Séasúr Nua d’Ábhar Sainiúil Seirbhíse Poiblí ina Léirítear Scéalta Mhuintir na hÉireann agus ina nDéantar Ceiliúradh ar Thalamh, ar Chultúr agus ar Chruthaitheacht na hÉireann á Sheoladh ag RTÉ
Cuirfidh RTÉ – i gcomhar le hearnáil léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann – réimse breá d’ábhar suntasach seirbhíse poiblí ar fáil i rith an tséasúir nua seo. Tá cláracha faisnéise san áireamh a chuirfidh le tuiscint an phobail ar chúrsaí staire agus ar cheisteanna na linne; tá sárshraitheanna faoin dúlra i gceist ina ndéantar ceiliúradh ar oileán na hÉireann; mar atá ábhar dúchasach drámaíochta agus siamsaíochta ar ardchaighdeán agus ábhar ilardán do dhaoine óga trína gcothaítear ilchuimsitheacht, litearthacht na mothúchán agus aird ar chúrsaí timpeallachta i saoránaigh óga na hÉireann. Tá RTÉ dúthrachtach arís an séasúr seo d’ábhar sainiúil de chuid na hÉireann a chur ar fáil, i nGaeilge agus i mBéarla, atá ina lón eolais, siamsa agus spreagtha ag an lucht éisteachta agus féachana.
• Le sárchláracha faoin dúlra, déanfar ceiliúradh ar scéimhe an taobh tíre ar an oileán seo, chomh maith le haird a dhíriú ar an ngéarchéim maidir leis an aeráid – Ireland’s Coast, Scéalta na Lochanna, Why We Love Dolphins, Kerry: Stories from the Kingdom agus Tarrac na Farraige
• Beidh daoine nua sárchumasacha chun tosaigh ar shraith nua de ghearrdhrámaí faoin mbranda Storyland lena n-áireofar sa bhliain 2025 dráma i nGaeilge agus beidh No Worries If Not ar ais le dream bríomhar fir agus mná óga grinn de chuid na hÉireann
• Sraith nua ceithre chlár faisnéise, arna léiriú ag an dream céanna a léirigh The Game faoi stair na hiománaíochta, is ea Hell for Leather faoin bpeil Ghaelach ina scrúdaítear stair chasta an chluiche agus stair na n-athruithe a tháinig le himeacht aimsire, arna insint ag roinnt de na himreoirí, bainisteoirí agus cóitseálaithe is iomráití agus roinnt de na tráchtairí is grinne
• Tugann Blindboy Boatclub dearcadh úrnua ar ar tháinig le hoidhreacht ó ré na Luath-Chríostaíochta in Éirinn ar Blindboy: The Land of Slaves and Scholars
• Ceanglaíodh níos mó ná 100 milliún sruth leis an RTÉ Player go dtí seo i mbliana agus beidh ábhar breise beo agus ar éileamh á chur ar fáil an séasúr seo, sraith nua grinn don seinnteoir go speisialta san áireamh, Good Boy le Tony Cantwell sa phríomhpháirt
• Scrúdaíonn Adam Clayton (U2) an tionchar a bhí ag na seóbhannaí ar chultúr na hÉireann ar Ballroom Blitz
• Tugann Angela Scanlon léargas iomlán ar an saol ag teaghlaigh atá ag strachailt le hanoireicse ar Anorexia, My Family and Me
• Cuireann Imelda May, le haíonna éagsúla, beocht in athuair i gcuid d’amhráin na ndaoine atá ligthe i ndearmad in An Leabhar Nótaí
• Bainfidh leanaí sult agus sásamh as scéalta á n-insint ag Kayleigh Trappe, Demi Isaac Oviawe agus daoine cáiliúla eile ar Storybud, scéalta faoi rudaí ‘a tharla’…’dáiríre’…
Ag labhairt dó ag seoladh shéasúr nua RTÉ, deir Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Is léiriú na cláracha agus na sraitheanna seo ar na modhanna éagsúla maireachtála atá ag daoine ar an oileán seo agus an beocht atá ina saol acu. Is dóigh liom go gcuirfidh an lucht féachana de gach aois spéis san ábhar dúchasach drámaíochta ar ardchaighdeán atá á chur ar fáil agus go mbainfidh siad taitneamh as éagsúlacht na seónna nua agus as an réimse forleitheadach d’ócáidí spóirt a chuireann RTÉ ar fáil ar an aer saor ó tháille. Nuair is mór agus rómhór an rogha maidir le meáin chumarsáide ar na saolta seo, nuair is géire iomaíocht ó mhargaí eile, agus nuair is fairsinge an scaipeadh ar mhífhaisnéis, is é a chuirim romham go leanfadh RTÉ d’ábhar dúchasach seirbhíse poiblí faoi leith a chur ar fáil agus go mbeadh iontaoibh i gcónaí as RTÉ maidir le hábhar nuachta. Is é an cúram a leagtar orainn scéalta na hÉireann a insint le barr ionracais, cruinnis agus cruthaitheachta.”
Cláracha Fíorasacha
Leanann RTÉ den dúthracht maidir le cláracha faisnéise a chraoladh ina léirítear agus a scrúdaítear an saol in Éirinn – ionas go gcuirtear ábhar foghlama, eolais agus siamsa ar fáil don lucht féachana trí thuiscint agus léargas daoine éagsúla a thabhairt ar an tír san am a caitheadh, san am i láthair agus san am atá le teacht.
