Moladh faighte ag Ireland’s Wild Islands RTÉ ón lucht léirmheasa idirnáisiúnta mar aon le dhá ainmniúchán ag dhá fhéile scannán mór le rá
Tá Ireland’s Wild Islands, a bhuaigh duais roimhe seo ag na Royal Television Awards, ainmnithe anois ag Féile Scannánaíochta Wildscreen na Breataine agus ag Féile Green Screen na Gearmáine
Tá aitheantas idirnáisiúnta faighte ag sraith iomráiteach staire nádúrtha RTÉ One, Ireland’s Wild Islands, agus ainmniúcháin faighte dá réir aici ag péire de na féilte scannán fiadhúlra is mó ar domhan, Wildscreen sa Ríocht Aontaithe agus Green Screen sa Ghearmáin.
Tá an-chuid cainte tarraingthe ag Ireland’s Wild Islands cheana féin in Éirinn, tar éis an tSraith Fhíorasach Speisialtóra is Fearr a bhuachan ag Gradaim Teilifíse RTS na hÉireann i mbliana agus níl deireadh fós le rath na sraithe.
Tá ainmniúchán faighte freisin ag Eoin Warner, láithreoir na sraithe, ag Féile Wildscreen sa chatagóir On-Screen Talent as a thuras iontach timpeall chósta na hÉireann i gceann de Bháid Mhóra na Gaillimhe. Rinneadh an turas fíorphearsanta seo, a craoladh i dtrí chuid ar RTÉ One i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine seo caite, i gcuimhne ar athair Warner nach maireann, fear a chuir iontais na farraige in iúl dá mhac sula bhfuair sé bás go tragóideach.
Déantar ceiliúradh ar scoth na scéalaíochta maidir le stair an dúlra le Wildscreen, ar a dtugtar an fhéile is mó agus is iomráití do scannánóirí fiadhúlra. Is minic a dtugtar ‘Oscars na scannán ar stair an dúlra’ ar Ghradaim Panda na féile.
Is éard a dúirt Eoin Warner: “Is mór an onóir dom ainmniúchán a fháil ag Wildscreen, agus mé in aghaidh iomaitheoirí iontacha idirnáisiúnta agus is cúis áthais ar leith dom a bheith sa bhabhta ceannais le tionscadal pearsanta mar seo a rinneadh in Éirinn. Is áiteanna fíorspeisialta iad oileán na hÉireann agus is orthu a fhaigheann cuid den fhiadhúlra is luachmhaire agus is iontaí sa tír tearmann”.
Is í an fhéile Green Screen, a bheidh ar siúl sa Ghearmáin, an ócáid is suntasaí san Eoraip do lucht déanta scannán ar stair an dúlra, ag a dtagann lucht déanta na gcláracha faisnéise fiadhúlra is fearr ar domhan le chéile. Tá Ireland’s Wild Islands ar an ngearrliosta don Scannán Mara is Fearr.
Arna léiriú ag Crossing the Line Productions agus arna choimisiúnú ag Ceannasaí Sainchláracha Fíorasach RTÉ, Colm O’Callaghan, is sraith trí chuid de chuid RTÉ í Ireland’s Wild Islands ina dtugtar léargas ar dhomhain cheilte agus ar neacha fiáine na n-oileán Atlantach is scoite amach agus ar na dúshláin atá rompu agus iad ag maireachtáil i ndomhan atá ag athrú go tapa.