Fógraíonn RTÉ gurb í Rachael English an Láithreoir nua ar News at One ar RTÉ Radio 1
Tá sé fógartha ag RTÉ gurb í Rachael English an láithreoir nua a bheidh ar News at One ar RTÉ Radio 1. Tagann sí i gcomharbacht ar Bryan Dobson atá imithe ar scor. Tar éis di 14 bliana a chaitheamh ar fhoireann láithreoirí Morning Ireland, beidh an craoltóir ina láithreoir buan ag cur chlár suaitheantais raidió RTÉ Radio 1 ag am lóin i láthair, clár ag a mbíonn níos mó ná 300,000 éisteoir ó Luan go hAoine.
Ag labhairt di faoin athrú seo den chéad uair, dúirt Rachael English: “I mo thuairisceoir ar an News at One a bhí mé i gceann de na jabanna is túisce a rinne mé le RTÉ. Is ar an gclár céanna a d’oibrigh mé i mbun láithreoireachta den chéad uair, ag déanamh ionadaíochta. Bhí mé ag tnúth riamh le deis filleadh ar an gclár agus is cúis ríméid dom go bhfuil sin ag tarlú anois. Tá sé mar a bheinn ag filleadh ar m’áit dúchais. Ba mhór an phribhléid Morning Ireland a chur i láthair agus is mian liom buíochas a ghabháil le mo chuid comhghleacaithe a d’fhág nach é amháin gurbh éigean éirí ag a ceathair ar maidin ach gurbh fhiú sin a dhéanamh. Táim ag tnúth anois le hoibriú in éineacht le meitheal iontach an News at One.”
Dúirt Deirdre McCarthy, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ: “Tá an-mheas ar Rachael i mbun iriseoireachta agus is craoltóir den scoth í. Ábhar ríméid dom go mbeidh sí ag ceangal feasta leis an sárfhoireann iriseoirí ar News at One, ceann de chláracha suaitheantais an stáisiúin.
Tá an-chleachtadh, mar gheall ar Morning Ireland a chur i láthair, ag ár gcuid éisteoirí ar Rachael ar dheonaigh Gradaim Raidió IMRO cuireadh isteach i Seomra na Laoch di le gairid. Leanfaidh sí dá cuid grinnis agus dúthracha a chaitheamh leis an ról nua, mar is dual do chlár lena mbaineann leas an phobail. Tá sí thar cionn i mbun na gceisteanna is géarchúisí a chur, na ceisteanna sin ar mian leis an lucht éisteachta freagra a chloisteáil orthu, na ceisteanna trína gceanglaítear cuntasacht ar lucht cumhachta. Cinnteoidh an taithí atá aici ar an gcraoltóireacht, an tuinn thomhaiste cainte agus an urlabhraíocht chinnte chalma go leanfaidh na héisteoirí de chluais a thabhairt don chlár lá i ndiaidh an lae.”
Thosaigh Rachael le RTÉ sa bhliain 1991 ina léitheoir nuachta ar 2fm. D’oibrigh sí ina dhiaidh sin ina tuairisceoir ar Morning Ireland; ar an News at One, ar Today With Pat Kenny agus ar Nuacht Teilifíse RTÉ. Ar an gclár Five Seven Live (RTÉ Radio 1) a bhí Rachael i mbun láithreoireachta go lánaimseartha den chéad uair. Chuir sí The Late Debate agus Saturday View i láthair freisin sular cheangail sí le Morning Ireland sa bhliain 2010. D’oibrigh sí freisin ar roinnt sraitheanna speisialta. Áirítear orthu sin The Constituency, dírithe ar na ceisteanna agus ar na hiarrthóirí a bhain le gach ceann faoi leith de na Dáilcheantair agus The Big Science Debate ina ndearna painéal saineolaithe plé ar na ceisteanna móra eitice a bhí roimh lucht na heolaiochta mar gheall ar chora nua i réimsí éagsúla.
Ón mbliain 2002 i leith, tá sí ina láithreoir ar chláracha RTÉ Radio 1 maidir le torthaí Olltoghcháin. Tá cur i láthair déanta freisin aici ar chomhaireamh na vótaí i dtoghcháin
áitiúla, i dtoghcháin na hEorpa agus i dtoghcháin Uachtaránachta chomh maith le bheith ina príomhláithreoir ar chláracha faoi thoghcháin arna gcraoladh as Béal Feirste, as Londain agus as Washington. D’oibrigh sí ina tuairisceoir agus ina láithreoir ar réimse ollmhór scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta, síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta, na Cluichí Oilimpeacha agus ionsaithe an aonú lá déag de Mheán Fómhair i Nua-Eabhrac agus eile. Tugadh aitheantas sa bhliain 2022 don tsárobair chraoltóireachta atá déanta ar an raidió in Éirinn ag Rachael nuair a dheonaigh Gradaim Raidió IMRO cuireadh isteach i Seomra na Laoch di.
Tá seacht gcinn d’úrscéalta foilsithe ag Rachael agus bhí an ceann is deireanaí acu, Whatever Happened to Birdy Troy?, le háireamh ar an deich gcinn de leabhair ba mhó díolachán. Ghnóthaigh sí céim sa chumarsáid ó Ollscoil Cathrach Bhaile Átha Cliath sular thosaigh ar a saol oibre le Clare FM in Inis. As Sionainn i gContae an Chláir í ó dhúchas.
Tosóidh Rachael ag cur an News at One i láthair ar RTÉ Radio 1 Dé Luain an 15 Iúil.
Nótaí:
Tá News at One ar RTÉ Radio 1 ar cheann den deich gcinn de chláracha is mó lucht éisteachta in Éirinn le 301,000 éisteoir. Craoltar an clár tráthúil nuachta ag a 1.00 i.n. ó Luan go hAoine ar RTÉ Radio 1.
Beidh folúntas á fhógairt anois maidir le ról láithreora le Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ.