FÓGARTHA AG NUACHT RTÉ GO BHFUIL SAMANTHA LIBRERI CEAPTHA INA COMHFHREAGRAÍ NUA DON OIRTHEAR
Cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Samantha Libreri, iriseoir RTÉ, ceaptha sa phost Comhfhreagraí don Oirthear. Beidh Samantha ag tuairisciú agus ag tabhairt anailíse ar fud ardáin Nuacht RTÉ ar chúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúir agus forbairtí polaitíochta maidir le gach gné den saol i réigiún an Oirthir lena n-áirítear Baile Átha Cliath ar fad, cuid d’oirthear na Mí, tuaisceart agus oirthear Chill Dara agus tuaisceart Chill Mhantáin.
Thosaigh Samantha Libreri i Seomra Nuachta RTÉ i mí na Samhna 2000 agus fostaíodh ar dtús í ina teachtaire fad is a bhí sí ag déanamh staidéir ar Bhéarla agus ar an tSocheolaíocht i UCD. Bhí sí ina saoririseoir raidió agus teilifíse ina dhiaidh sin do RTÉ fad is a bhí sí ag obair ina hEagarthóir ar nuachtán mic léinn is mó na hÉireann, The University Observer i UCD. Ceapadh ina hiriseoir lánaimseartha í le Nuacht RTÉ in 2005 agus le linn a gairme ina tuairisceoir, gairm a théann siar scór bliain, tá na céadta scéalta nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta, imeachtaí móra agus toghcháin clúdaithe aici don teilifíse, raidió agus ar líne. Tá roinnt de phríomhchláir raidió RTÉ curtha i láthair aici freisin, Morning Ireland agus Drivetime ina measc.
Tá tuairisciú cuimsitheach déanta aici ar ábhair i mórcheantar Bhaile Átha Cliath amhail tine thubaisteach Charraig Mhaighin, an chonspóid a bhain le caiteachas san FAI agus Pléasc an Chraoslaigh. Tá tuairisciú déanta aici ar bhonn idirnáisiúnta ón Eoraip, ó na Stáit Aontaithe, ón Afraic agus ón Astráil ar scéalta ar nós éirí as an Phápa Benedict, titim anuas an bhalcóin in Berkeley agus Éire a bheith páirteach den chéad uair i gCorn Domhanda na mBan.
Bhuaigh sí Bonn Justice Media in 2007 as a cuid oibre ar shraith bliana ar Shábháilteacht Bóthair le Charlie Bird agus bronnadh an gradam Iriseoir Iompair na Bliana uirthi in 2011 agus in 2012 as an tuairisciú a rinne sí ar bhonneagar iompair na hÉireann.
Is as Fionnghlas i mBaile Átha Cliath Samantha. Tá sí pósta agus tá beirt leanaí óga aici. Is léitheoir agus reathaí díograiseach í agus is duine de lucht leanúna dílis Shamrock Rovers í. Scríobh sí leabhar faoina baile dúchais i mí na Nollag 2012 dar teideal “Finglas: A People’s Portrait,” arna fhoilsiú ag New Island Books.
Is éard a dúirt Samantha agus í ag labhairt faoina cúram nua: “Mar dhuine a rugadh agus a tógadh ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath agus atá i mo chónaí agus ag obair sa phríomhchathair riamh, is é mian mo chroí é a bheith ceaptha i mo Chomhfhreagraí don Oirthear ag RTÉ. Tá súil agam leas agus tairbhe a bhaint as na 20 bliain atá caite agam ag tuairisciú sa ról nua agus níos leithne seo chun scéalta na ndaoine atá ina gcónaí i gcrios comaitéireachta na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin a insint mar aon leis an lucht féachana a choinneáil cothrom le dáta faoi scéalta móra atá ag briseadh i mBaile Átha Cliath a mbeidh tionchar acu ar na daoine atá ina gcónaí, ag obair agus ag tabhairt cuairt ar an bpríomhchathair. Bhí mórtas riamh orm a bheith ag obair ag RTÉ agus tá ríméad orm a bheith ag tabhairt faoin ról seo tráth a bhfuil iriseoireacht iontaofa, chruinn agus mhealltach ríthábhachtach.”
Beidh Samantha ag tosú ina post nua ag deireadh mhí Bealtaine.