IS DEIREANAÍ Ó JNLR AR FÁIL MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RTÉ
- Tarraingíonn seirbhísí raidió RTÉ aird níos mó ná dhá mhilliún duine fásta* nó 48% de dhaonra na ndaoine fásta gach seachtain agus tá ardú ar líon an lucht éisteachta ag gach stáisiún de chuid RTÉ
- Le RTÉ 17 clár as an 20 clár raidió is mó lucht éisteachta arna gcraoladh in Éirinn
- Is é RTÉ Radio 1 an t-aon stáisiún in Éirinn ar a mbíonn aird ag níos mó ná 1 milliún éisteoir** le hardú +31,000 éisteoir Bliain ar Bhliain
- Ardú 94,000 éisteoir Bliain ar Bhliain go dtí 791,000 tagtha ar líon na ndaoine a dtarraingíonn RTÉ 2FM a n-aird gach seachtain
- Bíonn 335,000 duine ag éisteacht le RTÉ lyric fm gach seachtain, ardú +37,000 Bliain ar Bhliain
I gcomórtas leis an am seo anuraidh, tá 31,000 duine breise ag éisteacht le RTÉ Radio 1 i rith na seachtaine, tá ardú 94,000 ar lucht éisteachta RTÉ 2FM gach seachtain agus 37,000 duine breise ag éisteacht le RTÉ lyric fm 37,000.
Ag trácht dó ar na figiúirí is deireanaí, dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Chonacthas le laethanta beaga anuas gur i muinín RTÉ a tháinig na milliúin anseo in Éirinn maidir le tráchtaireacht ar sháréachtaí na gCluichí Oilimpeacha. Tá ról lárnach i gcónaí i saol na hÉireann ag na meáin seirbhíse poiblí – agus is léiriú eile arís air sin na figiúirí is deireanaí seo faoi lucht éisteachta na stáisiúin raidió. RTÉ a chraolann 17 den 20 clár is mó lucht éisteachta in Éirinn.
Tá borradh faoi RTÉ Radio 1, an t-aon stáisiún in Éirinn arís i mbliana a tharraingíonn aird níos mó ná milliún duine gach seachtain, agus ardú 31,000 duine ar an lucht éisteachta sin le bliain anuas. Tá borradh faoi RTÉ 2FM le hardú 94,000 le himeacht bliana ar an lucht éisteachta gach seachtain. Agus tá borradh faoi RTÉ lyric fm, le 37,000 éisteoir breise seachas líon na n-éisteoirí anuraidh. Is ábhar mórtais réimse na gcláracha ar RTÉ, cláracha cainte agus cláracha nuachta agus faisnéise iontaofa, cláracha siamsaíochta agus cláracha ceoil, lón machnaimh agus ábhar spéise a tharraingíonn aird mhuintir na hÉireann ar fad.”
RTÉ Raidió 1
Bíonn aird ag 904,000 éisteoir ar RTÉ Radio 1 ar laethanta na seachtaine (+46,000 Bliain ar Bhliain).
- Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba 486,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo (+46,000 Bliain ar Bhliain).
- Countrywide, ardú +68,000 Bliain ar Bhliain, le 277,000 de lucht éisteachta gach maidin Sathairn.
- Is é clár Oliver Callan an tríú clár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn ó Luan go hAoine le 336,000 éisteoir gach lá (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse).
- Bíonn 344,000 duine (+3,000 Tréimhse ar Tréimhse) ag éisteacht anois le Today with Claire Byrne ón 10 r.n. – 12 meán lae, Luan go hAoine, gach lá den tseachtain.
- Bíonn cluas ag 221,000 éisteoir (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) leis an gceol iontach ar The Louise Duffy Show.
- Bíonn 340,000 éisteoir (+2,000 Bliain ar Bhliain) ag Brendan O’Connor ar an Satharn, agus 346,000 ag éisteacht leis an dara clár raidió is mó lucht éisteachta sa tír ar an Domhnach (+23,000 Bliain ar Bhliain).