Sa tsraith nua trí chlár On the Beat, tugtar léargas ar shaol an Gharda ó lá go lá in Éirinn, ceamaraí sna sála ag Gardaí agus iad i mbun dualgais ionas go bhfaightear amharc soiléir ar na réimsí deacrachta a bhíonn le sárú i gceantair póilíneachta i bPort Láirge, sa Longfort agus i nDún Dealgan. Pléitear ar The Case I Can’t Forget le cásanna móra fiosrúcháin in Éirinn. Beidh eagráin nua ar fáil faoi ghadaíocht as meaisíní ATM, faoi gháinneáil ar dhaoine agus eagrán speisialta dhá chlár faoi Martin Cahill, an té ar a dtugtaí “The General”. Tugann an scríbhneoir agus an podchraoltóir Blindboy Boatclub faoi fheachtas ríphearsanta fiosrúcháin dá chuid féin in Blindboy: The Land of Slaves and Scholars, ag cíoradh ceisteanna faoi bhunú, faoi fhorás agus faoi oidhreacht chultúrtha luathré na Críostaíochta in Éirinn.
Is í Angela Scanlon an reacaire ar Anorexia, My Family and Me ina bhfaightear léargas iomlán ar chúrsaí an tsaoil ó thrí cinn de theaghlaigh atá ag streachailt le hanoireicse. Ar Addicts, tugann Brian Pennie, Ollamh le Néareolaíocht, tuairisc bunaithe ar thaithí saoil agus ar shaineolas gairme ar andúil agus a mbaineann leis ó thús go deireadh. Tá páirtmhaoiniú á dhéanamh ar an saothar seo ag Taighde Éireann – Research Ireland (Fondúireacht Eolaíochta Éireann mar a bhíodh). Scéal faoi shagairt i mbun smuglaeireacht gunnaí agus airgead á chur i mboscaí bailiúcháin i dtithe ósta sa Bronx atá sa tsraith dhá chlár Noraid: Irish-America and the IRA. Scrúdaítear an chaoi ar chuidigh Gael-Mheiriceánaigh le feachtas airm Shealadaigh an IRA a choinneáil ar siúl agus, i ndeireadh báire, le deireadh a chur leis.
Bliain seo na dtoghchán ar fud an domhain, cuireann Cormac Ó hEadhra Vótáil i láthair, sraith ceithre chlár ina gcaitear súil siar ar roinnt de na feachtais toghchánaíochta ba ghéire in Éirinn. In eagrán speisialta dhá chlár de Scannal, faoin teideal Savita, féachtar ar bhás tragóideach Savita Halappanavar agus an bhaint a bhí ag an scéal bocht sin le ginmhilleadh a dhéanamh dleathach in Éirinn.
Scrúdú pearsanta ar an stair chráite a bhaineann le pionós corpartha i scoileanna na hÉireann atá in Leathered. Trí leas a bhaint as cuntais uafásacha daoine a tháinig tríd, fiafraítear sa chlár faisnéise seo an gá do Stát na hÉireann anois athmheas a dhéanamh ar oiread agus ar ghéire an drochíde corpartha a tugadh do dhaltaí scoile ar feadh blianta móra fada. Tugtar cur síos spreagúil in Lost for Words ar dhaoine éagsúla a bhfuil na deacrachtaí agus an aithis a ghabhann le disléicse á sárú acu agus an acmhainn iomlán atá iontu á thabhairt chun cinn acu mar gheall ar chúram praiticiúil, foighne agus comhbhá.
Saol Ben Dunne, fear gnó carasmatach a raibh breathnú roimhe ann, a léirítear ar Extraordinary Life – The Ben Dunne Story. Ríomhtar scéal cheannródaí eile ar Michael Smurfit faoi mhilliúnaí arbh ógánach cúthail é ag fágáil na scoile dó nuair a bhí sé sé bliana déag agus a chuir ceann d’impireachtaí móra gnó na hÉireann ar bun. Clár faisnéise ríshuntasach é Hell for Leather arna léiriú ag an dream céanna a léirigh The Game faoi stair na hiománaíochta sa bhliain 2018. An pheil Ghaelach ábhar an chláir nua seo ina scrúdaítear stair chasta an chluiche agus na hathruithe a tháinig le himeacht aimsire. Ar Réiteoir, scrúdaítear an drochíde a thugtar do réiteoirí na gcluichí Gaelacha, scrúdaítear seifteanna trína bhféadfaí meas a chothú i dtimpeallacht spóirt, agus léirítear an dúthracht agus an déine atá sna laochra gan iomrá seo a dhéanann réiteoireacht.
In Our Lives in the North, sraith nua sé cinn de chláracha ar RTÉ Radio 1, déanann Úna Kelly tochailt níos doimhne ná bratacha agus bearta polaitíochta i dTuaisceart Éireann go gcuirtear i láthair an saol mar atá dáiríre ó thuaidh den teorainn agus cuirtear tús le séasúr nua ar RTÉ Radio 1 de Documentary on One le súil siar ar an aon cheolchoirm amháin a thug Bob Marley in Éirinn, i bPáirc Chnocán Uí Dhálaigh sa bhliain 1980. Beidh réimse iléagsúil de scéalta na hÉireann ar an tsraith, mar a bhíonn de ghnáth, scéalta faoi lucht imirce sa seachtú aois déag nó faoi dhaoine atá aontumhach dá n-ainneoin sa lá atá inniu ann agus a gcuid nósanna iompair ar líne.
Déanfar ceiliúradh le sárábhar faoin dúlra ar an taobh tíre ar an oileán seo chomh maith le haird a dhíriú ar an ngéarchéim maidir le cúrsaí aeráide.
