ARDÚ BREIS IS 200,000 AR AN MEÁNLUCHT FÉACHANA I gCOMPARÁID LE CLUICHE CEANNAIS NA BLIANA SEO CAITE.
D’fhéach breis is aon mhilliún duine ar fud na hÉireann ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh nuair a fuair Contae an Chláir an ceann is fearr ar Chorcaigh tar éis am breise. Bhí 1,037,000 ar an meán tiúnáilte isteach chuig Cluiche Beo an Domhnaigh ar RTÉ2 agus bhí 9,000 duine eile ag féachaint air ar RTÉ2+1.
B’ionann lucht féachana RTÉ agus sciar 77% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. Bhain an clúdach teilifíse an líon is mó riamh lucht féachana amach le 1,231,000 duine le linn don chluiche a bhuaicphointe a bhaint amach.
D’fhéach 830,000 duine ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar RTÉ2 idir Luimneach agus Cill Chainnigh anuraidh agus bhí sin ar an lucht féachana b’airde a d’fhéach ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann ón mbliain 2019. Bhain buaicphointí agus athbhreithniú na hoíche aréir ar an mbliain Iomána ar The Sunday Game lucht féachana 255,000 ar an meán amach le sciar 28%.
Bhí breis is aon mhilliún amharc leathanaigh ar líne ar RTÉ.ie/Sport (1.07m) ar bhlag beo Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann, i gcomparáid le 416,000 amharc ar bhlag beo an chluiche ceannais idir Luimneach agus Cill Chainnigh anuraidh.
Ag tagairt dó ar fhigiúirí an lae inné, dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett: “Tá sé cuí nuair a thógtar nádúr éachtach lascadh na gcamán an lae inné san áireamh gur tharraing sé lucht féachana millteanach den sórt sin mar gheall ar an scil agus díograis a léirigh an dá fhoireann sin. Mairfidh an cluiche go ceann i bhfad i gcuimhne na ndaoine a d’fhéach air agus a d’éist leis, agus beidh cúl cinniúnach Tony Kelly i measc annála na nóiméad éachtacha sin i bPáirc an Chrócaigh nach ligfear i ndearmad.”
Beifear ag leanúint le clúdach leathan CLG ar RTÉ an deireadh seachtaine seo atá ag teacht le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh agus Ard Mhacha. Beidh craoladh beo ar Sunday Game Live le Joanne Cantwell ón 2.15pm ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player agus beidh The Sunday Game á chur i láthair ag Jacqui Hurley san oíche Dé Domhnaigh ón 9.30pm, ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player freisin.
Beidh Des Cahill in éineacht le Jacqui Hurley don chlár, Up For The Match agus iad i mbun díospóireachta ar chluiche mór an Domhnaigh. Beidh tráchtaireacht agus tuairiscí beo ó Pháirc an Chrócaigh agus coinneofar an lucht leanúna ar an eolas ar RTÉ.ie/sport maidir leis na cúrsaí spóirt go léir.