Micheál Ó Muircheartaigh 1930 – 2024
D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Micheál Ó Muircheartaigh, an craoltóir agus tráchtaire spóirt iomráiteach tar éis bháis. Bhí a mhuintir ina fhochair in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath nuair a bhásaigh Micheál ar maidin.
Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair 2010, lá a raibh Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar an Dún sa pheil, an uair dheireanach a ndearna Micheál tráchtaireacht ar Chluiche Ceannais na hÉireann. Bhí níos mó ná 60 bliain caite ó thosaigh sé ag fónamh do RTÉ.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Ag labhairt dó an tráth a ndeachaigh sé ar scor, dúirt Micheál ‘Ní bhíonn in aon ní ach seal. Sin mar atá an scéal.’ Bhí sé críonna, mar a bhí sé umhal, ach má shaothraigh sé seal fada, is faide arís – agus ar chúis mhaith – a mhaireann a cháil. Thug sé leis brí gach ócáid spóirt agus chuir sé an bhrí sin i láthair go paiteanta do na glúnta Éireannach. Bhí a chroí sna cluichí Gaelacha mar a bhí chomh mór céanna sa Ghaeilge agus ina áit dúchais i gCiarraí. Maireann craobhacha cuimhne agus oidhreachta go tréan láidir mar gheall ar shíolta a chuir an fear uasal seo i ngort an spóirt agus an chultúir in Éirinn, i saol a theanga dúchais agus i saol an náisiúin.”
Is éard a dúirt Declan McBennett; Grúpcheannasaí Spórt RTÉ: “Dá bhféachfaí le laochra na craoltóireachta a chúngú agus a chúngú, bheadh Micheál fós le háireamh ar an dream is lú, agus ab fhearr, acu. Ba í caint Mhichíl urlabhra na gCluichí Gaelacha agus mairfidh foclaíocht dá chuid. Bhí ann lán na tíre a mhealladh agus a spreagadh lena chuid tráchtaireachta agus ba mhór leis an uile dhuine a chuid croíúlachta agus a chuid eolais, a chuid léargais agus a chuid éirime, tréithe ab fhollas i gcónaí ar an raidió, ar an teilifís agus i ré na meán digiteacha tráth ab fhaide anall.”
Is éard a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Bhí sé tugtha don Ghaeilge agus bhíodh sé tógtha léi. Chuaigh sí go smior ann mar a chuaigh an cumas, i nGaeilge nó i mBéarla, samhlaíocht éisteoirí ar fud na tíre a thabhairt, de bharr fheabhas a chuid tráchtaireachta, ar aon láthair leis féin ag faire ar chluichí peile agus iománaíochta tráthnóna Domhnaigh. Ceardaí focal a bhí ann a chuir daoine faoi gheasa agus a rinne fathaigh de na himreoirí ar pháirc na himeartha agus bhí uaisleacht ag baint leis i gcónaí. Tá laoch ar lár.”
I nDún Síon, gar do Dhaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí, a rugadh é sa bhliain 1930. Tráchtaireacht i nGaeilge ar Chluiche Ceannais Chorn an Bhóthair Iarainn an chéad chúram a rinne sé do RTÉ ar Lá Fhéile Pádraig 1949. Lean sé air ag múinteoireacht go dtí na 1980idí nuair a chuaigh sé leis an gcraoltóireacht go lánaimseartha le RTÉ.
Bhí tráchtaireacht raidió i mBéarla á dhéanamh aige ar RTÉ ón mbliain 1956 agus thosaigh Micheál ar thráchtaireacht teilifíse sa bhliain 1962 nuair cuireadh tús leis na cluichí a chraoladh ar an meán sin. Lean sé i mbun tráchtaireachta i nGaeilge ar Chluichí Leathcheannais agus ar Chluichí Ceannais na Mionúr, san iománaíocht agus sa pheil, ar an teilifís go ceann 25 bliain agus níos faide. Nuair a d’éirigh Mícheál O’Hehir as an gcraoltóireacht i lár na 1980idí, tháinig Micheál Ó Muircheartaigh i gcomharbacht air ina phríomhthráchtaire ag RTÉ.
Is mian le RTÉ comhbhrón a dhéanamh le muintir Mhichíl, lena chuid cairde agus lena chuid comhghleacaithe. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Tá taispeántas ar líne faoi leith ar fáil ag RTÉ Archives | Mícheál O’Muircheartaigh (rte.ie)