Bainfidh an clár comhléiriúcháin Ireland’s Coast, bunaithe ar The Coastal Atlas of Ireland, leabhar de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, stangadh as daoine. Ciarán Hinds, a bhfuil ainmniúchán faighte aige do Ghradam Oscar, atá i mbun reacaireachta ag trácht ar réimse leathan bithéagsúlachta chósta na hÉireann agus ar ghnéithe den stair a bhaineann leis. Ar Scéalta na Lochanna, déantar ceiliúradh ar stair agus ar chultúr Loch nEathach agus Loch Coirib, an dá loch is fairsinge in Éirinn, agus ar an bhfiadhúlra ina dtimpeall. Clár faisnéise ó lámh an údair féin is ea Why We Love Dolphins le Ken O’Sullivan, stiúrthóir agus ceamaradóir a bhfuil gradaim buaite aige. Beidh amharc den chéad uair riamh ann ar lón scannánaíochta de na deilfeanna amach ó chósta na hÉireann. Dírítear in Tarrac na Farraige ar thionscal na hiascaireachta in Éirinn agus an lucht oibre ag streachailt le córas lag an tráth a bhfuil athrú ó bhonn ar tí tarlú. Tar éis a fheabhas a d’éirigh leis an tsraith dhá chlár The Burren: Heart of Stone, ar bronnadh gradaim air sa bhliain 2020, ríomhtar scéal chuid de na réimsí tíre is sceirdiúla agus is faide siar in Éirinn in Kerry: Stories from the Kingdom le léargas spéisiúil ar éiceachórais, ar ghnáthóga agus ar an bhfiadhúlra chomh maith le gnéithe geolaíochta, seandálaíochta agus oidhreachta nach bhfuil a leithéid ar fáil in aon áit eile. Ar Heated, sraith irischláracha RTÉ One faoi chúrsaí aeráide agus buanseasmhachta, cuirtear scéalta nua i láthair fúthu siúd atá i gceann an róid ag saothrú ar son na haeráide in Éirinn agus déantar samhlú, ó thaobh thionscantaíocht lucht eolaíochta, ar Éirinn san am atá le theacht ar Welcome to Futureville tríd an gcuma a bheidh ar bhaile Bhéal Átha Luain sa bhliain 2050 a thuar. Tá páirtmhaoiniú á dhéanamh ar an saothar seo ag Taighde Éireann – Research Ireland (Fondúireacht Eolaíochta Éireann mar a bhíodh).
Saol Dáiríre na nÉireannach
Beidh réimse scéalta á gcraoladh ag RTÉ an séasúr seo romhainn ina léirítear fírinne bheo chroíúil an tsaoil ag muintir na hÉireann, idir a dtaithí ar chónaí a dhéanamh thar lear, an bia blasta a ullmhaítear ag baile, scéalta faoi dhaoine agus iad ag teacht in inmhe agus smaointe críonna dhaoine níos sine ná sin ar an saol atá caite acu.
Ar The Meaning of Life, bíonn comhrá spreagúil machnamhach ag Joe Duffy le daoine éagsúla a bhfuil iomrá an phobail orthu, ina measc Sonia O’Sullivan, Bryan Dobson agus Sinéad Burke. Feictear lúthchleasaithe fhoireann an hÉireann ar Eat Sleep Cheer Repeat agus iad ag ullmhú do Chorn an Domhain sa Ghárthach Mholta. Beidh déagóirí nua de bhunadh na cathrach á gcur síos faoin tuath ag a dteaghlach féin ar Raised by the Village agus feicfear trodairí mná ar Cailíní Comhraic atá páirteach in imeachtaí Ealaíne Comhraic in Éirinn. Scrúdaítear saol imircigh as Éirinn thar lear ar Best Place to Be, á chur i láthair ag Baz Ashmawy agus feictear daoine den bhuíon Gaeilgeoirí atá ag cruthú saol gairme dóibh féin agus ag cur fúthu i bpríomhchathair ilteangach na hEorpa ar La Vie sa Bhruiséil. Aimsíonn an Chef Neven Maguire na bialanna is fearr agus na daoine is fearr a shaothraíonn ábhar bia ar Neven’s Coastal Towns. Ar an gclár Nico’s Cook In Cook Out, tugann Nico Reynolds le fios conas miasanna a ullmhú ina dtarlaíonn cuisine na hÉireann a chumasc le hábhar blasta a bhaineann lena dhúchas féin i Iamáice. Béilí is éasca a ullmhú gan stró a chur ar theaghlach na linne seo a chuireann Donal Skehan i láthair ar Donal’s Real Time Recipes agus téann sé féin ag foghlaim ar Donal Skehan’s Soul Food Shorts faoi chultúr bia dreamanna in Éirinn a bhaineann le creideamh mionlaigh. Tá comhairle á chur ar At Your Service ag óstóirí mór le rá, Francis agus John Brennan, ar Éireannaigh a bhfuil gnólachtaí ar bun cheana acu agus atá ag athrú le tabhairt faoi thionscal na hóstóireachta.
Faigheann Maggie Molloy amach cá bhfuil roinnt de na háitribh chónaithe is saoire in Éirinn ar Cheap Irish Homes, agus téann sí ag cuardach ar fud na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile agus na hIodáile freisin ar Cheap European Homes. Tá uair a chloig i gcláracha an tséasúir seo agus tá Kevin McGahern, craoltóir agus fear grinn, in éineacht le Maggie. Scrúdaíonn Dermot Bannon spásanna éagsúla cónaithe, oibre agus sóisialta ar fud na hÉireann in Dermot Bannon’s Super Spaces, agus féachann sé le tairbhe a dhéanamh le seifteanna dearthóireachta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ar Room to Improve. Ar chlár speisialta sa tsraith sin, cuideoidh Dermot le Julian Benson, an té a chuir Fondúireacht Julian Benson maidir le Fiobróis Chisteach ar bun, le teach ó ré Victoria a chóiriú ina thearmann – Tranquillity House – do dhaoine a bhfuil Fiobróis Chisteach ag gabháil dóibh agus dá ngaolta tráth a bhfuil cóir leighis á chur orthu san ospidéal. Tagann réimse níos fairsinge faoi scáth Great Irish Interiors an séasúr nua seo romhainn le hárais iontacha i dTuaisceart Éireann freisin. Feictear athchóiriú mionchúramach á dhéanamh ar thithe agus ar chaisleáin ar fud na hÉireann. Beidh ocht gcinn de thograí le feiceáil ar The Great House Revival, seanscioból tréigthe agus teach trí stór i gCorcaigh ina measc, athchóiriú iomlán á dhéanamh i ngach cás.
