1.3 MILLIÚN TIÚNÁILTE ISTEACH CHUIG RTÉ CHUN SASANA A FHEICEÁIL AG FÁIL AN CHEANN IS FEARR AR AN SPÁINN I gCLUICHE CEANNAIS EURO 2024 UEFA
RINNE AN RTÉ PLAYER A THRÍ OIREAD SRUTHÚ AR CHOMÓRTAS UEFA EURO 2024 I gCOMPARÁID LE COMÓRTAS 2020
918,000 duine ag féachaint ar chluiche ceannais UEFA EURO 2024 ar RTÉ2, chomh maith le 426,000 beoshruth breise a bheith déanta ar an RTÉ Player
Rinneadh 7.7 milliún sruth san iomlán ar UEFA EURO 2024 ar an RTÉ Player, ardú 2.5 milliún sruth ar UEFA EURO 2020
Tá 74 milliún sruth déanta ar an RTÉ Player go dtí seo in 2024, ardú +42% ón tréimhse chéanna in 2023.
Rinneadh 59% den sruthú ar UEFA EURO 2024 ó ghairis mhóibíleacha, rud a thug deis don lucht féachana an t-aicsean a fheiceáil as áit ar bith.
Bhí lucht féachana níos mó ná riamh ag cluiche ceannais UEFA EURO 2024 inné, agus 918,000 duine (sciar 55%) ag tiúnáil isteach chuig RTÉ2 le breathnú ar Shasana ag cailleadh go drámatúil in aghaidh na Spáinne, agus rinneadh 426,000 beoshruthú breise ar an gcluiche ar an RTÉ Player. Rinne RTÉ craoladh beo ar 51 cluiche ar fad an chomórtais, do lucht féachana na hÉireann ar fud RTÉ2, an RTÉ Player agus an RTÉ News Channel. Mheall an turas go dtí an cluiche ceannais lucht féachana ollmhór. Ba í an choimhlint sa chluiche ceathrú ceannais idir an Phortaingéil agus an Fhrainc an dara cluiche ba mhó a tharraing lucht féachana ar RTÉ2, agus bhí 571,400 lucht féachana ar an meán (458k sruth) aige. Ina dhiaidh sin bhí an cluiche idir Sasana agus an Eilvéis, le lucht féachana 500,300 duine ar an meán (349k sruth). Bhí an cluiche idir Sasana agus an tSlóvaic sa cheathrú háit agus lucht féachana 465,700 duine ar an meán (294k sruth) aige.
Bhí na sluaite de lucht féachana ag faire an RTÉ Player chun coinneáil suas leis an aicsean – cláraíodh 7.7 milliún sruth san iomlán, 59% díobh sin trí fhóin phóca. Is ionann sin agus méadú suntasach 5.2 milliún sruth ar an méid a bhí sruthaithe i gcás UEFA EURO 2020, agus fágann sé gur 74 milliún an líon iomlán shruthanna atá déanta ar an RTÉ Player go dtí seo in 2024, ardú 42% ón tréimhse chéanna anuraidh.
Chomh maith leis an spórt beo, tá an fás eisceachtúil seo bunaithe ar chatalóg físeán ar éileamh an RTÉ Player a bheith ag dul i méid, le 17 milliún sruth déanta ar bhoscraí drámaíochta go dtí seo i mbliana, ardú +23% ó 2023. Tá os cionn 2 mhilliún sruth déanta ar Yellowstone go dtí seo in 2024, agus tá os cionn 1 mhilliún sruth déanta ar na drámaí de chuid na hÉireann, Kin agus Love/Hate. Tá na boscraí nua, Blackshore agus The Dry i measc na roghanna is fearr leis an lucht féachana, agus i measc na gclár teilifíse is mó a ndéantar sruthú orthu tá The Tommy Tiernan Show, First Dates agus Room to Improve.
Tá ábhar do pháistí saor ó fhógraí tagtha chun cinn mar réimse ina bhfuil fás suntasach air don RTÉ Player, le 3.6 milliún sruth déanta go dtí seo i mbliana, ardú +52% ón mbliain seo caite. Tá ardú ag teacht freisin ar an lucht féachana a úsáideann an RTÉ Player chun nuacht is déanaí a fháil, agus níos mó ná 1 milliún sruth an ceann déanta ar an Nine O’Clock News (+25% Bliain ar Bhliain) agus ar an Six One News (+30% Bliain ar Bhliain).
Féadfaidh an lucht féachana a bheith ag tnúth le tuilleadh den chlúdach corraitheach ar spórt an samhradh seo ar RTÉ, agus cluichí ceannais Iomána agus Peile na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha fós le teacht.
Is éard a dúirt Aoife Byrne, Ceannasaí RTÉ Player: “Tréimhse iontach eile ab ea 2024 don RTÉ Player ó Eanáir go Meitheamh, le fás +42% ón am céanna anuraidh agus ardú +15% ar na huaireanta a bhí sruthaithe. Táimid bródúil go bhfuil RTÉ Player ag fás mar rogha sruthaithe sainiúil, beo agus ar éileamh don lucht féachana agus don lucht éisteachta in Éirinn, agus rud atá uathúil, láidir agus ábhartha á thairiscint, nach féidir leis na seirbhísí SVoD domhanda a chur ar fáil.
Cé gurb iad an spórt beo agus na boscraí is mó is cúis leis an bhfás – 7.7M de shruthanna i gcás Euro UEFA, níos mó sruthú ná riamh cheana ar Chluichí Craoibhe CLG; 17M sruth san iomlán déanta ar ár ndrámaí scripte – tá an-tóir i gcónaí ar theilifís agus chláirsobail na tíre seo. Bhí Fair City, First Dates, Room to Improve, Home of The Yearagus The Tommy Tiernan Show i measc na gclár ba mhó a raibh tóir ag ár lucht féachana orthu, go dtí seo i mbliana. Agus táimid ag súil go mór le hábhar níos fearr fós a thabhairt don lucht féachana sa bhfómhar, chomh maith le feabhas a chur ar na táirgí.”
Dúirt Declan McBennett, Ceannasaí Spórt RTÉ: “Is cúis áthais dúinn gur léirigh scála an lucht féachana go raibh an comórtas ar cheann de mhórimeachtaí spóirt an tsamhraidh. In éineacht le Craobh CLG agus leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha, atá fós le teacht, léiríonn sé arís an chumhacht atá ag spórt beo agus an chaoi a meallann sé muintir na hÉireann. Léiríonn an chaoi go bhfuiltear ag féachaint níos minice ar an Player go bhfuil na patrúin mar a bhaineann le tomhaltas spóirt ag athrú.”