NA FIGIÚIRÍ IS DÉANAÍ EISITHE Ó CHOMHTHAIGHDE NÁISIÚNTA AR LUCHT ÉISTEACHTA (CNLÉ) MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RAIDIÓ RTÉ
- Aird ag níos mó ná dhá mhilliún duine fásta* nó 48% den daonra fásta ar sheirbhísí raidió RTÉ gach seachtain
- Le RTÉ 17 clár as an 20 clár raidió is mó lucht éisteachta arna gcraoladh in Éirinn
- Is é RTÉ Radio 1 fós an t-aon stáisiún a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil breis agus aon mhilliún** aige le hardú +53,000 ar an lucht éisteachta Bliain ar Bhliain
- Ardú +77,000 éisteoir Bliain ar Bhliain go dtí 764,000 tagtha ar líon na ndaoine a dtarraingíonn RTÉ 2FM a n-aird gach seachtain
- 316,000 duine a éisteann le RTÉ lyric FM gach seachtain anois, sin ardú +22,000 éisteoir Bliain ar Bhliain.
Ón am seo anuraidh, tá 53,000 éisteoir eile sa bhreis ag éisteacht le RTÉ Radio 1 i rith na seachtaine, tá ardú 77,000 éisteoir tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ 2FM, agus tá 22,000 éisteoir sa bhreis ag éisteacht le RTÉ lyric FM – a bhí 25 bliana ar an aer le gairid – i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
Maidir leis na figiúirí is déanaí seo, dúirt Leas-Phríomh-Stiúrthóir RTÉ, Adrian Lynch: “Tá seirbhísí raidió RTÉ ag leanúint de bheith ag ceangal le breis is 2 mhilliún duine Éireannach gach seachtain ar fud RTÉ Radio 1 mar aon le hardú a bheith ar an líon daoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ 2FM agus RTÉ lyric fm, rud atá ina léiriú ar an gcumhacht leanúnach atá ag an raidió agus ar an tábhacht a bhaineann le craoltóireacht seirbhíse poiblí a bheith ar na haerthonnta do lucht éisteachta na hÉireann. Tá muinín ag éisteoirí ar fud na hÉireann i seirbhísí raidió RTÉ mar fhoinse iontaofa nuachta, spóirt, shiamsaíochta agus cheoil agus is mar thoradh ar obair agus dúthracht mhór leanúnach fhoirne léirithe raidió RTÉ é sin. De réir mar a thagann athrú ar thírdhreach na meán, is foinse dhílis é an raidió i dtaobh ceangal a dhéanamh le lucht éisteachta na hÉireann, bíodh siad anseo sa bhaile nó thar lear.”
RTÉ Radio 1
Bíonn aird ag 888,000 éisteoir ar RTÉ Radio 1 ar laethanta na seachtaine (+43,000 Bliain ar Bhliain).
- Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba 469,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo (+32,000 Bliain ar Bhliain).
- Is é The Oliver Callan Show an tríú clár is mó lucht éisteachta ar lá den tseachtain in Éirinn, le 330,000 éisteoir aige gach lá.
- Bíonn 341,000 duine fós ag éisteacht le Today with Claire Byrne, ón 10 r.n. – 12 meán lae, Luan go hAoine, gach lá den tseachtain.
- Bíonn cluas ag 218,000 éisteoir (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) leis an gceol iontach ar The Louise Duffy Show.
- Tá 301,000 éisteoir ag News at One (+2,000 Bliain ar Bhliain).
- Bíonn lucht éisteachta 301,000 duine ag Liveline le Joe Duffy
- 181,000 duine a éisteann le The Ray D’Arcy Show ar RTÉ Radio 1 gach tráthnóna i rith na seachtaine.
- Éisteann 220,000 duine gach tráthnóna le Drivetime.
- Bíonn 225,000 (+21,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Countrywide maidineacha Dé Sathairn.
- 339,000 duine (+9,000 Tréimhse ar Thréimhse) de lucht éisteachta a bhíonn ag Playback Dé Sathairn
- 324,000 duine (+11,000 Tréimhse ar Thréimhse) de lucht éisteachta a bhíonn ag The Business gach maidin Dé Sathairn.
- 352,000 éisteoir ar an Satharn (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse) agus 355,000 éisteoir ar an Domhnach (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) atá ag The Brendan O’Connor Show anois.
- Tá lucht éisteachta 242,000 duine (+20,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
- Bíonn lucht éisteachta 213,000 duine (+9,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Saturday Sport/Doc On One idir 2-6 i.n. ar RTÉ Radio 1 agus lucht éisteachta 213,000 duine (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Sunday Sport.