Spórt
Tar éis samhradh iomlán d’ábhar sármhaith spóirt lán le haicsean ag RTÉ saor ó tháille ar an aer, Corn UEFA Euro 2024, Cluichí Oilimpeacha 2024 as Páras agus craobhchomórtais CLG, ní sos ar bith atá i ndán leis an séasúr nua cláracha ar RTÉ. Tá craoladh cuimsitheach beo ar
Chluichí Parailimpeacha 2024 á dhéanamh as Páras ar fud ardáin RTÉ. Beidh cluichí beo sacair, cluichí idir tíortha agus cluichí idir clubanna san Eoraip agus in Éirinn, ar feiceáil i rith an fhómhair agus foireann na bhfear ag Poblacht na hÉireann á fhéachaint le Sasana, an Ghréig agus an Fhionlainn i Sraith na Náisiún UEFA, gach cluiche beo ar RTÉ ag tosú leis an gcluiche i mBaile Átha Cliath in aghaidh Shasana ar an 7 Meán Fómhair. Beidh cluichí cáiliúcháin ag foireann na mban ag iarraidh dul ar aghaidh go dtí comórtas Euro 25 UEFA na mBan. Leanfaidh foireann Fir Faoi 21 Phoblacht na hÉireann dá bhfeachtas cáiliúcháin maidir le Euro U21 2025 UEFA sa tSlóvaic an samhradh seo chugainn le cluichí in aghaidh na Tuirce, na Laitvia, na hIorua agus na hIodáile. Ar an gCéadaoin a bheidh craoladh beo RTÉ ar Shraith Seaimpíní UEFA 2024/25. Agus, de réir mar atá séasúr na bliana seo de Phríomhroinn Shraith na hÉireann SSE Airtricity ag teannadh le ceann scríbe i rith an fhómhair, beidh cluichí ó Phríomhroinn na Sraithe, chomh maith le Cluichí Ceannais Chorn FAI na bhFear agus Chorn FAI na mBan á gcraoladh beo. Agus muintir na tíre fós ag teacht chucu féin tar éis ar bhain de spraoi agus de spleodar le Craobhchomórtais CLG, beidh cluichí Chraobhchomórtas AIB na gClub á gcraoladh beo ag RTÉ i rith an fhómhair chomh maith le cluichí Shraith Náisiúnta Allianz in earrach na bliana seo chugainn. Ciallaíonn sin go mbeidh cluichí Gaelacha á gcur ar fáil don lucht féachana ó cheann ceann na bliana.
Maidir leis an Rugbaí, beidh sciar de chluichí an URC ó mhí Meán Fómhair ar aghaidh agus de Chomórtais na Sé Náisiún, Fir, Mná agus Faoi 20, beo ar RTÉ. Faoi dheireadh mhí Lúnasa agus i mí Meán Fómhair, beidh craoladh á dhéanamh beo ar Chomórtas Oscailte Gailf KPMG na hÉireann do Mhná as Teach an Chartúin agus ar Chomórtas Oscailte Gailf Amgen na hÉireann as Club Gailf Ríoga Chontae an Dúine. Leantar de dhúthracht fadtéarmach RTÉ i leith Rásaí Capall in Éirinn le craoladh beo ar Fhéile Seaimpíní na hÉireann as Baile na Lobhar agus as an gCurrach i mí Meán Fómhair chomh maith leis an gcraoladh seanbhunaithe aimsir na Nollag ar Fhéile na Nollag i mBaile na Lobhar. Tabharfaidh RTÉ súil siar i mí na Nollag ar bhliain iontach spóirt in Éirinn agus tréaslófar a gcuid éachtaíochta leis an gcuid is fearr de lucht spóirt na hÉireann ag Gradaim Spóirt RTÉ 2024.
Nuacht & Cúrsaí Reatha
Tá an saol faoi athrú, rud amháin agus a mhalairt glan á áiteamh ar dhaoine faoi cheisteanna go leor ionas gur deacra a rá an tuairim le dealramh atá á chur i láthair nó “fíric” atá bréagach. D’fhonn cuidiú le cur in aghaidh bréagaisnéise, beidh Clarity / Soiléire á sheoladh ag RTÉ, snáithe ábhair ar fud na n-ardán éagsúil ina dtugtar léargas níos fearr don lucht éisteachta agus féachana. Leis an ábhar iriseoireachta a fhoilsíonn RTÉ faoin mbranda Soiléire, cuideofar le ceisteanna casta a shimpliú, le cur in aghaidh iarrachtaí réamhbheartaithe an fhírinne a chur ó aithne, le tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar an gcur isteach a bhíonn ag an bplé ar líne ar ghnéithe den daonlathas, agus le míniú cruinn beacht a thabhairt ar na modhanna deimhnithe agus dearbhaithe a bhíonn ag RTÉ maidir leis an sárábhar iriseoireachta.
