Léargas tugtha sa chlár faisnéise Murder of a GAA Chairman ar na ceisteanna nár freagraíodh a bhí ag teaghlach Sean Brown agus an dáta a achtófar Acht Oidhreachta na dTrioblóidí ag teannadh linn
RTÉ One agus an RTÉ Player, Dé Luain an 22 Aibreán ag 9:35pm.
Maraíodh Seán Brown, cathaoirleach Chumann CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh a raibh ardmheas air, ar an 12 Bealtaine 1997 i gceantar beag tuaithe i nDeisceart Dhoire mar gheall ar ghníomh brúidiúil foréigin a bhain preab as an bpobal ar fad. Rinne comhaltaí d’Óglaigh na nDílseoirí (Loyalist Volunteer Force) luíochán roimh Sheán Brown ag 11:25pm nuair a bhí geataí na páirce traenála á gcur faoi ghlas aige. Fuadaíodh é, buaileadh é agus caitheadh sa chloigeann sé huaire é. Fuarthas é in aice lena charr a bhí trí thine an mhaidin dár gcionn i mBaile Raghnaill, Co. Aontroma. Theith déantóirí na coire ón láthair, dream a raibh slad uafásach déanta acu a d’fhágfadh a lorg ar an bpobal sin go ceann deicheanna de bhlianta ina dhiaidh sin.
Laistigh de dhá lá ó dhúnmharú Seán Brown, dúirt Constáblacht Ríoga Uladh go raibh Óglaigh na nDílseoirí freagrach as an dúnmharú. Ach anois agus beagnach tríocha bliain caite, níl aon duine cúisithe.
Tá cáineadh ollmhór déanta ar thabhairt isteach an Achta um Oidhreacht na dTrioblóidí, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine, ag teaghlaigh na n-íospartach, agus chuir Rialtas na hÉireann, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe agus príomhpháirtithe uile an Tuaiscirt ina choinne.
Áirítear ar ghnéithe de na dlíthe foirm theoranta dhíolúine ó ionchúiseamh maidir le cionta a bhaineann leis na Trioblóidí do dhaoine a chomhoibríonn leis an gCoimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aisghabháil Faisnéise.
Agus sprioc-am an Achta um Oidhreacht na dTrioblóidí ag teannadh linn, déantar taifead in Murder of a GAA Chairman ar aistear mhuintir Brown agus iad ag iarraidh éagóir dhúnmharú a n-athar, a fir chéile agus a seanathar, Sean Brown, a chur ina cheart.
D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe ar an 11 Aibreán go mbeadh sé ag tógáil cás dlí in aghaidh an ionchoisne faoi bhás Sean Brown. Cé go bhfuil fiosrúchán poiblí iarrtha ag an gcróinéir maidir le bás Sean, tá sé roghnaithe ag rialtas na Ríochta Aontaithe dúshlán a thabhairt do chinneadh an Chróinéara faoi eolas a thabhairt don teaghlach inar aithníodh 25 duine a raibh amhras fúthu faoin dúnmharú agus inar tugadh le fios gur Gníomhairí Stáit a bhí i roinnt de na daoine sin a raibh amhras fúthu.
Bhain bás Sean corraí as gach cumann CLG in Éirinn. Bhí a sheanchara, Seamus Heaney, croíbhriste. Nuair a chuala sé an scéal, sheol sé facs chuig an Irish News chun dea-thoil agus macántacht Sean Brown a dhéanamh soiléir. Bliain roimhe sin, roinn Heaney an stáitse le Sean ag imeacht trasphobail a bhí eagraithe ag Brown sa chumann chun duais Nobel an fhile a cheiliúradh.
Beagnach tríocha bliain níos déanaí, níl siad tagtha chucu féin ón méid a d’fhulaing siad mar gheall ar bhás anabaí Sean. Cé go bhfuil na deicheanna de bhlianta caite ag muintir Sean i mbun feachtasaíochta, níl aon duine tugtha chun cuntais faoin gcoir seo, ach mar sin féin, tá lochtanna i bhfiosrúchán na bpóilíní nochta. Scrúdaítear i Murder of a GAA Chairman an fiosrúchán a rinneadh ar dhúnmharú Sean Brown agus ar an tslí a bhfuil muintir Brown fágtha ag streachailt le ceisteanna nár freagraíodh go fóill.
Féach ar Murder of a GAA Chairman Dé Luain an 22 Aibreán ag 9:35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.