- Tá 295,000 éisteoir ag News at One.
- Tá lucht éisteachta 302,000 (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Liveline with Joe Duffy.
- Bíonn 191,000 de lucht éisteachta (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag The Ray D’Arcy Show gach tráthnóna ó Luan go hAoine ar RTÉ Radio 1.
- Éisteann 224,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) gach tráthnóna le Drivetime.
- Bíonn 337,000 ag éisteacht le Playback ar an Satharn.
- 331,000 duine (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) de lucht éisteachta a bhíonn ag The Business gach maidin Dé Sathairn.
- Bíonn 216,000 de lucht éisteachta (+10,000 Bliain ar Bhliain) ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
- Bíonn 226,000 de lucht éisteachta ar RTÉ Radio 1 ag Saturday Sport/Doc On One ón 2 i.n. – 6 i.n. agus 203,000 ag éisteacht le Sunday Sport.
- Bíonn 315,000 ag éisteacht le Sunday Miscellany.
- Bíonn 309,000 duine (+5,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht leis an gclár Sunday with Miriam.
- Bíonn 49,000 duine (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Arena ó Luan go hAoine.
- Bíonn 56,000 duine (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le ceol breá ar The John Creedon Show gach oíche ó Luan go hAoine.
Is éard a dúirt Tara Campbell, Eagarthóir Bainistithe RTÉ Radio 1: “Teist bhreá ar RTÉ Radio 1 an bunachar figiúirí seo agus taithneamh á bhaint ag lucht éisteachta ábhair nuachta agus cúrsaí reatha, spóirt, siamsaíochta, ceoil agus cultúir as an réimse leathan ábhair a léiríonn meithle díograiseacha cumasacha na gcláracha. Is ábhar mórtais againn, an t-aon stáisiún ar a mbíonn aird ag níos mó ná milliún éisteoir gach seachtain, go mbíonn an lucht éisteachta dílis dúinn agus muinín acu as na láithreoirí agus as an saothar craoltóireachta. Is dírithe ar an lucht éisteachta a bhíonn gach gné dár gcuid oibre.”
RTÉ 2FM
- Bíonn 149,000 de lucht éisteachta (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag 2FM Breakfast gach maidin ó Luan go hAoine.
- Bíonn 141,000 de lucht éisteachta (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Laura Fox on 2FM ón 9 r.n. – an 12 meán lae.
- Baineann 128,000 éisteoir (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) taitneamh as an gceol iontach a bhíonn ag Tracy Clifford dóibh ag am lóin gach lá.
- Baineann lucht éisteachta 157,000 duine (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) ar fud na tíre taitneamh as 2FM Drive tráthnóna.
- Bíonn 42,000 duine (+5,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht le Game On ar na hoícheanta i rith na seachtaine don chomhrá spóirt
- Bíonn 136,000 de lucht éisteachta (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Weekends on 2FM ón 9 r.n. – an 12 meán lae ar an Satharn (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) agus 128,000 ar an Domhnach.
- Bíonn 133,000 de lucht éisteachta (+9,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Roz and Emma on 2FM ón 12 meán lae – 3 i.n. ar an Satharn agus 98,000 (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) ar an Domhnach.
Is éard a dúirt Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Tá toradh chun sochair tugtha i gcrích ar an bpointe ag Laura Fox ar 2FM agus borradh 6,000 éisteoir faoi lucht éisteachta an chláir ón 9 ar maidin go dtí an meán lae ó Luan go hAoine. Tá meitheal iontach ag obair faoi stiúir Kate Proctor ar chlár Laura. Tá ardú ar lucht éisteachta Tracy Clifford arís an tréimhse suirbhéireachta seo, le 7,000 éisteoir breise idir an meán lae agus an trí tráthnóna. Tá ardú 5,000 ar lucht éisteachta The Breakfast Show agus ardú 6,000 ar lucht éisteachta 2FM Drive.