Tráth a bhfuil olltoghchán ag teannadh linn in Éirinn, cuirfidh Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ tráchtaireacht shármhaith i nGaeilge agus i mBéarla ar fáil faoin bhfeachtasaíocht agus faoi na torthaí ar na hardáin go léir, na cláracha is suntasaí ar an raidió agus ar an teilifís san áireamh. Trí chead cainte a thabhairt do na toghthóirí agus dul i mbun cumarsáide leis an nglúin óg vótóirí, agallaimh agus díospóireachtaí mórthábhachta a chraoladh, agus eile, cuirfidh iriseoirí RTÉ ar fud na tíre ábhar iontaofa lán eolais ar fáil faoi chúrsaí polaitíochta.
Mar gheall ar an gceangal dlúth idir Éire agus na Stáit Aontaithe, beidh aird faoi leith ar chláracha éagsúla ar a mbaineann leis an toghchán Uachtaránachta ansin i mí na Samhna agus tá séasúr nua den phodchraoladh States of Mind maidir le cúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe ar fáil anois. Agus tús ag teacht le téarma nua i gcúrsaí polaitíochta, beidh Áine Lawlor ar ais freisin ar an Domhnach le The Week in Politics agus beidh an tsraith lán léargais podchraoltóireachta Your Politics ar fáil ar na hardáin uile gach seachtain. Níos faide amach sa séasúr, beidh Fóram, sraith nua cláracha cúrsaí reatha i nGaeilge, á sheoladh ag RTÉ One. Craolfar sin beo gach Domhnach le hábhar nuachta agus anailís ar na scéalta móra.
Tar éis bearta fiosrúcháin a dhéanamh faoi thionscal na gcapall in Éirinn agus san Eoraip, ar chuir a dtoradh uafás ar dhaoine nuair a díríodh aird cheana i mbliana ar an íde a d’fhéadfadh tarlú do chapall tar éis imeacht ó aird an phobail, ar ghnéithe mídhleathacha d’úsáid Botox, ar fhírinne an scéil maidir le seirbhísí ginmhillte in Éirinn faoi láthair agus le Sacar na mBan in Éirinn, déanfaidh meitheal RTÉ Investigates, a bhfuil gradaim gnóthaithe acu as ucht cláracha dá gcuid, sárábhar seirbhíse poiblí a chur ar fáil le cláracha faisnéise nua an séasúr seo romhainn a chuirfidh iontas ar dhaoine.
Oíche Luain, tugann Upfront with Katie Hannon deis don phobal a gcuid tuairimí faoi cheisteanna móra na linne a chur in iúl i mbliain toghcháin agus ceisteanna a chur go díreach ar lucht na cumhachta. Cíorfaidh Miriam O’Callaghan, Fran McNulty agus Sarah McInerney, maille le meitheal Prime Time, na ceisteanna atá ag dul i bhfeidhm ar shaol an uile dhuine againn. Más iad na fiacha móra ar roinnt daoine óga mar gheall ar úsáid drugaí, an turas cráite roimh laonna in Éirinn nach bhfuil saol fada i ndán dóibh, nó an chéad chéim eile den chruachás tithíochta, pléifear na ceisteanna ar Prime Time. Cuirfidh meitheal an chláir tráchtaireacht chuimsitheach agus scrúdú géar ar fáil freisin, mar is gnáth, maidir leis na mórimeachtaí ar fad, Buiséad 2025 ina measc.
Scéalta logánta atá bunaithe ar an bpobal is bunábhar do Nationwide agus trí chlár in aghaidh na seachtaine á gcur i láthair ag Anne Cassin agus Bláthnaid Ní Chofaigh le scéalta faoi thionscadail pobail, faoi fhiontraíocht ar fud na tíre, faoin mbithéagsúlacht ar an oileán, faoi ghnéithe den stair agus faoin saol iontach atá ag gnáthdhaoine in áiteanna éagsúla in Éirinn.
Siamsaíocht
Beidh ábhar ar ardchaighdeán a mbainfidh an teaghlach ar fad taitneamh as in éineacht ar fáil sa séasúr nua de chláracha siamsaíochta arna léiriú in Éirinn.
Beidh daoine de gach glúin sáite i sraitheanna is breá leis an lucht féachana, Dancing with the Stars agus Ireland’s Fittest Family. Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuireann Dancing with the Stars i láthair agus raidhse daoine iomráiteacha ag iarraidh gan seasamh ar chois ar dhuine ar bith cé go mbíonn an iomaíocht an-ghéar. Maidir le hiomaíocht, is géire sin ná riamh ar Ireland’s Fittest Family na bliana seo le babhtaí nua dár teideal ‘The Drop Zone’, ‘Raft Rage – The Rivals’ agus eile. Sa tsraith nua To Hell & Back with Ray Goggins, tugann Ray Goggins, fear eachtraíochta a chaith seal sna complachtaí speisialta ina shaighdiúr, roinnt de na daoine is cáiliúla in Éirinn i mbun bearta guaise faoin aer i roinnt de na háiteanna is sceirdiúla agus is cráite anróití ar an domhan seo.
Beidh an Late Late Show á chur i láthair ina stíl shainiúil féin ag Patrick Kielty oícheanta Aoine agus roinnt de na daoine is iomráití i saol na siamsa, an cheoil, an ghrinn agus an spóirt ina
chuideachta. Tar éis cruthú go hiontach an chéad séasúr aige i mbun an chláir, níl Patrick sásta mura gcuirtear níos fearr arís ar fáil don lucht féachana i mbliana, le neart ollchláracha speisialta agus míreanna ar gach eagrán den tsraith nach mbeidh coinne ag daoine leo. Ar The 2 Johnnies’ Late Night Lock-In, beidh an greann, an cairdeas agus an chraic i lár an aonaigh. Ní féidir aon eagrán de The Tommy Tiernan Show a chailleadh mar gheall ar an gcumas atá in Tommy féin na scéalta is lú a mbeifí ag súil leo ach is mó a théann i gcion a mhealladh as na haíonna le linn comhrá beo nádúrtha gan ullmhú ná cleachtadh.
