomh corraithe is a bhraith mé nuair a bhreathnaigh mé air, ach tá íomhánna an-chumhachtach ag baint leis agus is íomhánna an-dian ar fad atá i gceist.”
Rinne an Dr Richard Hogan, síciteiripeoir a dhéanann speisialtóireacht in obair le teaghlaigh, cur síos ar a fhreagairt mhothúchánach mar a bheith “in ísle brí” agus “feargach.” “Goilleann sé orm a bheith ag breathnú air sin toisc go mbím ag obair leis an oiread sin déagóirí iontacha, an oiread sin déagóirí aoibhne a tarraingíodh isteach i ndomhan gruama na bhfadhbanna meabhairshláinte tromchúiseacha mar gheall ar nithe mar seo,” agus freagra á thabhairt aige ar cheann de na físeáin ina raibh tagairt á déanamh d’fhéinmharú, dúirt sé freisin. “Is ríléir go bhfuil féinmharú á mholadh mar bhealach chun dul i ngleic le do bhuairt shíceolaíoch sa chás sin. I ndáiríre, tá sé sin uafásach amach is amach,” a dúirt sé le Prime Time.
Tá torthaí an imscrúdaithe ina léiriú ar an ngá atá le gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar an ngné dhochrach a bhaineann le halgartaim na meán sóisialta d’úsáideoirí leochaileacha óga. Beidh ionadaithe ó TikTok ag teacht os comhair Coiste Oireachtais maidir le Leanaí inniu, agus i rith an deireadh seachtaine, luaigh an Tánaiste Micheál Martin le linn a óráide ag an Ard Fheis nach mór d’ardáin meán sóisialta leanaí a bhaint dá gcuid aipeanna.
Is é an Fhondúireacht Náisiúnta Taighde faoin bhFéinmharú a thiomsaíonn staitisticí maidir le rátaí féindochair in Éirinn, ach bíodh sin mar atá, ní chlúdaíonn siad ach cásanna inarb éigean do dhaoine freastal ar rannóg éigeandála. Ón mbliain 2002 i leith, nuair a chuir an fhondúireacht tús le sonraí a chur i dtoll a chéile, tá méadú thart ar 18% tagtha ar líon na ndaoine a thagann i láthair sna rannóga éigeandála. Is é an t-ábhar imní is mó i measc dochtúirí comhairleacha ná an líon mór déagóirí atá ag teacht i láthair, ar líon é atá ag méadú freisin.
“Dé réir an eolais atá againn, is é an t-aoisghrúpa a bhfuil an ráta is airde féindochair ag baint leis gach aon bhliain ná an t-aoisghrúpa idir 15 agus 19 mbliana d’aois ach is é an t-ábhar imní ollmhór atá i gceist le blianta beaga anuas gurb é an t-aoisghrúpa ina bhfuil an méadú is gasta ag teacht ar an ráta féindochair ná iad siúd atá idir 10 agus 14 bliana d’aois. Is údar mór imní é sin,” a dúirt an Dr Patricia Byrne.
Tá iniúchadh á dhéanamh ar algartam TikTok, a sheolann úsáideoirí i dtreo ábhair. Leag Salvatore Romano, an Ceann Taighde ag AI Forensics, béim ar ról an algartaim maidir le féindochar a chur chun cinn mar bhealach chun déileáil le cúrsaí an tsaoil, rud nach ndéanann ach míshuaimhneas daoine aonair leochaileacha a chur in olcas. Chuir AI Forensics, ar eagraíocht taighde í atá lonnaithe sa Phortaingéil, cleachtadh den chineál céanna i gcrích mar chuid de thuarascáil ina ndearnadh iniúchadh ar an tionchar atá ag TikTok ar dhéagóirí i SAM, sa Chéinia agus sna hOileáin Fhilipíneacha i gcomhar le Amnesty International sa bhliain 2023.
Mar fhreagairt ar cheisteanna ó Prime Time, luaigh TikTok a thiomantas d’aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus tacaíocht a chur ar fáil d’úsáideoirí atá in anacair. Mar sin féin, tá ábhar imní ann i gcónaí maidir le héifeachtúlacht an ardáin chun úsáideoirí óga a chosaint ar ábhar dochrach. I ndiaidh an turgnamh a chur i gcrích, thug Prime Time na hainmneacha úsáideora do na cuntais a cuireadh ar bun do TikTok le go mbeadh teacht acu ar na físeáin ar fad a taispeánadh do na cuntais agus cuireadh seatanna scáileáin ó dheich gcinn d’fhíseáin shamplacha ar fáil freisin. Ón tráth sin i leith, baineadh seacht gcinn de na físeáin sin, ach mar sin féin, dúirt TikTok “Níl an tástáil a rinne RTÉ ina léiriú cruinn beag ná mór ar iompar ná eispéiris déagóirí cearta a bhaineann úsáid as an aip… As na céadta físeán a d’fheicfí le linn na tástála a rinne RTÉ, rinneamar athbhreithniú ar na deich gcinn a seoladh chugainn agus chuireamar athruithe i bhfeidhm ionas nárbh fhéidir le déagóirí breathnú ar sheacht gcinn díobh a thuilleadh.”
Le tamall beag anuas, chuir an Coimisiún Eorpach tús le himscrúdú i dtaca le cleachtais TikTok, agus díríodh ar líomhaintí i leith na heagraíochta gur theip uirthi leanaí a chosaint go cuí. Mar gheall go bhfuil ceanncheathrú TikTok san AE lonnaithe i mBaile Átha Cliath, tá freagracht shuntasach ar Choimisiún na Meán as oibríochtaí an ardáin laistigh den AE a rialú. Dúirt Johnny Ryan, Comhalta Sinsearach sa Chomhairle um Chearta an Duine (ICCL): “Tá sé de chumhacht de réir dlí ag ár rialálaí, Coimisiún na Meán, a ordú do TikTok nó do chuideachta ar bith eile sa chatagóir chéanna seo, ‘cuir deireadh le d’algartam atá ag déanamh dochair dár leanaí, atá ina chúis le féinghráin, féinfhuath, féinmharú i measc ár leanaí. Cas sin as.’ Tá sé de chumhacht aige é sin a dhéanamh.”
Féach ar Prime Time ar an RTÉ Player agus léigh an tuarascáil dhigiteach ar RTÉ.ie/Primetime.
Chomh maith leis sin, beidh agallamh eisiach leis an imdhíoneolaí Meiriceánach, Anthony Fauci á thaispeáint le linn an chláir.