Comhfhiosrúcháin mór nua fógartha ag RTÉ Investigates agus an Sunday Independent a bheidh á nochtadh Dé Domhnaigh seo chugainn ar Sacar na mBan in Éirinn
Comhfhiosrúcháin mór nua fógartha ag RTÉ Investigates agus an Sunday Independent
a bheidh á nochtadh Dé Domhnaigh seo chugainn ar Sacar na mBan in Éirinn
- Fiosrúchán ar bun ag na Gardaí de bharr líomhaintí atá déanta in aghaidh chóitseálaithe de chuid an FAI
- Dhá bhliain caite ag na hiriseóirí Marie Crowe agus Mark Tighe i mbun fiosrúchán i gcomhar
Féach RTÉ Investigates: Girls in Green an Domhnach beag seo ag 9.30pm
ar RTÉ One & an RTÉ Player
Léigh an scéal ina iomláine sa Sunday Independent an deireadh seachtaine seo
An Domhnach beag seo, an 7 Iúil, nochtfaidh RTÉ Investigates agus an Sunday Independent sonraí maidir le comhfhiosrúchán a bhí ar bun ar feadh dhá bhliain ar líomhaintí forleathana a rinne mná faoi iompar míchuí i gcoinne cóitseálaithe sacair fir na hÉireann.
Mar thoradh ar an bhfiosrúchán ceannródaíoch atá i gceist le fadchlár faisnéise teilifíse agus in ailt bheachta scríofa an Domhnach seo, chuir na Gardaí tús le fiosrúchán ar iar-chóitseálaí peile sinsearach de bharr líomhaintí a rinne peileadóirí mná ina aghaidh go ndearna sé cluanaireacht gnéis gan iarraidh ar imreoirí. Tá gearán ar leithligh freisin déanta faoin dara cóitseálaí sinsearach.
Caitheadh dhá bhliain i mbun an fhiosrúcháin i gcomhar a bhfuil an-súil leis agus ina dtugann an iomaí iar-imreoir mná, iar-chóitseálaí agus oifigeach fianaise mhacánta. Níor inis cuid de na daoine a labhair amach d’fhiosrúchán i gcomhar RTÉ Investigates / Sunday Independent d’aon duine faoina dtaithí go dtí seo.
Bhí uafás ar go leor de na daoine a ndearnadh cluanaireacht gnéis gan iarraidh orthu a fháil amach gur tharla nach mór na rudaí céanna dá gcomhimreoirí. “Shíl mé nár tharla sé ach dom féin,” a dúirt roinnt iar-imreoirí le RTÉ Investigates agus leis an Sunday Independent.
I gcás duine de na himreoirí dúirt sí nár roghnaíodh riamh arís í mar gur théigh sí ó sheomra óstáin a bainisteora i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh í a phógadh. Mhínigh imreoir eile gur chreid sí gur “dhíbir” cóitseálaí den fhoireann í mar go ndúirt sí go bhfaca sí é ag caitheamh le himreoirí go míchuí.
Craolfar RTÉ Investigates: Girls in Green le linn buaicama oíche Dé Domhnaigh ar RTÉ One ag 9.30pm, agus beidh sé ar fáil freisin lena shruthú ar fud an domhain ar an RTÉ Player, is athrú é seo ar na cláracha sceidealta. Foilseofar gné-ailt bheachta an deireadh seachtaine seo sa Sunday Independent, ar independent.ie agus ar RTE.ie ina dtabharfar mionchuntas ar an bhfiosrúchán.
Is cosúil go tarraingítear aird seasta sna ceannlínte ar shacar na mban mar gheall ar na cúinsí míchearta. Cé go raibh údar gaisce ag buaiteoirí an Choirn Dhomhanda, an Spáinn, baineadh an mhaith as de bharr conspóide, cuireadh cúrsaí sacair i Meiriceá bunoscionn nuair a cuireadh cosc saoil ar chóitseálaí sinsearach, agus d’éirigh iar-príomhchóitseálaí na Brasaíle as i mbliana mar gheall go ndearna imreoirí gearán gnéaschiaptha faoi.