Ar Love in the Country, feictear saol an ghrá sa lá atá inniu ann, go háirithe mar chuid de shaol na tuaithe in Éirinn. Anna Geary an treoraí ag daoine neamhphósta faoin tuath agus iad ag féachaint lena gcéile lánúnachais a aimsiú. Beidh foirne strainséirí as gach cuid den tír ar The Money List le Baz Ashmawy ag féachaint lena gcuid eolais agus éirime a léiriú agus go leor a ghnóthachtáil. Beidh dream bríomhar d’fhir agus de mhná óga grinn na hÉireann i mbun sceitseanna nua ar No Worries If Not!, ardán do ghlúin nua fuirseoirí an greann atá iontu a léiriú do lucht féachana mór. Tá guaillí Conor agus Jock níos sine, ach cé chomh críonna agus atá na cloigne, i sraith a ceathair de The Young Offenders agus beidh dhá chlár speisialta de Mrs Brown’s Boys le feiceáil faoi Nollaig. Beidh an meascán díreach ceart ar an gclár teilifíse tráthnóna is mó lucht féachana agus is faide ar siúl in Éirinn, Today, agus cúrsaí bia, faisin agus spraoi, chomh maith le haíonna cáiliúla, á gcur i láthair ag Maura Derrane, Dáithí Ó Sé agus Sinéad Kennedy, d’fhonn ríméad a chur ar mhuintir na hÉireann i lár an tráthnóna.
Na hEalaíona & an Cultúr
Leanann RTÉ den cheiliúradh ar oidhreacht ealaíne agus cultúir an náisiúin i rith an tséasúir le rogha breá d’ábhar ceoil, de chláracha faisnéise agus d’ócáidí comórtha.
Scrúdaíonn Adam Clayton (U2) an tuile agus trá a bhain le ré na seóbhannaí in Éirinn ar Ballroom Blitz. Faoi thionchar uaillmhianta lucht bainistíochta agus bolscaireachta, tráth a raibh athrú ar chúrsaí sóisialta agus polaitíochta, bhí páirt mhór ag na bannaí sin i bhféiniúlacht nua na linne a mhúnlú agus a chothú in Éirinn. Ar Creedon’s Musical Atlas of Ireland, téann an craoltóir John Creedon i mbun turas fiosraíochta d’fhonn an lorg atá fágtha ag ceol na hÉireann ar an náisiún a ríomh agus a chíoradh. Ar aistear pearsanta ag iarraidh an dúchas Gaelach a aimsiú in athuair atá Imelda May sa tsraith sé cinn de chláracha An Leabhar Nótaí. Scrúdaítear scéalta maidir le roinnt de na hamhráin is ansa le daoine in Éirinn ar Aistear an Amhráin agus feictear bannaí ar An Ghig Mhór ag ullmhú don chéad ghig mhór acu ar ais ar an dúchas sna bailte móra inar tháinig siad in inmhe.
Beidh scoth lucht an cheoil ag tarraingt ar an Daingean do Other Voices agus feicfear oirfidigh as Éirinn agus ón iasacht ag seinm ag séadchomharthaí náisiúnta atá ceangailte le stair na hÉireann ar Anam: Songs for Hearts and Minds. Sraith ceithre cinn de chláracha is ea Na Féilte Tine ina gcíorfar féilte dúchais na hÉireann a tharlaíodh le hathrú séasúir – Samhain, Imbolg, Bealtaine agus Lúnasa – agus an suntas atá leo in Éirinn na linne seo de réir mar a oireann maidir le riachtanais spioradálta nó riachtanais an phobail. Tugtar cuireadh don lucht féachana ar Listen to the Land Speak cuairt na hÉireann a thabhairt ar thuras faoi leith in éineacht leis an scríbhneoir clúiteach Manchán Magan. Le léitheoireacht bhlasta Shaoirse Ronan agus ábhar léargais ó dhaoine mór le rá i saol na litríochta de leithéid John Banville, cuirtear, in Christy Brown: Self Portrait, beocht agus brí i bhfilíocht an scríbhneora agus an ealaíontóra sin, réimse dá shaothar a chuaigh gan aird chomh mór le réimsí eile go dtí seo. Ríomhtar scéal shaol agus shaothar Fintan O’Toole, iriseoir iomráiteach an Irish Times atá ag dul ar scor i mbliana, ar Fintan O’Toole: The Nation We Strive to Be.
Ar RTÉ Radio 1, caithfidh Charles Hendy ó The Mary Wallopers súil úr ar shárbhannaí seó ar fud na hÉireann agus cuirfidh Godknows Jonas clár faoi phopcheol na Siombáibe i láthair. Spoken Stories 3 an tríú gála i dtríológ RTÉ de scéalta ar coimisiún, i nGaeilge agus i mBéarla, ina gcíortar saol na linne seo in Éirinn. Sa tsraith nua de Continental Riffs, tarlaíonn comhrá spéisiúil idir ealaíontóirí de chineálacha éagsúla. Beidh séasúr nua d’ábhar ficsin, beathaisnéise agus cuimhní cinn ó scríbhneoirí as Éirinn agus as tíortha thar lear ar Book on One agus beidh dánta faoi théamaí éagsúla, laethanta scolaíochta agus dúlagar iarbhreithe ina measc, ar Poetry People, le filí de leithéid Michael Longley agus Jessica Traynor. Cuirtear réimse cláracha i bhformáidí éagsúla ar fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le rogha faoi leith d’ábhar ceoil, siamsa agus comhrá chomh maith le dearcadh réigiúnach ar chúrsaí an tsaoil an tráth céanna a gcuirtear cultúr agus teanga na hÉireann chun cinn.
