Sraith nua de chláracha faisnéise faoin teideal Path to Paris ina ríomhtar, agus muid ag teannadh le Cluichí 2024, scéal iomaitheoirí de chuid na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus sna Cluichí Parailimpeacha
Sraith nua de chláracha faisnéise faoin teideal Path to Paris ina ríomhtar, agus muid ag teannadh le Cluichí 2024, scéal iomaitheoirí de chuid na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus sna Cluichí Parailimpeacha
Beidh an chéad chlár ar a bhfeictear Rhasidat Adeleke, Gearóid McDaid, Eve McCrystal agus Katie-George Dunleavy á chraoladh Déardaoin an 27 Meitheamh ag 10:15 i.n.
Is sraith cláracha faisnéise ríspéisiúla Path to Paris ina bhfeictear roinnt de na hiomaitheoirí is fearr a bhfuil seans ar bhonn acu agus iad ag féachaint le cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha agus do na Cluichí Parailimpeacha. Tá an scannánaíocht do Path to Paris ar siúl le trí bliana anuas agus tugtar léargas lom, ionraic, macánta ar an díocas, an díograis agus an dícheall a chaitheann iomaitheoirí na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus sna Cluichí Parailimpeacha leis an iarracht.
I dtrí cinn de chláracha aon uair a chloig, tabharfar deis don lucht féachana léargas a fháil ar shaol pearsanta agus ar shaol proifisiúnta na lúthchleasaithe iontacha seo agus iad ag plé le gnáthdheacrachtaí an tsaoil an tráth céanna leis an taisteal ar fud an domhain ag féachaint lena sárdhícheall a dhéanamh i mbun iomaíocht spóirt. Beidh réimse spreagúil iléagsúil lúthchleasaithe le feiceáil ar Path to Paris, a scéal sainiúil féin ag gach duine acu.
EAGRÁN A hAON
Déardaoin, an 27 Meitheamh, 10:15 i.n.
Rhasidat Adeleke (Lúthchleasaíocht)
Ríomhtar scéal Rhasidat ó shaol an lúthchleasaí ollscoile in Austin, Texas go dtagann an bhean as Tamhlacht ó dhúchas chun cinn mar shárlaoch nua na Lúthchleasaíochta in Éirinn agus í ar na daoine is mó a mbeifí ag tuar go mbuafaidh sí bonn sa rás 400m i bPáras.
Gearóid McDaid (Surfáil)
Is léir an dúspéis agus an dúthracht is gá i mbun cheann de na cineálacha spóirt is nua sna Cluichí Oilimpeacha ó thuras Ghearóid amuigh ar na tonnta agus in ionaid iargúlta surfála. As Sligeach ó dhúchas é Gearóid agus is léir an mianach agus an diongbháilteacht atá ann agus an dlúthcheangal leis an bhfarraige ar a scéal sa chlár seo agus é ag féachaint le dul i bhfeidhm ar an leibhéal is airde den tonnmharcaíocht go hidirnáisiúnta agus ábhar spreagtha a thabhairt do ghlún nua surfálaithe in Éirinn.
Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal (Rothaíocht Tandaim)
Is fada iomrá ar Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal maidir le spórt parailimpeach in Éirinn mar gheall ar bhearta iontacha na beirte ag buachan arís agus arís eile, boinn airgid agus óir sna Cluichí Parailimpeacha san áireamh. Is iad cluichí na bliana 2024 na cluichí deireanacha ag a mbeidh an bheirt in éineacht, clabhsúr á chur le ré iontach buanna agus buaicphointí spreagúla. An féidir leo bonn a thabhairt leo arís ar son na hÉireann ainneoin ghéire na hiomaíochta?
EAGRÁN A DÓ
Déardaoin, an 11 Iúil, 10:15 i.n.
Rhys McClenaghan (Gleacaíocht)
Tá gach bonn dá iomráite tugtha leis ag Rhys McClenaghan ach amháin bonn Oilimpeach. Ríomhtar scéal a shaoil ar feadh na dtrí bliana a d’fhág ina Churadh an Domhain faoi dhó é tar éis dó deacrachtaí le heaspa misnigh a shárú agus a fhágann an Bonn Óir á thuar dó i bPáras – an ceann atá ar iarraidh go fóill i mbailiúchán na mbonn sa bhaile aige.
Nhat N’Guyen (Badmantan) agus Tham N’Guyen (Tógáil Meáchan)
Deartháir agus deirfiúr an bheirt seo a bhfuil éagsúlacht áirithe le cúrsa an tsaoil anois acu cé gur faoin aon díon amháin a tógadh iad. Tá Nhat, a bhí san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo, ag iarraidh cáiliú do na cluichí den dara huair agus a dheirfiúr Tham – ar mór an spreagadh di éachtaí a dearthára, ag iarraidh cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i mbun Tógáil Meáchan an tráth céanna a bhfuil clann óg uirthi agus gnólachtaí beaga á rith aici. I Vítneam a rugadh an bheirt a bhí óg nuair a athraíodh ina gcónaí go hÉirinn. Ríomhtar scéal na beirte sa chlár faisnéise agus iad ag féachaint leis na deacrachtaí a bhaineann le hiomaíocht ar shárleibhéal spóirt a shárú gan neamhaird a dhéanamh den saol pearsanta.
EAGRÁN A TRÍ
Déardaoin, an 18 Iúil, 10:15 i.n.
Hiko Tonosa Haso (Rásaíocht Maratóin)
Ina dhídeanaí a tháinig Hiko go hÉirinn, trí chóras an tsoláthair dhírigh, agus tá ionadaíocht déanta aige ar son na tíre ar na leibhéil is airde. Ríomhtar a scéal sa chlár seo agus é ag féachaint le hathrú go dtí rásaí maratóin agus cáiliú don rás sin sna Cluichí Oilimpeacha.
Nicole Turner (Snámh)
Cé nach bhfuil sí ach bliain agus fiche, tá seanchleachtadh cheana féin ag Nicole Turner ar na Cluichí Oilimpeacha agus iomaíocht déanta aici faoi dhó cheana roimh chluichí na bliana seo i bPáras. Bhuaigh sí bonn airgid i dTóiceo agus is mór a théann sí i bhfeidhm ar shaol na rásaí snámha mar gheall ar a cuid díograise agus díocais. Tá sí ag iarraidh bonn óir a bhuachan i bPáras.
Kellie Harrington (Dornálaíocht)
Bhí scannánaíocht ar siúl agus laoch na gCluichí Oilimpeacha i dTóiceo ag dul trí thréimhse corraitheach ina saol, taobh amuigh den fháinne, agus istigh ann, agus cluichí Phárais ag teannadh léi. Táthar ag tnúth le cuid mhór ón seaimpín agus tá brú uirthi agus deacrachtaí nua le sárú aici ag ullmhú agus ag traenáil do chluichí 2024 ag súil le bonn óir a thabhairt léi in athuair.
Darragh Bambrick a rinne scannánaíocht agus stiúrthóireacht ar an tsraith Path to Paris. Seo é an ceathrú uair aige sraith faoi na Cluichí Oilimpeacha a dhéanamh do RTÉ. Tá sé le 15 bliana
anuas ag coinneáil súil ar fud an domhain ar iomaitheoirí na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus sna Cluichí Parailimpeacha agus ag cur a gcuid scéalta i láthair.
Féach an chéad chlár den tsraith Path to Paris ar RTÉ One agus RTÉ Player Déardaoin, an 27 Meitheamh, ag 10:15 i.n.