An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin ag comóradh chúig mbliana fichead ar an aer
Beidh An Taobh Tuathail (ATT), clár ceoil éagsúil le RTÉ Raidio na Gaeltachta, á láithriú ag Cian Ó Cíobháin, chúig mbliana fichead ar an aer i mí Bealtaine 2024. Tá an seó cailiúil, ar ghlaoigh Gruff Rhys ó Super Furry Animals “one of the most radical radio shows in the world” air in agallamh san Irish Times, á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Lá Bealtaine 1999.
Beidh craoladh comóradh ceathrú céid ATT le clos ón Luan 29ú Aibreán go dtí an Aoine an 3ú Bealtaine le ceol nua le clos ar feadh na seachtaine nár h-eisíodh roimhe seo agus ná raibh ar clos lasmuigh de na háiteanna ina deineadh na taifid, le ceoltóirí atá molta sa bhaile agus i gcéin, leithéidí Peter Gordon, Works Of Intent, Dian Cécht, Blamhaus, Elliot Adamson, The Shen, Meljoann, Man Power, Junk Drawer agus Ambient Babestation Meltdown + Borai.
Chomh maith leis an gceilliúradh ar an aer, beidh Cian ag cur i láthair cóisir speisialta Disco Dána i gclub oíche Cuba sa Ghaillimh ar an Satharn 4ú Bealtaine. Dóirse oscailte ag a deich. Ticéid ar fáil ar Eventbrite.
Deir láithritheoir ATT, an craoltóir agus an ceirneoir (DJ) Cian Ó Cíobháin, Ciarraíoch ná fuil mallaithe, go raibh an raidió le clos ar fud an tí sa bhaile aige ó saolaíodh é. “Sar a raibh aon teilifís sa tigh ní raibh aon chaitheamh aimsire eile againn ach an raidio, é casta anáirde sa chistin ó mhaidean go hoíche. Do bhí m’athair, Seán Ó Cíobháin, ag obair le RTÉ Raidio na Gaeltachta agus bhí sé ar dhuine de na chéad iriseoirí in Éirinn a chuaigh i mbun nuacht áitiúil a chur i láthair ar an raidió. Ba bhreá liom uaireannta a thugadh sé go dtí an stuideo mé le linn m’óige, agus tá na cuimhní geala agam ar é a bheith ag cur agallaimh ar leithéidí Dolores O’Riordan ó na Cranberries agus an t-iar Thaoiseach Charles Haughey.”
“Níos déanaí agus mé ar ollscoil sa Ghaillimh i 1993, bhíos i láthair ag an gcéad chruinniú riamh a bhí ag Radio Soc go raibh sé mar aidhm acu stáisiún raidio a bhunú ar champas an choláiste. Tar éis dóibh mórán dua agus mórán foighne a chaitheamh leis an gcúram bunaíodh an staisiún – Flirt FM – agus tá sé ann fós. Bhíos féin ag bailiú ceoil le deich mbliana roimhe sin agus bhí bailiúchán cuíosach maith agam. Ní raibh uaim ach seans a fháil chun an méid ceoil a bhí agam a roinnt le daoine eile agus is ar Flirt FM a fuaireas an deis chun mo chéad cláracha ceoil raidió a chur i láthair.”
Nuair a d’fhág Cian an ollscoil d’oibrigh sé go sealadach i stiúidió RTÉ RnaG i gCasla, Conamara mar chraoltóir leanúnachais agus ag léamh faisnéisí aimsire. Thagadh críoch le craoladh an tráthnóna timpeall a h-ocht a chlog an uair úd, ach go luath sa bhliain 1999, fógraíodh go gcuirfí uaireannta a’ chloig breise le craoladh na hoíche. Ní raibh ó Chian ach gaoth an fhocail chun a chur ina luí ar a fhostóirí go mbeadh ar a chumas clár fónta ceoil oíche a chur i láthair. Chuir sé fiche leathanach do na moltaí a bhí aige i láthair na mbainisteoirí. Do bhíodar san sásta leis na moltaí agus b’in sin.
“Ba mhór an rud é ag an am úd éisteacht le ceol leictreonach nua-aimseartha ar RTÉ RnaG, “ arsa Cian, “áit na cloistí go dtí san ach ceol Gaelach traidisiúnta nó amhráin agus ceol tíre. Ba mhór an léim é dul ó éisteacht le amhránaithe ar an sean nós go dtí éisteacht le techno”.
Chomh maith le bheith ag cur An Taobh Tuathail i láthair, tá deich mbliana fichead caite ag Cian ÓCíobháin mar cheirneoir. Chuir lucht rince aithne air trína chlub 110th Street tráth, inar thug sé cuirí chun seinnte do Andrew Weatherall, Erol Alkan, Soulwax, Optimo agus daoine nach iad. Ó cuireadh deire leis an gcosc a bhain leis an ngalar Covid, tá sé ag cur oícheanta cheoil i láthair fén dteideal Disco Dána in áiteanna in Éirinn agus bíonn sé le clos ag casadh na gceirníní ag féiltí.
Ó shoin ar aghaidh tá cáil ar an gclár mar shár chlár ceoil oíche do shaineolaithe nua cheoil in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá an méid sin tárlaithe go mór mhór toisc go bhfuil saoirse ag an láithreoir a rogha féin ceoil fónta a chur i láthair, an ceol is fearr leis féin seachas é a bheith curtha fé gheasa ag na seinnliostaí a bhíonn rialaithe ag furmhór na stáisiúin raidio tráchtála. Is mó ceoltóir agus banna a casadh ar ATT don gcéad uair, sara rabhdar le clos in áiteanna eile.
Mar seo a cuireadh síos air ar an suíomh The Quietus, suíomh ceoil i Sasana: “It’s an obvious and lazy comparison to call presenter Cian Ó Cíobháin the Irish John Peel, but his laid back manner, combined with the eclectic and astonishing mix of sounds played on the programme, make him more worthy of the mantle than any other DJ I’m aware of in Britain or elsewhere today.” Bhí an méid seo le rá faoi ATT ag an Irish Independent: “one of the finest music shows ever produced on any station” agus chuir údar Dance Your Way Home, Emma Warren, an clár i gcomparáid le cláracha NTS faoi stiúir Andrew Weatherall. Le déanaí, ina colún sa nuachtán The Observer, mhol Miranda Sawyer an clár go dtí na h-árda: “ATT is an aural feast… An absolute treasure trove”.
Is dóigh leis an gCíobhánach go mhair an clár le chúig mbliana fichead toisc go bhfuil muinín ag daoine as. Toisc éisteoirí a bheith chomh gnóthach, creideann sé go gcaitheann siad muinín a bheith acu go ndéanfaidh duine paiseanta tochailt ar a son chun teacht ar phlúr an cheoil. Tá sé féin fiosrach i gcónaí agus tá suim diongbháilte aige i gceolta na cruinne. “Tá éirithe leis an seó go dtí seo mar nár tháinig aon laighdú sa dúil atá agam ceol nua a aimsiú,” ar sé. “Dúirt éisteoir liom gur cheap sí gur fíor sheirbhís craolta poiblí do dhaoine gur dúil leo ceol atá ann. Is údar bróid dom an méid sin a chlos.”
Tá cartlann cláracha le níos mó ná deich mbliana, chomh maith le liostaí craolta agus sruthú fuaime ar fáil anseo.