Beidh clár nua deireadh seachtaine leis an amhránaí ceoldrámaíochta Claudia Boyle ar RTÉ lyric fm an fómhar seo agus cuirfidh RTÉ lyric Live ar chumas an uile dhuine ceolchoirmeacha den chéad scoth a chloisteáil, le craoladh beo ón gCeoláras Náisiúnta gach Aoine agus ó Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman i mí Deireadh Fómhair. Beidh craoladh speisialta, beo ó shuíomh ársa, ar Ambient Orbit mar cheiliúradh ar Ghrianstad an Gheimhridh.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche an Chultúir 2024, cuireann RTÉ seó spleodrach ceoil agus ealaíne i láthair lena mbaineann cleasa sorcais na linne seo agus damhsa, ceol Gaelach agus ceoil clasaiceach, Ceolfhoireann Coirme RTÉ chomh maith le Villagers, Joe Chester, Gemma Hayes, agus cor seanma speisialta le David Gray agus Colm Mac an Iomaire ar Sceilg Michíl. Beidh réimse éagsúil craoltóireachta á dhéanamh ar RTÉ Radio ionas gur féidir le héisteoirí ar fud na tíre taitneamh a bhaint as ócáidí ceiliúrtha na hoíche. Beidh ceol beo ag ócáid acu sin á chur ar siúl ag RTÉ 2FM sa Róisín Dubh i nGaillimh le ceoltóirí 2FM Rising, chomh maith le The Tracy Clifford Show agus clár speisialta le Beta Da Silva a chraoladh beo. Craolfar Ambient Orbit ar RTÉ lyric fm beo as Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus ar RTÉ Radio 1, beidh ócáid speisialta de chuid Sunday Miscellany á eagrú in Áras an Uachtaráin le fear agus bean an tí, an tUachtarán Ó hUiginn agus Sabina Higgins.
Drámaíocht
Beidh saibhreas iontach scéalaíochta na tíre seo á léiriú ag RTÉ le séasúr nua d’ábhar breá drámaíochta, idir drámaí a bhainfidh geiteanna asainn agus scéalta a chuirfidh ag gáire sinn.
In The Boy That Never Was (le Colin Morgan, Toni O’Rourke agus Simon Callow sna príomhpháirteanna), ríomhtar scéal scanrúil lánúin as Éirinn a dtéann a mac amú nuair a tharlaíonn crith talún i Maracó. Coinneoidh The Gone (le Richard Flood, Carolyn Bracken agus Acushla-Tara Kupe sna príomhpháirteanna) daoine ag déanamh iontais agus an Bleachtaire Theo Richter ar ais, ag obair in éineacht le Diana Huia bleachtaire as an Nua-Shéalainn, ag déanamh gach iarracht teacht ar iriseoir as Éirinn atá imithe gan tásc ná tuairisc air sa Nua-Shéalainn.
Tá trí cinn de dhrámaí ríshuntasacha rí-éagsúla ag RTÉ sa snáithe Storyland le haird a tharraingt ar scríbhneoirí nua agus ar dhaoine cumasacha eile atá i mbun drámaíochta in Éirinn. Dráma géar nua-aimseartha is ea I’m Yours ina bhfeictear Zo, a bhfuil ag éirí go maith léi ina haturnae,
ag sníomh idir cultúr na hÉireann agus cultúr na Pacastáine agus í ag ullmhú le bualadh den chéad uair riamh leis an bhfear lena bhfuil cleamhnas socraithe di. Tá teannas ag rith tríd an dráma síceolaíochta SHUSH ina bhfiosraítear cén teorainn a bheadh lena ndéanfadh máthair d’fhonn páiste a choinneáil ina gaobhar. Dráma grinn atá dorcha áiféiseach é Did You Hear About Erskine Fogarty?, bunaithe ar an ngearrscéal le Blindboy Boatclub a raibh moladh mór ag léirmheastóirí air, le Robert Sheehan sa phríomhpháirt.
Is gearr go mbeidh ceiliúradh 35 bliain ar an aer á dhéanamh ag Fair City ach tá duine amháin de mhuintir Carrigstown ag coimhlint le fanacht ar an saol seo agus cuirtear an saol ag gaolta agus daoine eile sa chomharsanacht in aimhréidh de réir mar a fhoilsítear rudaí a bhíodh ina scéalta rúin go dtí seo.
Tá buaiclíon lucht féachana á tharraingt ag an RTÉ Player i mbliana agus níos mó ná 100 milliún sruth á gceangal ó thús na bliana go dtí seo. Cuirfidh RTÉ i rith an tséasúir seo lena bhfuil bainte amach go dtí seo le RTÉ TV beo agus ar éileamh san aon áit amháin chomh maith le níos mó Bunábhar Seinnteora, ábhar beo spóirt agus bailiúchán níos leithne de bhoscra sraitheanna drámaíochta agus grinn. Tony Cantwell, a bhfuil an-iomrá air ar na meáin shóisialta, an príomhaisteoir in Good Boy, sraith ghrinn faoi fhear ag déanamh an bhealaigh trí na tríochaidí agus trí dheacrachtaí ina shaol oibre, é ag iarraidh go dtabharfaí de bhreith go bhfuil ADHD ag gabháil dó, léargas greannmhar ar shaol na hÉireann sa lá atá inniu ann. Téann Anna Clifford, an bhean fuirseoireachta, ó theach tábhairne go chéile in Ireland’s Perfect Pubs, go bhfeiceann cineál agus cuma na dtithe ósta is fearr le muintir na hÉireann.
