Deontais an RTÉ Toy Show Appeal chun cuidiú le saol daoine óga ar fud oileán na hÉireann a athrú ó bhonn
1.1 milliún leanbh i ngach contae sa tír chun tairbhe a bhaint as 122 deontas ar fiú €3.6 milliún iad
Is féidir liosta iomlán na ndeontas a fháil anseo
Feabhsófar saol leanaí ar fud na hÉireann ar go leor bealaí trí 122 deontas an RTÉ Toy Show Appeal a fógraíodh inniu, ar deontais iad nach mbeadh ar fáil ar chor ar bith murach flaithiúlacht lucht féachana The Late Late Toy Show i mí na Samhna seo caite.
Cuideoidh freagairt lucht féachana The Late Late Toy Show ar an achainí saol 1.1 milliún leanbh, duine óg agus a dteaghlaigh a athrú ó bhonn agus bainfidh gach contae ar an oileán tairbhe as deontais ar fiú €3.6 milliún iad san iomlán.
Cuireadh tús leis an RTÉ Toy Show Appeal sa bhliain 2020, agus ba é scéal Shaoirse Ruane as Cill Tulach i gCo. na Gaillimhe ba bhun leis, cailín a chuaigh i gcion go mór ar mhuintir na tíre nuair a ghlac sí páirt in The Late Late Toy Show. Ar an drochuair, fuair Saoirse bás i Márta na bliana seo, agus labhair Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Backhurst inniu ar oidhreacht bhuan Shaoirse le The Toy Show Appeal.
Ag fógairt na ndeontas dó, is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Backhurst: “Tá The RTÉ Toy Show Appeal ar cheann de na nithe is tábhachtaí a dhéanaimid mar eagraíocht. Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht lucht féachana The Late Late Show a chinntigh, lena bhflaithiúlacht, go mbeadh RTÉ ábalta leanúint de dhifríocht mhór a dhéanamh do shaol na mílte leanaí agus a dteaghlaigh ar fud an oileáin, ó thuaidh agus ó dheas. Ba iad na leanaí riamh a bhí mar ábhar inspioráide don Late Late Toy Show agus dá réir sin a bhí mar ábhar inspioráide freisin don RTÉ Toy Show Appeal, go mór mór, Saoirse Ruane a fhanfaidh inár gcuimhne mar chailín a raibh tionchar dearfach agus buan aici ar chách. Mairfidh sí inár gcuimhne tríd an RTÉ Toy Show Appeal agus tríd an iomaí saol a ndéanfar athrú ó bhonn orthu.”
Tá sé fógartha inniu ag an RTÉ Toy Show Appeal agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann go bhfuil na chúig charthanacht seo a leanas chun deontais a chuirfidh athrú ollmhór orthu a fháil, deontais ar fiú €120,000 an ceann iad.
- Bronnadh cistí ar Ghluaiseacht Lucht Siúil Uíbh Fhailí chun a seirbhís uathúil, Travelling to Wellbeing Mental Health Service a fhairsingiú, clár atá dírithe go sonrach ar an Lucht Siúil chun aghaidh a thabhairt ar na príomhriachtanais mheabhairshláinte laistigh de phobal an Lucht Siúil.
- Bronnadh deontas bunathraitheach ar Crosscare dá chlár píolótach nuálach ‘ollmhargadh sóisialta’ atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na príomhchúiseanna a bhaineann le bochtaineacht bia ar bhealach atá lán dínite agus éifeachtach agus a chuireann aistriú ó bhainc bhia chun cinn ó tharla gur féidir leo an bhochtaineacht a bhuanú agus cur leis an tionscal maidir leis an mbarrachas bia. ·
- Bronnadh maoiniú ar Community Law & Mediation dá Sheirbhís Dlí do Leanaí agus do Dhaoine Óga chun freastal ar na riachtanais atá ag grúpaí imeallaithe agus chun athrú a thabhairt chun fíre do na grúpaí sin.
- Bronnadh deontas bunathraitheach ar Children At Risk in Ireland CARI dá ghrúpa teiripe trámathreoraithe do dhéagóirí a d’fhulaing mí-úsáid gnéis leanaí, agus grúpaí tacaíochta tuismitheoirí do chúramóirí déagóirí a d’fhulaing mí-úsáid gnéis leanaí.
