Níos mó ná leathmhilliún ag faire agus gradam Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2024 á bhronnadh ar Keeley O’Grady, Rós na Nua-Shéalainne
Bhí sruthcheangal á dhéanamh leis an ócáid ar an RTÉ Player ag lucht féachana ar fud an domhain.
Bhí níos mó ná leathmhilliún duine ag féachaint ar Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2024 á roghnú ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player nuair a d’fhógair na láithreoirí, Kathryn Thomas agus Dáithí Ó Sé, gurb í Keeley O’Grady, Rós na Nua-Shéalainne, buaiteoir na bliana seo.
Tharraing bronnadh ghradam Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2024 buaiclíon lucht féachana 599,100 duine* ar RTÉ One. B’ionann meánlíon an lucht féachana a bhí ag faire ar Fhéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí ar RTÉ One aréir tar éis an Nine O’Clock News agus 543,000**.
Bhí meánlíon an lucht féachana ar RTÉ One ar feadh dhá lá na féile cothrom le 412,900**. B’ionann líon an lucht féachana ar tarraingíodh a n-aird ar an seó ar feadh aon nóiméad amháin agus 1.3 milliún*** i rith an dá oíche.
Tá Rós Thrá Lí ag tarraingt dreamanna níos óige den lucht féachana i gcónaí agus bhí 60% den lucht féachana 15 – 34 ar faire ar an seó oíche Dé Máirt.
Ceanglaíodh 177,000 sruth go dtí seo ar an RTÉ Player le daoine in Éirinn agus in 81 tír eile ar fud an domhain – i dtíortha na hEorpa, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Nua-Shéalainn, san Astráil, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, san Íoslainn, sa tSeapáin agus i dtíortha eile.
Ar na meáin shóisialta, tapaíodh ábhar @rteone Rose of Tralee níos mó ná 5.11 milliún uair ar Instagram, TikTok, Facebook agus Twitter le spéis dhaoine á tharraingt níos mó ná 504,000 duine.
Is éard a dúirt Alan Tyler, Grúpcheannasaí RTÉ don tSiamsaíocht agus Ceol: “Is iontach an rud an dlúthcheangal a fheiceáil atá ag lucht féachana ar an teilifís agus ar ardáin níos nuaí, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, leis an gceiliúradh seanbhunaithe cultúir seo. 65 bhliana agus gan ann ach an tús!”
Bliain i ndiaidh bliana, déanann RTÉ fónamh d’imeachtaí ealaíne agus cultúir ar fud na hÉireann faoin scéim Tacaíocht RTÉ do na hEalaíona. Tá Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí le háireamh i measc an líon is mó ná 160 ócáid in aghaidh na bliana a bhfóntar dóibh faoin scéim sin maidir le scannánaíocht, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, féilte, litríocht, amharclannaíocht, taispeántais agus eile. Cothaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta in Éirinn faoin scéim le bolscaireacht ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ agus le bearta forleitheadacha taca ar chainéil shóisialta RTÉ.