Cuirtear réimse leathan de shraitheanna ardchaighdeáin drámaíochta ón iasacht ar fáil ar RTÉ Player freisin, mar shampla an séasúr deireanach den tsraith mhór-ráchairte Yellowstone, Apples Never Fall le Sam Neill agus Annete Bening, In Her Car atá suite i rith na laethanta tosaigh d’ionramh na Rúise ar an Úcráin, The Gold atá bunaithe ar robáil Brink’s-Mat sa bhliain 1983 agus an séasúr is deireanaí de Colin From Accounts, sraith an-bharúil ón Astráil, agus Billy the Kid a thugann an lucht féachana go domhain i gceartlár chogadh Lincoln County. Tá bailiúcháin na séasúr ar fad de shraitheanna clasaiceacha ar fáil freisin, a mbíonn taitneamh astu arís agus arís eile, nó ar an gcéad fhéachaint ag an té nach bhfaca cheana iad. Ar an gcineál sin, áirítear an tsraith grinn Parks & Recreation, Mr Robot a chuirfidh scéin i ndaoine, Broadchurch maidir le feallmharú, Deadwood scéal dorcha i stíl na gcláracha buachaillí bó agus, an clár is mó ina gcruthaítear stíl as an tsubstaint, Mad Men. Cuireann na sraitheanna sin ón iasacht le hábhar dúchasach RTÉ ionas go mbíonn meascán agus fairsinge ar fáil ag an lucht féachana.
Daoine Óga
Beidh ábhar spéisiúil drámaíochta, cláracha beochana de scoth an domhain arna léiriú anseo in Éirinn, agus go leor eile, ábhar a chothaíonn an ionchuimsitheacht, an chruthaitheacht, litearthacht na mothúchán agus meon cúramach i leith na timpeallachta i saoránaigh óga na hÉireann, á chur ar fáil ag RTÉ do dhaoine óga ar RTÉjr, RTÉ2, RTÉ Player, cainéal YouTube RTÉ agus ar na hardáin podchraoltóireachta.
Beidh Amy Huberman, Kayleigh Trappe, Demi Isaac Oviawe agus Carl Mullan ag teacht in éineacht le Jason Byrne agus Tara Lynne O’Neill, láithreoirí a bhfuil seanchleachtadh orthu ag lucht féachana Storybud. Bainfidh an lucht féachana óg sult agus sásamh as scéalta faoi dhaoine cáiliúla, faoi choimhthígh ón spás, faoi bhróga iontacha peile agus faoi dhineasáir, scéalta ‘a tharla’…’dáiríre’…
Ar What Dáire Did Next, leantar Dáire Gorman, buachaill dhá bhliain déag ar mór a spéis i bhfoireann sacair Liverpool agus duine de líon beag daoine ar fud an domhain a bhfuil Siondróm Crommelin ag gabháil dó. Feictear an teacht aniar agus an t-iarann aigne i nDáire ag tabhairt faoi laethanta móra ina shaol agus cáil go tobann air mar gheall ar bhualadh le Jurgen Klopp, duine ar laoch aige é. Is sraith Belonging de dhrámaí gearra as áiteanna ar fud an domhain, ‘A Bedouin Dream’, dráma as Éirinn ina measc, ina ndírítear ar a dtaithíonn gach leanbh agus a dtaithíonn leanaí éagsúla iad féin. Feictear ar Maddie + Triggs, le Siobhán McSweeney i mbun reacaireachta, na heachtraí a tharlaíonn do chailín fiosrach a dtarlaíonn amharc na súl lag aici agus dá madra dílis. Sraith aisteoireachta is ea Minding Me ina dtreoraítear daoine óga an lucht féachana maidir le mothúcháin a thuiscint agus a cheansú. Ar Bush Kids, tugann Tom Bán triúr col ceathracha leis as Corcaigh ar thuras iontach ó thuaidh den Chiorcal Artach.
Tugann Doodle Girl, lena peann luaidhe draíochta, leanaí ar eachtraí ealaíne san áit nach bhfuil teorainn ar bith leis an gcruthaitheacht. Spreagfaidh This is Art Club! an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí na hÉireann le súil úrnua i gcónaí ar chúrsaí ealaíne agus is sraith nua What’s Next? atá dírithe ar an am atá i ndán agus daoine óga, le cúnamh ó roinnt den lucht tionchair, in iomaíocht le chéile ag iarraidh teacht ar smaointe nua a d’fhéadfadh an pláinéad a thabhairt slán.
Is seirbhís nuachta de chuid RTÉ é news2day a chuirtear ar fáil do leanaí go speisialta agus ar a gcuirtear scéalta i láthair as Éirinn agus as gach cuid den domhan. Beidh sin ar ais le gach cineál scéalta nuachta, mórimeachtaí an domhain agus ainmhithe gleoite. Fan go bhfeicfidh sibh láithreoir nua i mí Meán Fómhair!
Maidir le cúrsaí podchraoltóireachta, tá roinnt mhaith de chineálacha nua á gcur ar fáil ag RTÉjr Radio mar ábhar suime do dhaoine óga i rith an fhómhair, ina measc Our Sustainable Village, The Antix, We Love Books, Time Tablet agus Chance of a Ghost.
Gheofar breis eolais faoi lón ábhair agus acmhainní oideachais ach cuardach a dhéanamh maidir le www.rte.ie/kids agus www.rte.ie/learn. Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player.