CLÚDACH AR FUD RTÉ AR THORTHAÍ OLLTOGHCHÁIN 2024 NA RÍOCHTA AONTAITHE
Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach ar thorthaí Olltoghchán 2024 na Ríochta Aontaithe ar fáil Déardaoin an 4 agus Dé hAoine an 5 Iúil ar na hardáin dhigiteacha, teilifíse agus raidió ar fad.
Beidh clúdach beo ag RTÉ as Londain, Béal Feirste, Craigavon, Machaire Fíolta agus Baile Átha Cliath tráth a ndéanfaidh ár gcomhfhreagraithe agus ár n-iriseoirí anailís dhomhain ar a gciallóidh na torthaí don Ríocht Aontaithe agus an tionchar a bheidh acu ar Éirinn. Beidh Fiona Mitchell, RTÉ News i dteannta an Chomhfhreagraí Nua Londan Tommy Meskill agus iad ag tuairisciú beo ó phríomhchathair na Ríochta Aontaithe. Beidh Eagarthóir RTÉ don Tuaisceart, Vincent Kearney agus Comhfhreagraí an Tuaiscirt Conor Macauley ag tuairisciú ar an tionchar ginearálta a bheidh ag na torthaí ar fud Thuaisceart Éireann.
Chomh luath agus a osclófar na boscaí ballóide i dToghchán 2024 na Ríochta Aontaithe, beidh an lucht féachana ar aip RTÉ News agus ar rte.ie/news in ann a bheith suas chun dáta leis na torthaí is déanaí, agus scéala úra, anailís agus tuairimíocht ag teacht chugainn ar feadh na hoíche chomh maith le dhá bhlag beo dírithe ar an gcomhaireamh i dTuaisceart Éireann agus ar an bpictiúr ginearálta sa Ríocht Aontaithe.
Beidh seirbhís torthaí leanúnacha agus an nuacht is déanaí á gcraoladh beo ar chainéal RTÉ News (atá ar fáil ar gach ardán teilifíse agus ar Aip RTÉ News), chomh maith le clúdach a bheith á dhéanamh ar phríomhchláir an Toghcháin ar RTÉ.
Beidh tráchtaireacht shainiúil RTÉ ar na toghcháin ar fáil freisin ar fud an domhain, más trí shruthchraoladh beo nó trí cheangal ar atráth é, ar an RTÉ Player agus ar an RTÉ Radio Player.
Déardaoin an 4 Iúil
Tosóidh Prime Time ar an gclúdach le turas sciobtha timpeall ar an Ríocht Aontaithe, agus é ag taisteal as Albain go Londain chun léargas a thabhairt ar shaincheisteanna an toghcháin seo. De réir mar a thiocfaidh deireadh leis an vótáil ag 10pm, tabharfaidh Prime Time torthaí na bpobalbhreith díreach tar éis vótála as an Ríocht Aontaithe ar fad agus cuirfidh David McCullagh i Londain, Miriam O’Callaghan i mBéal Feirste agus Fran McNulty i mBaile Átha Cliath clúdach agus anailís dhomhain ar fáil go dtí 11:00pm.
Ar RTÉ Raidió 1 ag 9.45pm craolfar clár Speisialta Toghcháin ina ndéanfar clúdach cuimsitheach ar an gcomhaireamh sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann. Beidh Colm Ó Mongain ag comhláithriú as Bhéal Feirste agus déanfaidh sé anailís ar na torthaí ón 18 toghcheantar de chuid Westminster atá i dTuaisceart Éireann, de réir mar a thiocfaidh na torthaí isteach ón bhfoireann tuairisceoirí a bheidh ag Raidió RTÉ sna hionaid chomhairimh. Is í Sarah McInerney a chuirfidh an clár beo i láthair as Baile Átha Cliath agus i Londain, beidh Philip Boucher-Hayes ag tuairisciú i rith na hoíche agus cloisfimid tuairimíocht ó ionadaithe na bpáirtithe polaitíochta móra ar fad sa Ríocht Aontaithe maidir le torthaí na bpobalbhreith díreach tar éis vótála agus na chéad torthaí.
Beidh clúdach beo teilifíse ar na torthaí le fáil ar UK Election 2024. Tosóidh sé ag 11.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player agus fanfaidh an clár ar an aer go dtí 4.00am an mhaidin dár gcionn. Beidh aíonna éagsúla i dteannta an láithreora, Miriam O’Callaghan, san ionad comhairimh in Ionad Taispeántais an Titanic i mBéal Feirste, cuirfidh David McCullagh clúdach ar na torthaí as Sasana, as Albain agus as an mBreatain Bheag i láthair as Westminster i Londain, agus beidh Ray Kennedy ag láithriú beo ón bpríomhstiúideo nuachta teilifíse in RTÉ i mBaile Átha Cliath. Tabharfaidh an clár na torthaí is déanaí chugainn ó Thuaisceart Éireann, nuashonruithe ar na torthaí níos ginearálta as an Ríocht Aontaithe, chomh maith le hagallaimh, plé agus anailís.
Dé hAoine an 5 Iúil
Dé hAoine an 5 Iúil, tosóidh Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 níos túisce ná mar is gnáth, ag 6.00am. Is iad Áine Lawlor in Westminster, Audrey Carville i mBéal Feirste agus Mary Wilson i mBaile Átha Cliath a chuirfidh an clár i láthair.
Beidh an clár cúrsaí reatha maidine de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Adhmhaidin, ag craoladh leagan níos faide den chlár beo as Béal Feirste ó 7.00am agus é á chur i láthair ag Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Cloisfear clúdach iomlán agus anailís iarthoghcháin Today with Claire Byrne ar RTÉ Radio 1, de réir mar a bheidh rialtas nua á bhunú in Westminster.
Cuirfidh Sharon Tobin clár teilifíse speisialta 90 nóiméad, UK Election 2024, i láthair Dé hAoine ó 12.00 meán lae ar RTÉ One. Tabharfar sonraí sa chlár faoi na torthaí ar fad a tháinig amach i gcaitheamh na hoíche, chomh maith le craoladh beo as Londain agus Béal Feirste.
Ag 1.00pm leanfar leis an gclúdach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus fad curtha, go dtí 3.00pm, le Nuacht a hAon le Máirín Ní Ghadhra.
Beidh mionchlúdach i nGaeilge ar an toghchánaíocht ar Nuacht RTÉ leis na hiriseoirí Áine Ní Ghallchóir i mBéal Feirste agus Ailbhe Ó Monacháin i nDoire, ar na feasacháin nuachta ar RTÉ One, ar chainéal RTÉ News, agus ar líne, chomh maith le nuashonruithe ar na meáin shóisialta. Ar an Déardaoin agus ar an Aoine beidh teacht ar na torthaí as Tuaisceart Éireann agus as an mBreatain ar gach ardán, chomh maith le plé orthu.
Beidh na scéalta is déanaí le fáil ar Six One News ar RTÉ agus an clár á chomhláithriú ag David McCullagh lasmuigh de Thithe na Parlaiminte i lár Londain.