Os cionn 250 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Oilimpeacha agus os cionn 100 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Parailimpeacha
Dhá shraith nua ar thuras Oilimpigh na hÉireann le craoladh
Ag ócáid in RTÉ inniu, Déardaoin an 27 Meitheamh, d’fhógair Spórt RTÉ an clúdach a bheidh siad a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha anuas ar an gclúdach a bheidh acu le linn an tsamhraidh ollmhór spórt saorchraolta seo. Cuirfidh RTÉ breis agus 250 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Oilimpeacha agus 100 uair an chloig de chlúdach ar na Cluichí Parailimpeacha ar fáil ar an teilifís agus ar an RTÉ Player le breis agus 500 uair an chloig san iomlán, clúdach ar líne san áireamh.
Beidh clúdach beo ar Raidió RTÉ freisin ar mhórimeachtaí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, Craobhchomórtais CLG, Turas Rugbaí na hÉireann san Afraic Theas, na mórchomórtais ghailf agus ar an gcuid eile den aicsean spóirt a bheidh le feiceáil ar fud Nuacht RTÉ agus RTÉ Ar Líne.
Déanfaidh RTÉ craoladh beo ar na 17 lá de na Cluichí Oilimpeacha agus ar an 12 lá de na Cluichí Parailimpeacha, rud a chinnteoidh go mbeidh teacht ag an lucht féachana ar an aicsean ar fad i bPáras ar fud na n-ardán ar fad.
Chomh maith leis an aicsean beo, cuirfidh RTÉ dhá shraith úrnua ar fáil a bheidh dírithe ar Oilimpigh na hÉireann. Sa chlár Path to Paris (Déardaoin, RTÉ One & RTÉ Player) beimid i dteannta rogha na coitiantachta in Éirinn, ina measc Rhasidat Adeleke, an curadh dornálaíochta Kellie Harrington agus an gleacaí Rhys McClenaghan, agus iad ag iarraidh cáiliú don seó is mó ar domhan, na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Leanfar le Chapters of Magnificence, sraith 11 chlár ina mbeidh agallaimh le buaiteoirí Oilimpeacha na hÉireann, Dé Domhnaigh seo an 30 Meitheamh ag 7.30 i.n. ar RTÉ Radio 1 le Annalise Murphy agus ar RTÉ Radio Player.
Tháinig láithreoirí agus painéalaithe Spórt RTÉ le chéile i Stiúideo 5 chun samhradh spóirt RTÉ a cheiliúradh os comhair lucht féachana beo sa stiúideo. Tá na hiar-Oilimpigh Sonia O’Sullivan agus Grainne Murphy ag súil go mór leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras agus foireann is mó riamh na hÉireann ag lorg bonn. Thug Jason Smyth, buaiteoir bonn óir agus an lúthchleasaí Parailimpeach is tapa riamh, a léargas ar ionchais na hÉireann i bPáras agus Spórt RTÉ ag déanamh réidh leis an gclúdach is mó riamh a chur ar fáil ar na Cluichí Parailimpeacha i mbliana ina mbeidh 100 uair an chloig ar theilifís RTÉ2 agus os cionn 500 uair an chloig san iomlán, ar RTÉ Radio, RTÉ News, RTÉ ar Líne agus RTÉ Player.
Agus Craobh CLG agus Euro UEFA 2024 faoi lán seoil, labhair Richie Sadlier agus Stephen Kelly faoi ábhair a bhaineann le Craobh Sacair na hEorpa leis an láithreoir Paul O’Flynn agus phléigh Ursula Jacob agus Paul Flynn na Craobhacha CLG atá ar siúl faoi láthair agus atá fíorspéisiúil cheana féin.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Táimid bródúil i gcónaí as ócáidí spóirt nach mór a fheiceáil a chur os comhair ár lucht féachana. Ní raibh sé sin riamh níos oiriúnaí ná samhradh na bliana 2024. Mhúscail éachtaí lúthchleasaithe na tíre seo san Eoraip spéis i dtuilleadh seónna barr feabhais ina mbeidh iomaitheoirí ag caitheamh cultacha Éireannacha i bPáras. Geallann buaicphointí Chraobh Sacair na hEorpa agus chraobh CLG drámaíocht a choinneoidh ar bís thú agus gach seans nach ndéanaimid dearmad go deo uirthi. Is cinnte go dtarraingeoidh nádúr dothuartha an spóirt isteach muid agus go gcothófar cuimhní cinn a mhairfidh go deo. Tá mórtas ar Spórt RTÉ na heachtraí sin a roinnt le pobal na hÉireann, agus sin a dhéanamh go saorchraolta.”
Leanfaidh an t-aicsean beo ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le dhá lá rásaíochta ón gCurrach le Féile Dubai Duty Free Derby, Craobhchomórtais Náisiúnta Lúthchleasaíochta 123.ie i Seantrabh, Babhta 16 i gcaobh UEFA Euro 2024, agus dhá chluiche sa bhabhta ceathrú ceannais Peile i ndiaidh a chéile beo ó Pháirc an Chrócaigh ar Sunday Game Live – Lú v Dún na nGall agus Ciarraí v Doire agus tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar chainéal RTÉ News.
Príomhdhátaí spóirt ar RTÉ an samhradh seo
Craobhchomórtais CLG Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann
- Dé Domhnaigh 21 Iúil Cluiche Ceannais Peile na hÉireann
- Dé Domhnaigh 28 Iúil Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann
- Dé Domhnaigh 11 Lúnasa Cluichí
UEFA Euro 2024
- Cluichí Ceathrú Ceannais Dé hAoine 5 Iúil agus Dé Sathairn 6 Iúil
- Cluichí Leathcheannais Dé Máirt 9 Iúil agus Dé Céadaoin 10 Iúil
- Cluiche Ceannais Dé Sathairn 14 Iúil
Na Cluichí Oilimpeacha, Páras 2024
- Dé hAoine 26 Iúil (Searmanas Oscailte) go dtí Dé Domhnaigh 11 Lúnasa
Rásaí na Gaillimhe
- Dé Luain 29 Iúil go dtí Déardaoin 1 Lúnasa
Na Cluichí Parailimpeacha, Páras 2024
- Dé Céadaoin 28 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh 8 Meán Fómhair