Breis is 1.3 milliún duine ag faire ar RTÉ2 nuair a d’éirigh le Kellie Harrington a dara Bonn Óir a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha
Deineadh 369,000 sruth ar an RTÉ Player freisin
Bhí buaic líon 1,371,400 duine ag faire ar RTÉ2 aréir go bhfeicidís babhta ceannais Dhornálaíocht 60kg na mBan sna Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl in Roland Garros, babhta inar bhain Kellie Harrington na hÉireann curiarracht amach. Is í Kellie an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn ar éirigh léi dhá chraobh Oilimpeacha a bhaint amach, ceann i ndiaidh a chéile.
B’ionann lucht féachana RTÉ don troid féin agus sciar 83% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. Anuas air sin, bhí 369,000 sruth ar an RTÉ Player.
Maidir le figiúirí na hoíche aréir, is éard a dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett, “Bhí an tír ar fad ar bior, ag faire le barr measa agus iad faoi gheasa. Léirigh Kellie arís, mar atá déanta ag buaiteoirí boinn ar fad na hÉireann le linn na gcluichí seo, an chaoi a n-éiríonn le spórt muid ar fad a chur faoi dhraíocht agus muid a spreagadh. Mairfidh na híomhánna ó oíche aréir go deo i gcuimhne mhuintir na hÉireann agus tabharfaidh siad ugach dóibhsean atá ag iarraidh mar atá déanta ag Kellie a dhéanamh iad féin.”
Leanfar leis an aicsean an tseachtain seo le clúdach cuimsitheach ar fud RTÉ ar Chluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.
Figiúirí Teilifíse: TAM Ireland/Nielsen
Figiúirí an RTÉ Player: AT Internet