Dúirt iar-imreoirí Idirnáisiúnta na hÉireann le RTÉ Investigates / leis an Sunday Independent nár chuir na scéalta a tháinig amach faoi fhuath ban agus drochíde thar lear iontas ar bith orthu. Thug siad le fios go raibh an rud céanna ag tarlú sa bhaile ach ní raibh mórán muiníne acu go dtiocfadh rúin atá go maith faoi cheilt chun solais riamh.
Tá go leor scríofa ag an Iriseoir Mark Tighe leis an Sunday Independent faoin FAI. Tá 15 bliana caite ag an láithreoir agus tuairisceoir le Spórt RTÉ, Marie Crowe i mbun iriseoireacht spóirt, ag clúdach fhoireann sacair náisiúnta na mBan i measc a cuid dualgas. Bhí an bheirt iriseoirí ag obair go neamhspleách ar an scéal céanna sa bhliain 2022 agus tháinig siad le chéile chun tabhairt faoi thaighde níos doimhne air. Labhair siad beirt le líon suntasach iar-imreoirí mná don fhiosrúchán seo.
Aonad Fiosrúcháin RTÉ, a bhfuil gradaim buaite aige, a rinne RTÉ Investigates: Girls in Green ina n-oibríonn iriseoir Spórt RTÉ Marie Crowe agus Mark Tighe ón Sunday Independent i gcomhar le Léiritheoir/Stiúrthóir RTÉ Investigates Frank Shouldice chun léargas a thabhairt ar an méid a bhíonn ar bun i seomra cúil shacar na mban in Éirinn.
Féachann comhfhiosrúchán RTÉ Investigates agus an Sunday Independent ar cibé ar chuir easpa bearta cosanta cearta dinimic mhíshláintiúil chun cinn idir cóitseálaithe agus imreoirí agus scrúdaíonn sé na bearta a rinne an FAI chun timpeallacht shlán a chinntiú do chailíní óga cumasacha a bhí ag iarraidh sacar a imirt.
D’fhógair an FAI le gairid go raibh an cumann ag tabhairt isteach meicníocht nua tuairiscithe anaithnid chun a chur ar chumas imreoirí agus daoine eile ábhar imní a chur in iúl agus iompar míchuí a thuairisciú do Raiseaconcern, gnólacht neamhspleách láimhseála gearán. An feachtas Play It Right – atá le cur i bhfeidhm ar bhonn céimneach i gclubanna ar fud na tíre – chun dea-iompar a chur chun cinn agus líne chabhrach agus suíomh Gréasáin neamhspleách faoi rún a chur chun cinn do dhuine ar bith atá ag iarraidh imní thromchúiseach a thuairisciú go hanaithnid.
Ceithre lá roimh an bhfógra, chuaigh tuairisceoirí ó RTÉ Investigates agus an Sunday Independent i dteagmháil leis an FAI ag lorg freagra oifigiúil ar ábhair imní a chuir na mná in iúl maidir leis an gcaoi ar chaith cóitseálaithe leo sna 1990idí.
Is éard a bhí le rá ag urlabhraí ón FAI: “bhí uafás agus alltacht ar an gCumann a fháil amach faoi na líomhaintí suaiteacha maidir le drochíde a tháinig ó mhná a raibh baint acu le peil na hÉireann sna 1990idí”.
Tuigeann an FAI “gur theastaigh misneach ollmhór ó na mná labhairt amach agus a n-ábhar imní a chur in iúl agus tabharfaidh sé ugach d’aon duine a bhfuil baint acu le peil na hÉireann aon ábhar imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuairisciú.”
Féach: RTÉ Investigates: Girls in Green, Dé Domhnaigh 9.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
Léigh: An Sunday Independent agus an Irish Independent ar líne ón 6.00am maidin Dé Domhnaigh
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá sé ráite ag an FAI gur féidir le duine ar bith a d’fhulaing aon chineál drochíde nó díobhála faoi bhrat shacar na hÉireann, teagmháil a dhéanamh le seirbhís neamhspleách agus rúnda a chuir an cumann ar bun le Raiseaconcern trí ghlaoch a chur ar an uimhir 01 6107929 nó an uimhir 086 0299929, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig football@raiseaconcern.com.