Fógraíonn RTÉ craoladh níos leitheadaí ná mar a tharla riamh cheana ar na Cluichí Parailimpeacha ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne
– Níos mó ná 100 uair a chloig de chraoladh teilifíse ar RTÉ2
– 500 uair a chloig beo ar 4 chainéal beo digiteach ar an RTÉ Player
– Na scéalta, na torthaí agus na hagallaimh is deireanaí ar an aip RTÉ News agus ar RTÉ.ie
– Joanne O’Riordan, Jason Smyth, Michael McKillop, James Scully agus Niamh McCarthy le Foireann Chluichí Parailimpeacha RTÉ sa stiúideo
D’fhógair RTÉ inniu craoladh níos leitheadaí arís ar Chluichí Parailimpeacha 2024 i bPáras ná mar a tharla aon uair go dtí seo.
Beidh craoladh beo á dhéanamh ar feadh 12 lá ó Dé Céadaoin, an 28 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh, an 8 Meán Fómhair, leis an réimse is forleithne riamh de chraoladh teilifíse ó na Cluichí Parailimpeacha ar RTÉ, 104 uair a chloig ar RTÉ2, chomh maith le hábhar speisialta faoi leith ar an RTÉ Player.
Beidh níos mó ná 500 uair a chloig d’ábhar beo le feiceáil ar an RTÉ Player, ar fud ceithre cinn de chainéil digiteacha beo, ionas go mbeidh lucht féachana na hÉireann in ann iomlán an aicsin agus iomaitheoirí buacacha Fhoireann na hÉireann a fheiceáil beo ar an toirt.
Tar éis ar chuir na Cluichí Oilimpeacha de sceitimíní ar mhuintir na hÉireann, agus ar thug Foireann na hÉireann de bhoinn abhaile leo, beidh tuairisceoireacht chuimsitheach á déanamh ag RTÉ ionas go mbíonn gach duine ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú ag na Cluichí Parailimpeacha i rith na seachtainí seo romhainn. Is féidir leis an lucht leanúna coinneáil suas, lá i ndiaidh an lae, lena bhfuil ar siúl, beo as Páras, ar RTÉ2, RTÉ Radio 1 agus RTÉ News, 2FM, RTÉ Player agus RTÉ.ie.
Cuirfear tús leis an aicsean as Páras le hathshamhlú ar an Searmanas Oscailte. Beidh sin, mar a tharla i gcás na gCluichí Oilimpeacha, éagsúil leis an ngnáthshearmanas oscailte sa stáid spóirt féin. Beidh John Kenny agus James Scully, iariomaitheoir ag na Cluichí Parailimpeacha, i mbun tráchtaireachta beo ón láthair.
Mar chuid den chraoladh cuimsitheach a dhéanfaidh RTÉ ar na Cluichí, beidh súil á choinneáil ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player ar 35 iomaitheoir Fhoireann na hÉireann ionas go mbíonn an lucht féachana ar an eolas leis na scéalta is deireanaí. Beidh tuairiscí beo as Páras gach maidin ó Chluichí Parailimpeacha 2024 ar Paris Paralympics 2024: Matin.
Beidh Daráine Mulvihill i mbun láithreoireachta beo as Páras luath sa tráthnóna ar Paris Paralympics 2024: Après-midi agus cuirfidh Evanne Ní Chuilinn buaicphointí agus ábhar anailíse i láthair i mBaile Átha Cliath ar Paris Paralympics 2024: Soir.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spórt RTÉ: “Is iad na Cluichí Parailimpeacha an ceathrú cuid de Shamhradh Spóirt na bliana seo ag RTÉ, tar éis Euro 2024, Craobhchomórtais Chumann Lúthchleas Gael agus na Cluichí Oilimpeacha. Is ábhar mórtais an nós seanbhunaithe atá ag lúthchleasaithe na hÉireann i mbun iomaíochta ag na Cluichí Parailimpeacha agus is mór an fonn atá orainn díograis, dúthracht agus díocas iomaitheoirí sármhaithe na hÉireann a thaispeáint do mhuintir na tíre seo.”
Beidh tuairisceoireacht á déanamh as Páras ag Éamon Horan, Siobhán Madigan agus Darren Frehill ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player chomh maith leis na scéalta is deireanaí a chur ar fáil ar na cláracha Morning Ireland, Today with Claire Byrne, News At One, agus eile, ar RTÉ Radio 1.
Déanfar plé ar imeachtaí uile an lae ar Game On ar RTÉ 2FM le scéalta nuachta, tuairiscí agus tráchtaireacht as Páras ar éachtaí éagsúla. Ar an deireadh seachtaine, beidh tráchtaireacht agus ábhar anailíse ar Saturday Sport agus Sunday Sport ar RTÉ Radio 1. Beidh tuairiscí freisin ar Raidió na Gaeltachta ar na míreanna spóirt i rith na seachtaine chomh maith le tráchtaireacht níos leithne ar chláracha spóirt an deireadh seachtaine.
I measc na ndaoine a bheidh ar phainéal RTÉ ar a seal, beidh Joanne O’Riordan, iriseoir spóirt, agus iariomaitheoirí, Michael McKillop (Lúthchleasaíocht), Jason Smyth (Lúthchleasaíocht), Niamh McCarthy (Caitheamh Teisce) agus James Scully (Snámh).
Beidh agallaimh le hiomaitheoirí na hÉireann á gcur ar fáil gach lá ag Spórt RTÉ freisin de réir mar a bhíonn imeachtaí ar siúl agus beidh na scéalta is deireanaí á gcur ar fáil ar RTÉ.ie/Paralympics agus ar an aip RTÉ News.
Beidh ábhar faoi leith as Páras á chur ar fáil ar chuntais RTÉ ar na meáin shóisialta ionas gur féidir leis an lucht féachana coinneáil ar an eolas faoina bhfuil ag titim amach ar fud na n-ardán éagsúil.
Is féidir leis an lucht féachana blas a fháil roimh ré ar na Cluichí Parailimpeacha leis an snámhaí Nicole Turner agus na rothaithe Katie-George Dunleavy agus Eve McCrystal ar an gclár Paths to Paris ar RTÉ Player. Feictear sa tsraith ceithre chlár seo roinnt de lúthchleasaithe na hÉireann a mbeidh deis acu ar bhoinn agus iad ag féachaint le cáiliú don seó is suntasaí ar an saol seo, na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha.
Nótaí:
Craoladh na gCluichí Parailimpeacha ar RTÉ ó Chluichí 2012 i leith:
- Londain 2012 – 5 uair a chloig
- Rio de Janeiro 2016 – 30 uair a chloig
- Tóiceo 2020 – 70 uair a chloig
- Páras 2024 – 104 uair a chloig
Is ábhar mórtais ag Allianz urraíocht a dhéanamh ar chraoladh na gCluichí Parailimpeacha ar RTÉ.