FEACHTAS DE CHUID AN RSA “THINK AND DRIVE” SEOLTA AG 2FM
Tá 2FM tar éis dul i gcomhar leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), le Cumann na nImreoirí Gaelacha, an FAI, an IRFU agus scata de cheoltóirí Éireannacha chun teachtaireachtaí faoi shábháilteacht ar na bóithre a thaifeadadh agus beidh siad á gcraoladh ar 2FM sna seachtainí beaga amach romhainn.
2FM Think and Drive atá á thabhairt ar an bhfeachtas agus beidh sé á chraoladh den chéad uair inniu.
Tá 2FM ag obair i bpáirt le daoine mór le rá ó shaol an spóirt agus ó shaol an cheoil chun éisteoirí 2FM a spreagadh le bheith níos moille agus samhradh níos sábháilte a bheith acu ar bhóithre na hÉireann. Beidh Danny O’Donoghue ó The Script, an t-imreoir Rugbaí idirnáisiúnta de chuid na hÉireann Andrew Porter, cúl báire fhoireann Sacair Ban na hÉireann Courtney Brosnan agus scata d’imreoirí idirchontae de chuid CLG, ina measc Seán O’Shea ó fhoireann Peile Chiarraí agus Grace Walsh ó Fhoireann Camógaíochta Chill Chainnigh, ag impí ar thiománaithe taisteal go sábháilte ar na bóithre agus an baile a shroicheadh slán.
Tá 103 duine maraithe ar na bóithre in Éirinn go dtí seo i mbliana agus léiríonn sé seo an chaoi a bhfuil sábháilteacht ar bhóithre na hÉireann ag dul sa treo mícheart. Ba í 2023 an bhliain ba mheasa le beagnach deich mbliana ó thaobh daoine a bheith maraithe ar na bhóithre, toisc gur maraíodh 188 duine. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh 2024 níos measa fós. Ar an 10 Iúil anuraidh, bhí 87 duine maraithe ar na bóithre, agus faoin 1 Lúnasa 2023 bhí 100 bás cláraithe. Léiríonn figiúirí na bliana seo go bhfuil an chosúlacht air go mbeidh líon na ndaoine a mharófar ar na bóithre 17% níos airde i mbliana le hais mar a bhí anuraidh.
Dúirt Dan Healy, an Ceann Fhuaim Dhigiteach RTÉ agus ar RTÉ 2fm: “Táimid an-sásta tacú leis an bhfeachtas seo anseo in 2FM agus tá súil againn go gcuirfidh sé i gcuimhne dár n-éisteoirí, ar bhealach séimh, stopadh le haghaidh sosa má bhíonn siad tuirseach agus a bheith sábháilte agus iad ag tiomáint. Beidh RTÉ 2FM ar an mbóthar le haghaidh féilte atá romhainn amach, lena n-áirítear Electric Picnic sa tSráidbhaile agus an fhéile We’ve Only Just Begun i mBaile Átha Cliath, agus beidh agallaimh bheo agus léirithe ó chuid de na hainmneacha is cáiliúla sa ghnó a gcur ar fáil do na héisteoirí. Teastaíonn uainn go mbainfeadh ár n-éisteoirí ar fad an áit amach slán, sábháilte, agus tá ár láithreoirí ag súil go mór le hiad a fheiceáil ansin.”
D’fháiltigh Sam Waide, príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, roimh an gcomhpháirtíocht le 2FM. “Is gá dúinn daoine a chur ar an eolas faoi go bhfuil an tiomáint róthapa, an meisce, agus an tiomáint gan aird ag cur le líon na ndaoine a mharaítear nó a ghortaítear go dona ar ár mbóithre. Léirigh an staidéar breathnóireachta a rinneamar le déanaí go mbíonn duine amháin as gach beirt tiománaithe ag dul thar na teorainneacha luais 30, 50 agus 60km san uair. I staidéar eile, d’admhaigh tiománaí amháin as gach deichniúr gur thiomáin siad anuraidh tar éis dóibh alcól a ól. Léiríonn ár dtaighde go bhfuil i bhfad níos mó glacadh sa tsochaí, le blianta beaga anuas, le daoine a bheith ag tiomáint agus iad faoi thionchar an óil, agus go gcreideann duine as gach ceathrar tiománaithe go bhfuil sé inghlactha go mbeidís ag tiomáint achair ghearra tar éis dóibh alcól a ól. Chomh maith leis sin baineann daoine in Éirinn an-úsáid as fóin phóca. Tugtar le fios i dtaighde a rinneadh in 2023 go mbíonn thart ar dhuine as gach cúigear tiománaithe ag seiceáil a gcuid fón le linn dóibh a bheith ag tiomáint.”
Craolfar na teachtaireachtaí gearra fuaime ar 2FM sna seachtainí amach romhainn. I measc na nglórtha a bheidh le cloisteáil tá:
- Danny O’Donoghue – The Script
- Ryan Hennessy agus Jimmy Rainsford – Picture This
- Lyra
- Chubby Cat
- Andrew Porter – Foireann Rugbaí na hÉireann
- Aoife Wafer – Foireann Rugbaí na hÉireann
- Courtney Brosnan – Foireann Sacair Ban na hÉireann
- Dan Morrissey – Foireann Iomána Luimnigh
- Dearbhla Magee – Foireann Camógaíochta an Dúin
- Grace Walsh – Foireann Camógaíochta Chill Chainnigh
- Jennifer Dunne – Foireann Sinsear Peile Ban Bhaile Átha Cliath
- Paddy Burke – Foireann Iomána Aontroma
- Ryan McHugh – Foireann Peile Dhún na nGall
- Seán O’Shea – Foireann Peile Chiarraí
- Shauna Ennis – Foireann Peile Ban na Mí
(1) Contributory Factors and Driver Fatalities: Examining key Dangerous Behaviours, Bealtaine 2023
(2) Tá an staidéar bunaithe ar shonraí cróinéara i gcás 362 as na 431 tiománaí a maraíodh ar bhóithre na hÉireann le linn 2015-2019.)
Nóta:
Foinse Nuachta:
https://www.garda.ie/en/roads-policing/statistics/roads-policing-fatalities-to-date-for-2024/
Le linn an fheachtais, cuirfear an chaoi le fanacht sábháilte agus iad ag tiomáint i gcuimhne do thiománaithe agus cuirfear comhairle orthu faoin mbealach le tuairteanna a bhainfeadh leis na príomhiompraíochtaí contúirteacha seo le linn do dhaoine a bheith ag tiomáint, a sheachaint. Léiríonn taighde (1) a rinne an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le gairid:
- go raibh 26% de na tiománaithe a fuair bás, agus a raibh taifead ar a ngníomh, ag dul thar an luas atá sábháilte.
- go raibh tocsaineolaíocht dhearfach le haghaidh alcóil ag 37% de na tiománaithe a fuair bás agus a raibh toradh tocsaineolaíochta ar fáil dóibh (2).
- nach raibh crios sábhála á chaitheamh ag 40% de na tiománaithe a fuair bás agus a raibh taifead ar fáil maidir le crios sábhála a bheith á chaitheamh nó gan a bheith.
- Chomh maith leis sin, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO, 2022), is mó seans go dtarlóidh tuairt do thiománaithe a úsáideann fón póca.