Táthar faoi láthair i mbun an phróisis maidir le dream nua cumasach a aimsiú i mbun cláracha raidió in Éirinn agus beidh suas le 140 duine ag teacht trí 2FM as seo go ceann coicíse. Is iontach an cumas atá á léiriú dúinn ag daoine le gach cineál taithí saoil.
Táthar ag tnúth le cur arís lena bhfuil bainte amach i rith thréimhse an bhunachair figiúirí seo agus le clár nua am bricfeasta ar maidin agus am tiomána tráthnóna a chur ar fáil don lucht éisteachta i rith na míonna seo romhainn. Ba mhaith liom, mar fhocal scoir, buíochas a ghlacadh thar ceann mheitheal 2FM leis an lucht éisteachta ar fad.”
RTÉ lyric fm
- Bíonn 67,000 duine de lucht éisteachta (+13,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Marty in the Morning gach maidin ó Luan go hAoine.
- Bíonn 67,000 duine de lucht éisteachta (+9,000 Tréimhse ar Thréimhse) gach trathnóna Sathairn ag Aedín Gormley’s Movies and Musicals
- Bíonn 60,000 duine de lucht éisteachta (+10,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Sunday Afternoon with Simon Delaney.
- Bíonn 51,000 duine de lucht éisteachta (+5,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Niall Carroll’s Classical Drivetime ó Luan go hAoine.
- Bíonn 51,000 duine de lucht éisteachta (+7,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Liz Nolan’s The Full Score (Luan go Déardaoin) / Aedín in the Afternoon (ar an Aoine).
- Bíonn 57,000 duine de lucht éisteachta (+1,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag Lorcan Murray’s Classic Drive gach tráthnóna ó Luan go hAoine.
- 46,000 duine (+3,000 Tréimhse ar Thréimhse) a bhíonn ag éisteacht le Daybreak le Evonne Ferguson maidin Dé Sathairn.
- Bíonn 46,000 duine de lucht éisteachta (+2,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag The Hamilton Scores with George Hamilton ar an Satharn agus 52,000 (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) ar an Domhnach.
- Bíonn 28,000 duine de lucht éisteachta (+6,000 Tréimhse ar Thréimhse) ag The Mystery Train with John Kelly / RTÉ lyric Live with Paul Herriott gach tráthnóna ó Luan go hAoine.
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceannasaí RTÉ lyric fm: “Tá ceiliúradh á dhéanamh ag RTÉ lyric fm ó mhí Bealtaine i leith ar 25 bliain ar an aer agus tá an bunachar figiúirí seo, an toradh foráis is fearr riamh againn, ina sméar mullaigh ar an gcomóradh ag meithle na gcláracha. Tráth a bhfuil gleo agus fothram sa saol, is minic gurb é an ceol a théann i gcion ar dhaoine, a chuidíonn lenár dtabhairt ar ais ar an gcothrom agus muid á sheinm, ag éisteacht leis agus ag damhsa leis. Sa cheol atá an ceangal eadrainn.
Tá RTÉ lyric fm tugtha i gcónaí do cheol den scoth a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Táthar an-bhuíoch de na héisteoirí nua a bhfuil cluas á dtabhairt acu linn agus sásamh á bhaint acu as ábhar eile éisteachta agus is breá linn fáilte a chur roimh 37,000 éisteoir nua, éisteoirí óga nua ina measc, san aoisghrúpa 15-34 bliana d’aois, atá ag taobhú RTÉ lyric fm le bliain anuas.”
Nótaí:
* 2,067,000 Duine Fásta 15+
** 1,401,000 Duine Fásta 15+
Maidir leis an tacar sonraí reatha (a bhaineann leis an tréimhse Iúil 2023 – 2024), agus tréimhsí inchomparáide, seo a leanas na bunfhoinsí ábhartha:
- Tréimhse ar Thréimhse = Foinse: JNLR/ Ipsos MRBI 2024-2 v 2024-1.
- Bliain ar Bhliain = Foinse: JNLR/Ipsos MRBI 2024-2 v 2023-2.