- Bronnadh deontas ar Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí chun samhail ceardlainne cruthaithí céadfaí a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i gcúig scoil ar fud Chontae na Gaillimhe, Contae na hIarmhí, agus Contae an Chláir, lena mbeidh forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí i gceist leis freisin.
Déanfaidh ár gcomhpháirtí carthanais, Fondúireacht Phobail Éireann, a bhainistíonn an próiseas deontais thar ceann RTÉ agus a lucht féachana, an chuid eile de na tabhartais a roinnt ar os cionn céad carthanacht eile ar fud oileán na hÉireann. I measc na gcarthanachtaí a gheobhaidh na tabhartais sin tá eagraíochtaí amhail AsIAm Carthanach Uathachais na hÉireann, Barnardos, Barretstown, Cancer Care West agus Jack and Jill Children’s Foundation.
Dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhondúireacht Phobail Éireann: “Is gearr go ndéanfar saol leanaí i ngach contae sa tír a athrú ó bhonn de bharr fhlaithiúlacht lucht féachana The Late Late Toy Show agus an Toy Show Appeal. Cuirfear luisne aoibhinn i ngrua an oiread sin daoine óga, lena n-áirítear iadsan a bhfuil tinneas orthu agus atá faoi mhíchumas agus tabharfar cúis scleondair agus lúcháire dóibh. Cuirfear cosaint agus sábháilteacht ar fáil freisin dóibhsean a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar bhulaíocht, a bhfuil cónaí orthu i dtithe ina mbíonn foréigean ar siúl agus atá ag fulaingt mí-úsáide. Tá an-mhórtas ar Fhondúireacht Phobail Éireann a bheith ina comhpháirtí ag RTÉ fís an lucht féachana a thabhairt chun fíre, is é sin tacaíocht a thabhairt do leanaí ar fud na hÉireann.”
Cuirtear deontais ar fáil faoi thrí phríomhréimse tacaíochta:
- Aghaidh a thabhairt ar Riachtanais Riachtanacha chun cabhrú leis na leanaí sin i ngach contae a bhfuil na dúshláin is mó rompu. I measc na dtionscadal tá: tacaíocht teaghlaigh do leanaí ar fud na hÉireann atá i mbaol bochtaineachta bia, teiripe agus comhairleoireacht do leanaí agus do dhaoine óga atá thíos le heaspa dídine (Baile Átha Cliath), agus saintacaíocht dlí do leanaí sa chóras cúraim. Tá €650,000 curtha i leataobh chun a chinntiú go bhfaighidh leanaí bia, go mbeidh siad te, sábháilte agus go mbeidh deiseanna iontacha acu amach anseo.
- Dírítear faoin réimse Sláinte agus Folláine ar thacaíocht a thabhairt do leanaí atá faoi mhíchumas agus a bhfuil orthu maireachtáil le riochtaí a chiorraíonn a saol. San iomlán, tá os cionn €1.5m á bhronnadh i mbliana chun seirbhísí sláinte, tacaíochtaí míchumais, folláine intinne agus teiripe a chur ar fáil. I measc na ndeontas tá tacaíochtaí do leanaí a fhaigheann diagnóis ailse sa Chabhán, tacaíochtaí cúraim mhaolaithigh do leanaí i gCúige Mumhan agus tacaíocht a thabhairt dóibhsean a bhfuil Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde ag dul dóibh i mBéal Feirste.
- Cinnteofar faoin réimse Cruthaíocht agus Spraoi go gcuirfear neart dathanna, cruthaíochta agus spraoi ar fáil do leanaí faoi mhíbhuntáiste. I measc na ndeontas tá: deontais chun rochtain a chur ar fáil ar ghníomhaíochtaí áineasa lena n-áirítear surfáil i nDún na nGall agus i nGaillimh, deontas chun ionad céadfach néara-éagsúlachta a fhorbairt i gCúige Laighean, agus deontas d’amharclann óige do leanaí faoi mhíchumas ar fud na hÉireann.
Gheobhaidh tionscadail agus eagraíochtaí áitiúla i ngach contae in Éirinn deontais chun cabhrú le réimse leathan riachtanas, lena n-áirítear freastal ar bhunriachtanais amhail bia agus nithe bunúsacha, tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumais, cruthaitheacht agus spraoi agus tacaíocht mhéala. Bronnadh breis is £287,000 ar 13 carthanacht agus eagraíocht i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear Angel Eyes NI Services, Youthlife, Sticky Fingers Arts agus Action Mental Health.