Tá áthas ar Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Tommy Meskill ceaptha ina Chomhfhreagraí nua i Londain. Tá ocht mbliana caite ag Tommy ag obair ina iriseoir le Nuacht RTÉ, agus le déanaí bhí sé mar chuid d’aonad polaitíochta RTÉ, a bhíonn ag tuairisciú ó Theach Laighean agus ó Pharlaimint na hEorpa.
Beidh sé freagrach as tuairisciú ar meáin dhigiteacha, ar an raidió agus ar an teilifís ar gach gné den saol sa Bhreatain, lena n-áirítear cúrsaí polaitíochta, eacnamaíocha, cultúir agus sóisialta.
Thosaigh Tommy Meskill ag obair i seomra nuachta RTÉ in 2016, agus d’oibrigh sé ar roinnt clár éagsúil, lena n-áirítear news2day agus Morning Ireland. Chomh maith leis sin, chuir sé cláir ar nós This Week de chuid RTÉ Radio 1 i láthair chomh maith le European Parliament Report ar RTÉ a hAon. Bíonn sé ina chraoltóir ó am go chéile le RTÉ News.
Rinne Tommy Meskill, arb as Co. an Chláir ó dhúchas dó, staidéar ar chumarsáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Sular thosaigh sé ag obair le RTÉ d’oibrigh sé ina thuairisceoir le FM104 Bhaile Átha Cliath agus le Q102.
Ag labhairt dó faoina cheapachán dúirt Tommy Meskill: “Tá an-áthas orm a bheith ceaptha i mo Chomhfhreagraí nua RTÉ i Londain. Tá sé tarlaithe sé ag am gnóthach, roimh Olltoghchán a d’fhéadfadh an tír a athrú go mór. Is mór an onóir é a bheith roghnaithe agus táim ar bís le dul i mbun oibre.”
Tosóidh Tommy ag obair ina ról nua inniu.
Nóta:
Is é John Kilraine a bhí sa phost roimhe seo. Chríochnaigh John a chonradh le déanaí agus d’fhill sé le dul i mbun oibre le Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ i mBaile Átha Cliath.