Fógraítear foireann cóitseála na bliana seo do Ireland’s Fittest Family
Anna Geary agus Sonia O’Sullivan in iomaíocht lena chéile den chéad uair
Tá i ndán go mbeidh an choimhlint níos géire ná mar a bhí riamh ar an séasúr is deireanaí de Ireland’s Fittest Family, le Sonia O’Sullivan, Anna Geary, Davy Fitzgerald agus Donncha O’Callaghan ag féachaint leis an gceann is fearr a fháil ar a chéile agus an sártheaghlach a thabharfaidh craobh na bliana seo leo a chóitseáil.
Tá Anna, an t-imreoir camógaíochta, ar ais ar an seó tar éis di an chéad pháiste a thabhairt ar an saol. Níor ghéill Anna orlach in aon choimhlint riamh agus tiocfaidh sí san iomaíocht le Sonia agus Donncha, beirt laochra spóirt eile as Corcaigh, agus Davy, an t-iarimreoir iománaíochta as Contae an Chláir. Seo é an dara séasúr ag Sonia anois agus bheidh taithí na bliana seo caite le cur aici leis an taithí céatach atá aici ar iomaíocht ar na leibhéil is airde ar domhan, na Cluichí Oilimpeacha san áireamh.
Laura Fox an láithreoir agus feicfear ar an tsraith is deireanaí de Ireland’s Fittest Family réimsí dúshlán de chineálacha nua le sárú, ‘The Drop Zone’ agus ‘Raft Rage’ ina measc. Beidh 16 theaghlach as gach cearn den tír á fhéachaint lena chéile ar feadh na gcúrsaí coscartha a chuirfidh croí ag bualadh agus cuisle ag preabadh ag iarraidh ceann scríbe a bhaint amach ar an gcéad duine, nó fiú an cúrsa a chríochnú ar chor ar bith.
Faoi stiúir Dhonncha O’Callaghan a bhí muintir Stratford an Chábháin, buaiteoirí na bliana seo caite, nuair a thug siad an chraobh leo i Séasúr 11 de Ireland’s Fittest Family.
Ag labhairt di faoina bheith ar ais ar an tsraith, dúirt Anna: “Is breá liom a bheith ar ais ar Ireland’s Fittest Family don séasúr seo. Tá géarú coimhlinte agus ardú caighdeáin i gcónaí ann. D’airigh mé uaim go mór é – na teaghlaigh, an criú, an iomaíocht idir na cóitseálaithe, na sceitimíní roimh thús an ráis. Rinne Donncha go maith. Tugadh seans dó agus d’fháisc sé go teann. Ach sin sin anois, beidh mise go diongbháilte ag iarraidh an chraobh sin a thabhairt liom arís!”
Ag trácht di ar an dara séasúr aici féin, dúirt Sonia: “Is iontach an rud a bheith ar ais ar Ireland’s Fittest Family. Tá tuiscint mhaith agam anois ar a dtarlaíonn agus gach rún agam leas a bhaint as taithí na bliana seo caite go gcruthaím níos fearr arís i mbliana, fanacht chun cinn ar Anna agus ar Davy agus coinneáil ag coimhlint le Donncha go dtagann na babhtaí craoibhe ionas go bhféadaim dul san iomaíocht ag féachaint le gradam Ireland’s Fittest Family 2024 a bhuachan.”
Tá an tsraith á léiriú faoi láthair agus dúshlán na dteaghlach á thabhairt ar bhealaí nua a fhanfaidh i gcuimhne na n-iomaitheoirí féin agus i gcuimhne an lucht féachana. Beidh teaghlaigh as gach cearn den tír san iomaíocht don duais mór.
Beidh an séasúr is deireanaí de Ireland’s Fittest Family le feiceáil níos deireanaí i mbliana ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.