An chaoi a ndearna Muintir na hÉireann Laochra Móra na gCluichí Oilimpeacha a cheiliúradh le RTÉ
- 3.4 milliún duine* a d’fhéach ar Chluichí Oilimpeacha 2024 ar sheirbhís teilifíse RTÉ
- 7.2 milliún sruth a rinneadh ar an RTÉ Player
- 250 uair a chloig de Churiarrachtaí eisceachtúla Fhoireann na hÉireann craolta ar RTÉ
- 90 milliún babhta a féachadh ar ábhar na gCluichí Oilimpeacha ar chainéil meán sóisialta RTÉ ar Spórt RTÉ, RTÉ2, RTÉ News agus ar an RTÉ Player
Léiríonn na figiúirí ó chlúdach cuimsitheach RTÉ ar na Cluichí Oilimpeacha go raibh an-ghean go deo ag an bpobal ar Fhoireann na hÉireann agus an-spéis acu i gCluichí na bliana 2024 ó tharla gur féachadh ar agus gur éisteadh le breis is 250 uair de chlúdach beo ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne i gcaitheamh na 17 lá a raibh na Cluichí ar siúl.
Bhí fáil ag an lucht féachana agus éisteachta ar scleondar agus ar spiorad Pháras 2024 a bhuíochas sin do RTÉ, agus cinntíodh go raibh aistear an 133 lúthchleasaí ar Fhoireann na hÉireann ar fáil do chách sa bhaile ar fud gach ardán.
Bhí 7.2 milliúin sruth ar an RTÉ Player de na Cluichí Oilimpeacha ón 24 Iúil go dtí an 11 Lúnasa agus ar an gcúig sruth ba mhó bhí Kellie Harrington ag tabhairt léi an bonn óir, rás ceannais 400m Rashidat Adeleke, an rás 1,500m inar thug Daniel Wiffen leis an bonn cré-umha, Rhys McClenegan ag tabhairt leis an bonn óir agus rás sealaíochta 400m na mban faoi seach.
Ar an 3 imeacht ba mhó a féachadh orthu ar RTÉ2 bhí:
- Kellie Harrington ag tabhairt léi an bonn óir i mbabhta ceannais Dhornálaíocht 60kg na mBan – a raibh buaicleibhéal 1.4 milliún duine ag féachaint air.
- Rhasidat Adeleke ag teacht sa 4ú háit i rás 400m na mBan – a raibh buaicleibhéal 926,000 duine ag féachaint air.
- Éire ag teacht sa 4ú háit i Rás Sealaíochta 4x400m na mBan – a raibh buaicleibhéal 910,000 duine ag féachaint air.
I measc bhuaicphointí eile na gCluichí ar RTÉ2 don lucht féachana in Éirinn bhí snámh Mona McSharry nuair a bhuaigh sí an bonn óir Dé Luain an 29 Iúil, a raibh buaicleibhéal 621,000 duine ag féachaint air, agus bhí buaicleibhéal 429,000 duine ag féachaint ar Fintan McCarthy agus ar Paul O’Donovan ag tabhairt leo an bonn óir den dara uair as a chéile san iomramh éadrom-mheáchain Oilimpeach Dé hAoine an 2 Lúnasa.
Bhí buaicleibhéal 629,000 duine ag féachaint ar an ngleacaí Rhys McClenaghan ar an gcapall corr nuair a bhuaigh sé an bonn óir Dé Sathairn an 2 Lúnasa. D’fhéach buaicleibhéal 790,000 duine ar Daniel Wiffen Dé Domhnaigh an 4 Lúnasa nuair a bhuaigh sé bonn cré-umha sa Saorstíl 1,500m, é ag cur leis an mbonn óir a bhí buaite aige roimhe sin sa Saorstíl 800m.
Meánlucht féachana 443,000 duine a d’fhéach ar Shearmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha (Beo + Vosdal), agus meánlucht féachana 346,000 duine a d’fhéach ar an Searmanas Clabhsúir. Cuireadh fáilte mhór abhaile roimh na lúthchleasaithe inné ar Shráid Uí Chonaill, ócáid a craoladh beo ar RTÉ One agus ag a raibh meánlucht féachana os cionn 200,000 agus atá sruthaithe 43,000 babhta ar an RTÉ Player go dtí seo. I gcaitheamh na gCluichí ar fad a craoladh ar sheirbhís teilifíse RTÉ d’fhéach 3.4 milliún* duine in Éirinn ar chlúdach ar feadh ar a laghad 1 nóiméad.
