2FM – Fuaimeanna Séasúracha an tSamhraidh ar do Chluais
45 Bhliana Slán ag an Stáisiún ag Fónamh do Cheoltóirí na hÉireann & a gcuid Ceoil
Beidh Aifric O’Connell ar an gclár 2FM Breakfast, agus beidh na criosanna ceangailte ag Lottie Ryan agus David O’Reilly don chlár Drive idir a 3 agus a 6 i.n.
RTÉ 2FM stáisiún an cheoil an samhradh seo, siamsa agus sásamh ag an lucht éisteachta de lá agus d’oíche, leis an gcuid is fearr den cheol, den chaint agus den chomhrá ina ábhar taitnimh ar na cluasa ar feadh an tséasúir.
Inniu, an 31 Bealtaine, cothrom an lae 45 bliain ó shin ar cuireadh 2FM ar bun agus leanann an stáisiún i rith an tsamhraidh ag fónamh go dúthrachtach do cheoltóirí na hÉireann.
Beidh RTÉ 2FM amuigh ar an láthair ag féilte éagsúla, ina measc féile Forbidden Fruit an deireadh seachtaine seo agus Electric Picnic sa Sráidbhaile, Contae Laoise, ionas go mbíonn agallaimh le cloisteáil beo ag an lucht éisteachta chomh maith le roinnt de na ceoltóirí is iomráití ag seinm beo dóibh. An deireadh seachtaine seo, beidh ceol ó cheoltóirí 2FM Rising agus iad ag seinm ag féile Forbidden Fruit le cloisteáil ar 2FM Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus tabharfaidh Beta Da Silva lucht leanúna ardáin shóisialta RTÉ chuig an bhféile ar feadh an deireadh seachtaine freisin. Beidh 2FM ag obair as lámha a chéile leis an bhféile We’ve Only Just Begun i mBaile Átha Cliath freisin amach sa samhradh.
Cloíonn 2FM leis an dúthracht maidir le fónamh do cheoltóirí na hÉireann agus ealaíontóirí na hÉireann le tionscadail bhliantúla, 2FM Rising agus duais ceoil Choice RTÉ ina measc. Faoi 2FM Rising, bíonn an stáisiún ina chrann taca ag deich gcinn de cheoltóirí nó de bhannaí gach bliain – Big Sleep, Brad Heidi, Chubby Cat, Jordan Adetunji, Qbanaa, Saibh Skelly, Shee, Sick Love, Strabe agus The Cope i mbliana. Áirítear i measc na ndaoine agus na mbannaí a ndearnadh fónamh ar an gcaoi sin dóibh roimhe seo Kennedy, Denise Chaila, Lyra, Pillow Queens, The Murder Capital agus Wild Youth.
Beidh tús á chur le sceideal an tsamhraidh ar 2FM Dé Máirt ar 2FM Breakfast le Donncha, Carl & Aifric, an chéad lá ag Aifric O’Connell ar an seó in éineacht le Carl Mullan agus Donncha O’Callaghan ó 6 ar maidin. Ceol agus comhrá, éisteoirí ar an fón agus neart grinn – tús maith leis an lá!
Ón 9 ar maidin go dtí an meán lae ó Luan go hAoine, beidh The Laura Fox Show á chur i láthair ag Laura le craic, caint agus ceol, míreanna éagsúla a mbíonn ráchairt orthu, ina measc What the Fox? agus Autotune Fortune nuair a thugtar dúshlán do dhaoine glór a aithint nuair atá cuma iomrallach curtha air. Tracy Clifford on 2FM ón 12 meán lae go dtí an 3 tráthnóna an lón cluaise a bhíonn ag daoine leis an lón boilg, an ceol is deireanaí nár chuala siad fós, an ceol is fearr a chuala siad cheana agus an taifeadadh is nuaí ó sheisiúin cháiliúla Stiúideó a hOcht.
Lottie Ryan agus David O’Reilly na láithreoirí ó Luan go hAoine ar 2FM Drive with Lottie & David. Níl beirt níos spraíúla ná Lottie agus David agus is éadroime a bheidh an croí ag muintir na tíre ar an turas abhaile ón obair leis na hamhráin bhreátha, na duaiseanna iontacha agus greann agus gáire ar feadh an bhealaigh abhaile ón 3-6 tráthnóna.
Leantar le Game On idir a 6 agus a 7 tráthnóna leis na scéalta spóirt is nua. Marie Crowe agus Ruby Walsh a chuirfidh an seó i láthair. Beidh Beta Da Silva on 2FM á chraoladh ó Luan go Déardaoin ón 7-9 tráthnóna agus cuireadh ó Beta don féachana cluas éisteachta a thabhairt d’amhráin nua, do thograí úra agus do na ceolchoirmeacha is deireanaí chomh maith le tuairisc mheáite faoi albaim agus rogha leathanréimseach ceoil ar fud na seánraí go léir.
