Treo Nua: Ráiteas Straitéise (2025 – 2029) foilsithe ag RTÉ
- Leagtar amach fís bunathraitheach sa straitéis nua de réir mar atá RTÉ ag athrú ó bheith ina chraoltóir traidisiúnta go dtí an ceann scríbe sruthaithe is fearr le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann
- Tá Creat Rialachais nua agus Plean Cur i bhFeidhm an tSainchoiste Chomhairligh á bhfoilsiú ag RTÉ freisin
“Tá rún daingean againn RTÉ a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh sé láidir nua-aimseartha, go mbeidh ról aige i saol na hÉireann, go mbeidh muintir na hÉireann bródúil as agus go dtabharfar toradh níos fearr don phobal a ndéanaimid freastal air”- Kevin Bakhurst
· Cúig sprioc chun bunathrú a bhaint amach, trí phríomhthionscnaimh agus garspriocanna
· Níos mó cláracha a roinneann scéalta uathúla mhuintir na hÉireann, ócáidí móra náisiúnta agus eispéiris chomhroinnte
· Tacaíocht mhéadaithe d’earnáil neamhspleách chruthaitheach na hÉireann, infheistíocht íosta 25% de mhaoiniú poiblí
· Suíomh laghdaithe, lucht saothair athoilte, níos lú agus níos sofhreagrúla
· Tacaíocht ón bpobal, ó fhoireann RTÉ agus ó ghrúpa níos leithne páirtithe leasmhara
· Tá cur chun feidhme na straitéise ag brath ar shamhail athchóirithe maoinithe phoiblí
Tar éis comhairliúchán poiblí forleathan d’fhoilsigh RTÉ Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 inniu ina dtugtar tuilleadh sonraí ar cháipéis maidir le fís straitéiseach RTÉ a foilsíodh i mí na Samhna seo caite. Leagtar amach i Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 an chaoi a bhfreagróidh RTÉ, sna cúig bliana amach romhainn, don ghá práinneach atá le bunathrú agus le muinín a fháil arais chun an tábhacht a bhaineann le RTÉ, don lucht féachana agus éisteachta agus laistigh den earnáil, a chinntiú amach anseo. In éineacht leis sin, d’fhoilsigh RTÉ Creat Rialachais nua, a chuirfidh treoir chuimsitheach maidir le socruithe rialachais RTÉ ar fáil do Bhord RTÉ, don bhainistíocht, don fhoireann agus do pháirtithe leasmhara seachtracha.
Leis an mbunathrú atá beartaithe ag RTÉ, cuirtear san áireamh athruithe móra i dtírdhreach na meán, athruithe ar roghanna agus iompraíochtaí lucht féachana agus éisteachta agus ról agus tábhacht mhéadaitheach na meán seirbhíse poiblí. Aithnítear freisin ann an gá atá le hathruithe laistigh de RTÉ. Le linn thréimhse na straitéise seo, déanfar RTÉ a fheabhsú agus a shruthlíniú, trí bhealaí nua oibre a ghlacadh go hinmheánach agus le comhpháirtithe seachtracha, go háirithe leis an earnáil neamhspleách. Déanfar forbairt ar an ábhar a chuirfidh RTÉ ar fáil don lucht féachana agus éisteachta agus beidh níos mó cláracha ina roinnfear scéalta uathúla mhuintir na hÉireann, ócáidí móra náisiúnta agus eispéiris chomhroinnte ar fáil.
Cuimsítear sa straitéis seo freisin aiseolas ó chomhairliúcháin leis an bpobal, le foireann RTÉ agus le grúpa níos leithne páirtithe leasmhara, a spreag léargais a ghéaraigh an fócas ar réimsí gníomhaíochta agus a mhúnlaigh an straitéis a tháinig as. Tríd is tríd, thug an comhairliúchán ábhar misnigh dúinn go raibh an treo straitéiseach ceart agus bhí comhaontú ginearálta ann maidir le príomhphointí (féach thíos).
