Tionscal na gcapall in Éirinn agus san Eoraip le fiosrú ag RTÉ i mBeart Mór Fiosrúcháin a chraolfar dhá oíche i ndiaidh a chéile an tseachtain seo romhainn
Feictear ar phíosaí scannánaíochta ó cheamaraí ceilte drochíde á tabhairt go rialta agus de réir córais do chapaill
– Oíche Dé Céadaoin agus oíche Déardaoin ar RTÉ One agus ar RTÉ Player ar fud an domhain
FÉACH: RTÉ Investigates: Horses – Making a Killing
Tá beart mór fiosrúcháin déanta ag RTÉ Investigates faoi thionscal na gcapall in Éirinn agus san Eoraip agus foilseofar a thoradh Dé Céadaoin agus Déardaoin ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Trí leas a bhaint as ceamaraí ceilte, léiríonn RTÉ Investigates an íde a bhíonn le fulaingt ag capaill áirithe nuair nach mbíonn aird na ndaoine orthu níos mó.
Tá gean faoi leith ar an gcapall ag muintir na hÉireann – is gnáthchuid den saol an capall maidir le cúrsaí pléisiúir agus fóillíochta, gnóthaí rásaíochta agus seóléimní, agus fiú amháin mar pheata. Déanann RTÉ Investigates cíoradh ar thionscal na gcapall go bhfeictear an modh ina maraítear roinnt de na capaill sin sa tír seo an tráth céanna a gceanglaítear malairt sonraí aitheantais le tuilleadh acu a ndéantar a dtrádáil ar fud na hEorpa.
Tá €76m de chúnamh Stáit geallta i mbliana do thionscal na rásaí capall sa tír seo. Ach déantar na mílte capall a thógáil bliain i ndiaidh bliana sa tír chun an tionscail sin, agus gnóthaí eile eachaíochta, a choinneáil ar bun. Cad a tharlaíonn do na hainmhithe sin nuair nach bhfónann siad don chúram níos mó, nó an tráth ar ródhaor iad a choinneáil?
Tugadh chun suntais leis an saothar fiosrúcháin seo freisin gur easnamhach an córas atá i bhfeidhm maidir le tuairisc a choinneáil ar chapaill agus go bhfuil faillí ina leith sin ina bhagairt maidir le slabhra bia an duine ar fud na hEorpa. Tá bearta imscrúdúcháin curtha ar bun ar fud na hEorpa cheana féin mar gheall ar an saothar seo.
Déanann RTÉ Investigates anailís ar shonraí trínar féidir, den chéad uair riamh in Éirinn, buneolas faoi na capaill a seoladh lena marú a chíoradh. Níorbh fhéidir riamh go dtí anois an ceangal idir rásaíocht capaill agus tionscail an tseamlais a ríomh ar an gcuma seo.
Fágann na sonraí ar chumas iriseoirí RTÉ Investigates na mílte capall a chuaigh tríd an t-aon seamlas eachra amháin ag a bhfuil ceadúnas capaill a mharú in Éirinn a ríomh ar ais siar go dtí na húinéirí roimhe sin.
Capaill folaíochta ráis mórchuid na gcapall, ainmhithe a rith níos mó ná 3,000 rás agus a shaothraigh níos mó ná €1.5 milliún dá gcuid úinéirí ar chúrsaí ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na Fraince agus capaill ar bhuaigh lucht cearrbhachais i bhfad níos mó ná sin orthu.
Cuirfidh a bhfuil le feiceáil ar na píosaí scannánaíochta ó na ceamaraí ceilte sa chlár faisnéise Dé Céadaoin uafás ar an lucht féachana, fianaise é ar dhrochíde a bheith á imirt go rialta agus de réir córais ar chapaill agus bearta a bheith ar siúl atá ina bhagairt do shábháilteacht shlabhra an bhia.
Deir an tOllamh Christopher Elliot, an té a chuir Institiúid Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste maidir le Slándáil Bia ar fud an Domhain ar bun: “Tá mise isteach is amach le 45 bhliana ag tabhairt cuairteanna ar sháinseáin agus ar sheamlais. Ní fhaca mé a leithéid seo riamh. Tá seo… tá seo éagsúil le haon ní a chonaic mé cheana goilleann sé go mór ar dhuine, is deacair a chreidiúint.”
Foilseofar eolas faoin mbeart leathanréimseach fiosrúcháin, agus faoi thorthaí an fhiosrúcháin sin, i gclár géarchúiseach faisnéise aon uair a chloig dar teideal RTÉ Investigates: Horses – Making a Killing a chraolfar oíche Dé Céadaoin, an 12 Meitheamh ag 9.35 i.n. ar RTÉ One agus beidh tuairisc speisialta eile ar Prime Time oíche Déardaoin ag 9.35pm ar RTÉ One.
Beidh an clár faisnéise agus an tuairisc speisialta, dhá oíche i ndiaidh a chéile, ar fáil ar an RTÉ Player ag an lucht féachana ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain ar fad le sruthchraoladh, beo nó ar atráth. www.rte.ie/player
Féach RTÉ Investigates: Horses – Making a Killing, Dé Céadaoin, an 12 Meitheamh ag 9.35 i.n. ar RTÉ One agus ar an seinnteoir RTÉ Player.