- Bíonn 304,000 duine (+12,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht leis an gclár Sunday with Miriam
Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is tréimhse bhuanseasmhach do RTÉ Radio 1 é seo leis na deich gclár is mó sa tír a dtugtar cluas dóibh agus seacht gclár déag as na fiche clár is mó a dtugtar cluas dóibh á gcraoladh ar an stáisiún, 671,000 éisteoir bainte amach idir a naoi ar maidin agus meán lae gach lá den tseachtain agus an lucht éisteachta ag an deireadh seachtaine ag fás de réir a chéile. Caithfear aitheantas a thabhairt mar is gnách dár láithreoirí agus d’obair chrua ár bhfoirne léiriúcháin eisceachtúla agus do thacaíocht leanúnach ár n-éisteoirí.”
RTÉ 2FM
Bíonn 143,000 duine ag éisteacht le Doireann, Donncha agus Carl ar 2FM Breakfast ar mhaidineacha na seachtaine.
- Tá lucht éisteachta 135,000 duine éisteacht le clár Jennifer Zamparelli ón 9am-12pm ar 2FM.
- Baineann 121,000 (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) éisteoir taitneamh as an gceol iontach a bhíonn ag Tracy Clifford dóibh ag am lóin gach lá.
- Tá Drive It with The 2 Johnnies ag cur ábhar siamsaíochta ar fáil i gcónaí don lucht éisteacht ar fud na tíre gach tráthnóna agus is 151,000 éisteoir a bhíonn acu (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse)
- Bíonn 37,000 duine (+5,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Game On ar na hoícheanta i rith na seachtaine don chomhrá spóirt
- Bíonn 129,000 duine (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Laura Fox ón 9 r.n. – 12 meánlae ar an Satharn agus 120,000 duine (+5,000 Tréimhse ar Thréimhse) ar an Domhnach
- Bíonn lucht éisteachta 124,000 duine ar an Satharn agus 97,000 duine ar an Domhnach ag Roz and Emma on 2FM ón 12 meánlae – 3 i.n.
Is éard a dúirt Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Leanann 2FM den lucht éisteachta atá aige a ardú le sciar níos mó daoine idir 15 agus 34 bliana d’aois ag éisteacht leis anois. B’iontach an tréimhse a bhí ann do Tracy Clifford le fás láidir bainte amach tréimhse ar thréimhse agus bliain ar bhliain araon. Tá The 2 Johnnies agus The Breakfast Show fós ag neartú an ardaithe a tháinig ar an lucht éisteachta le gairid. Beidh Doireann ag fágáil 2FM Breakfast atá i riocht an-mhaith ina diaidh agus tá Laura Fox fós ag mealladh tuilleadh daoine chuig a seó ar an deireadh seachtaine. Is iontach an rud é foireann chomh cumasach a bheith againn ar an aer agus sa chúlra agus táim cinnte de go leanfaidh 2FM de bheith ag cruthú go maith an chuid eile den bhliain.”
RTÉ lyric fm
- 54,000 den phobal éisteachta a bhíonn ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin i rith na seachtaine.
- 46,000 duine a éisteann le Niall Carroll’s Classical Drivetime i rith na seachtaine
- 44,000 duine a bhíonn ag éisteacht le The Full Score with Liz Nolan / Aedín in the Afternoon (ar an Aoine).
- 56,000 duine a bhíonn ag baint sásamh as Lorcan Murray’s Classic Drive gach tráthnóna i rith na seachtaine.
- 58,000 (+4,000) duine a bhíonn ag éisteacht gach tráthnóna Sathairn le Movies and Musicals le Aedín Gormley
- 43,000 duine (+6,000 Bliain ar Bhliain) a bhíonn ag éisteacht le Daybreak le Evonne Ferguson maidin Dé Sathairn.
- 44,000 duine a bhíonn ag éisteacht leis The Hamilton Scores le George Hamilton Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh araon.
- 50,000 éisteoir (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) a bhíonn ag éisteacht le Sunday Afternoon with Simon Delaney/Seán Rocks on Sunday
- 33,000 éisteoir (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse agus +14,000 Bliain ar Bhliain) a bhíonn ag éisteacht le Opera Night with Paul Herriott
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Oibríonn RTÉ lyric fm go díocasach chun domhan an cheoil a thabhairt chomh fada leis an lucht éisteachta, bíodh sé ina cheol clasaiceach, traidisiúnta, jazz, scannáin nó ceoldrámaí. Rinneamar ceiliúradh ar an gcéad lá de Bhealtaine ar 25ú bliain an stáisiúin agus tuigimid an tóir mhór atá ag ár n-éisteoirí dílse ar an stáisiún le himeacht na mblianta. Cuirimid fáilte mhór roimh an 22,000 éisteoir nua atá bainte amach againn sa tréimhse seo a bhíonn ag éisteacht le ceol den scoth ar RTÉ lyric.
Bhí cláir ag an deireadh seachtaine láidir go háirithe sa tréimhse seo le hardú tagtha ar chláir ar an Satharn agus ar an Domhnach. Treisíonn an méadú atá ag teacht ar an lucht éisteachta go bhfuil áit luachmhar anois ag RTÉ lyric fm i saol lucht éisteachta na hÉireann, stáisiún atá ábalta sinn a thabhairt le chéile agus ar áit é, tá súil againn, a chuireann ola ar bhur gcroí.”