Is féidir Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029 (2025 – 2029) agus Creat Rialachais Nua RTÉ a léamh anseo.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst faoi sheoladh na stráitéise: “Baineann an Stráitéis Treo Nua seo le todhchaí RTÉ agus leis an tábhacht a bhaineann le RTÉ a bhfuil bunathrú déanta air. Baineann sé le seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar, seirbhís a bheidh ar fáil do chách; baineann sé le heagraíocht atá iontaofa a chruthú a dhéanfaidh beart do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann; baineann sé le tacú le huaillmhian chruthaitheach agus le nuálaíocht dhigiteach; baineann sé le tacú le cultúr na hÉireann agus le daoine a thabhairt le chéile; baineann sé le léargas a thabhairt ar an tír ar fad agus le tacú leis an tionscal cruthaitheach ar fud an oileáin. Leagtar amach sa straitéis seo athrú uaillmhianach ar an gcaoi a ndéanaimid soláthar don lucht féachana agus éisteachta agus ar an gcaoi a reáchtáilimid an eagraíocht; ar an gcaoi a gcinntímid go gcuirimid luach ar airgead ar fáil agus go bhfuilimid trédhearcach agus cuntasach. Tá sé uaillmhianach – ach tá sé insoláthartha. Is plean é atá bunaithe ar ár mbunluachanna; plean atá ilbhreathnaitheach. Tá rún daingean againn RTÉ a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh sé láidir nua-aimseartha, go mbeidh ról aige i saol na hÉireann, go mbeidh muintir na hÉireann bródúil as agus go dtabharfar toradh níos fearr don phobal a ndéanaimid freastal air.”
Is éard a dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Terence O’Rourke: “Tá na meáin Seirbhíse Poiblí ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin bhunúsacha. Níl RTÉ slán agus i gcaitheamh stair fhada an stáisiúin tá a chuid seirbhísí curtha in oiriúint aige don raidió, don teilifís, d’ardáin ar líne agus ansin don Player. Tá domhan nua anois ann de bharr na teicneolaíochta, na meán sóisialta agus de bharr na n-athruithe atá tagtha ar an gcaoi a fhaightear eolas, domhan ina gcaithfear bunathrú radacach a dhéanamh ar RTÉ chun go mbeifear in ann leanúint ar aghaidh ag freastal agus ag tabhairt léargas ar shochaí na hÉireann sa todhchaí. Táimidne, mar Bhord, i ndiaidh tástáil a dhéanamh ar an straitéis sin agus creidimid go dtugann sí treochlár réalaíoch don eagraíocht athrú a dhéanamh. Tá fís na straitéise soiléir. Tá a buntaca airgeadais réalaíoch agus inbhuanaithe.”
Cúig Sprioc Straitéiseacha
Leagtar amach cúig sprioc do RTÉ sa straitéis chun an bunathrú atá riachtanach don eagraíocht a bhaint amach, mar aon leis na tionscnaimh a thacóidh leis na spriocanna sin agus na garspriocanna a bhfuil sé mar aidhm ag RTÉ iad a bhaint amach le linn shaolré na straitéise:
· Sprioc 1: An lucht féachana agus éisteachta a mhealladh le hábhar ar ardchaighdeán a théann i gcion orthu
· Sprioc 2: Táirgí agus seirbhísí sruthaithe den scoth a chur ar fáil
· Sprioc 3: Léiriúchán a éagsúlú agus tacú le forbairt earnálach ar fud na hÉireann
· Sprioc 4: Feidhmíocht láidir bainistíochta airgeadais a chinntiú
· Sprioc 5: Eagraíocht inbhuanaithe, iontaofa agus fhreagrach a fhorbairt
Samhail Athchóirithe Maoinithe Phoiblí
Tá cur chun feidhme na straitéise sna cúig bliana amach romhainn ag brath ar rún maidir le maoiniú an Rialtais ar na meáin seirbhíse poiblí, a bhfuiltear ag súil go ndeimhneofar é in 2024. Cuirfidh samhail leasaithe maoinithe phoiblí ar chumas RTÉ athrú ó ghlúin go glúin a chur i gcrích sna meáin seirbhíse poiblí in Éirinn, ina mbeidh athrú iomlán bainte amach ag RTÉ ó bheith ina chraoltóir go dtí an ceann scríbe sruthaithe is fearr le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst: “Ní féidir linn an plean seo a chur i gcrích asainn féin. Mar a aithnítear go forleathan, tá athchóiriú maoinithe ríthábhachtach chun na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn a chosaint. Beidh sárthacaíocht ár bhfoirne, ár gcomhpháirtithe san earnáil neamhspleách agus an réimse eagraíochtaí a mbímid ag obair leo gach lá ar fud na hÉireann ag teastáil uainn i gcónaí. Cúiteoimid an iontaoibh sin a chuirtear ionainn trí chraoltóir seirbhíse poiblí a bheidh oiriúnach don todhchaí agus dár lucht féachana a chur ar fáil.”