90 milliún babhta a féachadh ar ábhar ó na Cluichí Oilimpeacha ar fud chainéil meán sóisialta RTÉ (Spórt RTÉ, RTÉ2, RTÉ News agus an RTÉ Player, chomh maith leis na cainéil chorparáideacha) agus rinneadh breis is 9.5 milliún caidreamh gníomhach ar TikTok, Instagram, Facebook agus X.
Is éard a dúirt, Declan McBennet, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ: “Cluichí Oilimpeacha iontacha a bhí i bPáras 2024 ar gach uile bhealach agus cruthaigh an fhoireann is mó a bhí ag Éirinn riamh ócáidí dochreidte lena linn, ócáidí nach ndéanfar dearmad go brách orthu. Níor léirigh muintir na hÉireann an oiread sin spéise riamh cheana san imeacht spóirt is mó ar domhan agus ba mhór an onóir do RTÉ é a bheith páirteach ann ar fud gach ardán.”
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst: “Ón searmanas oscailte go dtí an lá ar tháinig na lúthchleasaithe abhaile, ba é an jab a bhí againne in RTÉ ná a chinntiú go raibh muintir na hÉireann ábalta sult a bhaint as spleodar agus spiorad Pháras 2024 agus taithí a fháil air, gach nóiméad de sin a chur ar fáil do lucht féachana agus éisteachta RTÉ, agus trína dhéanamh sin aistear dochreidte an 133 lúthchleasaí ar Fhoireann na hÉireann a chur ar ardán cumhachtach náisiúnta – iad san iomaíocht i réimse spóirt a bhí níos leithne ná mar a bhí riamh – ar gach ardán, de lá agus d’oíche. Is léargas é scála, archaighdeán agus spleodar an chlúdaigh ar dhúthracht na bhfoirne ar fud RTÉ, agus ar mhisean uathúil na meán seirbhíse poiblí rochtain saor go haer a ghealladh maidir le hócáidí náisiúnta spóirt mar seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Foireann na hÉireann as an éacht iontach atá déanta acu – is cúis bhróid d’Fhoireann RTÉ an pháirt a ghlac siad in bhur gCluichí Oilimpeacha den scoth.”
Tugadh deis do lucht leannta spóirt féachaint ar 14 uair an chloig de chlúdach a cuireadh ar fáil le linn trí chlár teilifíse ar RTÉ2 agus an RTÉ Player, cláracha inar cuireadh raon leathan saineolais ar fáil ar an spórt a bhí ar siúl le linn na gCluichí Oilimpeacha lena n-áirítear lúthchleasaíocht, snámh, dornálaíocht, iomramh, gleacaíocht, badmantan, agus rugbaí seachtar an taobh).
Chuir RTÉ breis is 250 uair an chloig d’aicsean beo ón Fhrainc ar fáil ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player le linn trí chlár bheo laethúla, clúdach beo ar na príomhimeachtaí ar fáil ar RTÉ Raidió 1, RTÉ 2fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, clúdach forleathan ar fáil ar RTÉ News chomh maith le sraith úrnua de Phodchraoltaí Oilimpeacha RTÉ a bhí ar fáil gach maidin.
Ba shuntasach an líon den lucht féachana a d’fhéach ar chlúdach nuachta RTÉ News gach maidin le linn na gCluichí Oilimpeacha chun go bhfeicidís féin an nuacht is déanaí agus an chaoi a raibh cúrsaí an lae ag dul i bhfeidhm ar Fhoireann na hÉireann chomh maith le mór-cheannlínte idirnáisiúnta spóirt eile. Thaistil iriseoirí agus criúnna RTÉ News ar fud na tíre chun léargas a fháil ar ríméad phobail agus lucht tacaíochta na lúthchleasaithe de réir mar a tháinig an tír ar fad le chéile chun iad a mholadh ar fud ardáin RTÉ News as a gcuid éachtaí ar son na tíre.
Chuir RTÉ.ie agus aip RTÉ News an t-aicsean is déanaí ó Pháras 2024 ar fáil, na torthaí, próifílí na lúthchleasaithe, buaicphointí agus fís-agallaimh eisiacha, anailís ó fhoireann saineolaithe RTÉ chomh maith leis an nuacht is déanaí as Páras.
Figiúirí Teilifíse: TAM Ireland/Nielsen
*+1 nóiméad Sciar Comhthiomsaithe – Líon iomlán na ndaoine a d’fhéach ar ar a laghad 1 nóiméad le linn na gCluichí.
Áirítear an líon daoine a d’fhéach ar Live + OnDemand sna figiúirí
Figiúirí an RTÉ Player: Piano Analytics