Cuireann Jenny Greene an rogha is milse den cheol Indie agus Leictreonach i dtoll a chéile ón 9-11 san oíche ó Luan go Déardaoin ar The Greene Room chomh maith le caint agus comhrá le pearsaí iomráiteacha i saol an cheoil, na scannánaíochta agus na siamsaíochta. Leanann Dan Hegarty – The Alternative sin ón 11 san oíche go dtí an 1 ar maidin nuair a bhíonn athleagan rac-cheoil, popcheoil leictreonaice, ceol hip-hop agus ceol reigé á sheinm aige ar an dara rogha ag daoine seachas an suan.
Cuireann Tara Walsh tús maith le maidineacha an tSathairn agus an Domhnaigh le Weekend Breakfast on 2FM ón 7 go dtí an 9 a chlog. Bíonn Bláthnaid Treacy ar an aer Satharn agus Domhnach ón 9 ar maidin go dtí an meán lae agus coinneoidh Roz & Emma ábhar siamsa leis na héisteoirí ón meán lae go dtí an 3 tráthnóna laethanta an deireadh seachtaine. Conor Behan an láithreoir idir a 3 agus a 6 tráthnóna, Satharn agus Domhnach, agus craoltar The Electric Disco ina dhiaidh sin le Jenny Greene, agus Dave Treacy ón 8 go dtí an 10 san oíche.
Deir Dan Healy, Ceannasí RTÉ 2FM: “Is breá linn gur le hAifric, Lottie agus David, láithreoirí cumasacha de chuid 2FM féin, atá sceideal an tsamhraidh á neartú againn. Is é gnás 2FM cláracha a chur i láthair ag meascán idir láithreoirí a d’fhoghlaim an cheird leis an stáisiún seo agus láithreoirí seachtracha a bhfuil aird an lucht féachana óg orthu. Ar an lucht éisteachta a bhíonn an bhéim ón tús agus is le haird iomlán orthusan a leagadh sceideal an tsamhraidh seo amach. Is é mo thuairim féin gur ar 2FM a leagtar an cúram is spreagúla in RTÉ. Is é an misean a chuirtear romhainn lón eolais agus siamsa a chur ar fáil don lucht éisteachta óg le hábhar ceoil, cainte agus spóirt. Bíonn cuid mhór ceoil agus spóirt ar siúl i rith an tsamhraidh agus beidh 2FM ina cheartlár. Leanfar ag obair go dian dúthrachtach ag cothú an stáisiúin leis an gcéad ghlúin eile de láithreoirí 2FM, níl baol ar bith go mbeifí gann i láithreoirí den chaighdeán agus den chumas ceart.”
NOTAÍ
Tá glór ag Lottie Ryan a aithníonn éisteoirí 2FM go ginearálta mar gheall ar Entertainment News a chur i láthair ó Luan go hAoine chomh maith le sealanna ionadaíochta a dhéanamh ag cur Breakfast Republic i láthair i rith na blianta 2018 agus 2019. Bhí sí ina láithreoir freisin ar Weekend Breakfast. Ba í Lottie a bhuaigh an ceathrú séasúr de Dancing with the Stars sa bhliain 2020 agus rinne sí láithreoireacht ina dhiaidh sin ar phodchraoladh oifigiúil RTÉ maidir le DWTS.
Tá Aifric O’Connell ag obair go lánaimseartha le 2FM ón mbliain 2017 i leith. Rinne sí ionadaíocht thar ceann Larry Gogan (nach maireann) agus bhí ina láithreoir ina dhiaidh sin ar Weekend Breakfast. D’oibrigh Aifric freisin ina taighdeoir ar The Dave Fanning Show. D’athraigh sí go tráthanna craolta tráthnóna i ndeireadh na bliana 2021 agus bíonn sí le cloisteáil go rialta ar chláracha éagsúla, Drive it with the 2 Johnnies ar an gclár is deireanaí acu sin.
Bíonn David O’Reilly le cloisteáil ar chláracha éagsúla de chuid 2FM i rith an lae agus bhí sé ina láithreoir ar Bank Holiday Breakfast. Bhí sé ar an stáitse i seónna West End i Londain de leithéid The Book of Mormon, Grease agus Catherine Tate Live. Bhí David le feiceáil i bpáirt Bean sa tsraith iomráiteach Benidorm ar ITV chomh maith le bheith in Christmas on Mistletoe Farm ar Netflix. I measc na gcláracha teilifíse a raibh sé iontu in Éirinn, áirítear Elaine ar Virgin Media One arbh é an comhfhreagraí siamsaíochta air é gach seachtain. Ba é David an príomhléiritheoir agus an láithreoir ar An Evening with Jennifer Saunders agus lean uaidh sin go ndearna sé An Evening with Kathy Burke and Judi Dench a léiriú.