Comhairliúcháin Dhearfacha
Leagadh amach i gcreat Treo Nua RTÉ, a foilsíodh i mí na Samhna 2023, an treo straitéiseach agus an fhís do RTÉ athraithe ó bhonn mar threoirphlean don Ráiteas Straitéise seo. Rinneadh comhairliúchán ina dhiaidh sin inar lorgaíodh aiseolas ón bpobal, ó fhoireann RTÉ agus ó ghrúpa níos leithne páirtithe leasmhara, rud a spreag léargais a ghéaraigh an fócas ar réimsí gníomhaíochta agus a mhúnlaigh an straitéis a tháinig as. Tríd is tríd, thug an comhairliúchán ábhar misnigh dúinn go raibh an treo straitéiseach ceart agus bhí comhaontú ginearálta ann ar fud na suirbhéanna poiblí, náisiúnta, páirtithe leasmhara agus foirne maidir le príomhphointí:
· Gur cheart eagraíocht níos lú a dhéanamh de RTÉ agus cobhsaíocht airgeadais níos fadtéarmaí á saothrú – tacaíocht 71% sa chomhairliúchán poiblí
· Gur cheart do bhaill san earnáil léiriúcháin neamhspleách níos mó de chláracha RTÉ a léiriú – tacaíocht 63% sa chomhairliúchán poiblí
· Gur cheart do RTÉ níos lú cláracha a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, agus níos mó cláracha a dhéanamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath – tacaíocht 72% sa chomhairliúchán poiblí
· Gur cheart do RTÉ an infheistíocht a dhéanann sé i seirbhísí digiteacha a mhéadú – tacaíocht 81% sa chomhairliúchán poiblí
Cuirfidh cur chun feidhme na straitéise leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin chun rialachas a neartú agus chun cumarsáid laistigh den eagraíocht a fheabhsú. Beidh leanúnachas ann freisin i réimsí ina bhfuil an eagraíocht ar an mbóthar ceart cheana féin, lena n-áirítear uaillmhian chun ceannaireacht RTÉ a mhéadú ar shaincheisteanna ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais (CSR) a théann trí go leor de na spriocanna agus na tionscnaimh. Léireoidh RTÉ ceannaireacht freisin maidir le díospóireacht bheartais agus reachtaíocht a scrúdú agus rannchuidiú leo, go háirithe maidir le saincheisteanna criticiúla amhail cóid shuntasachta, neodracht idirlín agus Intleacht Shaorga. Tá plean mionsonraithe ann chun na moltaí a eascraíonn as an dá athbhreithniú ón Sainchoiste Comhairleach a chur i bhfeidhm, agus in am trátha déanfar Creat Rialachais RTÉ a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh chun na hathruithe sin a léiriú.
Mar fhocal scoir, is éard a dúirt Terence O’Rourke: “Mar thosaíocht, beidh caighdeáin fheabhsaithe rialachais á gcur i bhfeidhm againn, ar leibhéal an Bhoird agus ar fud na heagraíochta araon. Leanfaimid orainn leis an bhfreagracht atá orainn an obair seo a stiúradh, is é sin RTÉ a dhéanamh oiriúnach don todhchaí fad a dtugaimid cosaint don mhéid a bhraithimid ar fad a bheith luachmhar. Tugann an straitéis seo deis d’fhoireann RTÉ a bheith páirteach i gcuideachta meán seirbhíse poiblí athbheoite agus nua-aimseartha. Cuireann sé deiseanna ar fáil do RTÉ a bheith níos gaire dá chomhpháirtithe tionscail agus trí sin a dhéanamh, a bheith chun cinn i dtaobh earnáil fuaime agus físe atá dinimiciúil agus neamhspleách a fhorbairt. Is beart misniúil é freisin níos mó de ghníomhaíochtaí RTÉ a lonnú ar fud na tíre, rud a thabharfaidh níos gaire é don lucht féachana agus éisteachta ar a bhfreastalaíonn sé. Tacaíonn Bord RTÉ go hiomlán leis an Treo Nua seo do RTÉ agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt don Phríomh-Stiúrthóir agus dá fhoireann sin a bhaint amach.”