Cuir aithne ar an Láithreoir is nuaí le Nuacht RTÉ – Florence Okojie as Baile Átha Cliath
Tá sé fógartha gurb í Florence Okojie as Baile Átha Cliath láithreoir nua news2day RTÉ.
Beidh Florence Okojie, 23, as Baile Átha Cliath le feiceáil den chéad uair ar an teilifís mar chuid d’fhoireann news2day. Is seirbhís nuachta news2day atá dírithe go sonrach ar leanaí agus clúdaítear scéalta nuachta de chuid na hÉireann agus áiteanna eile ar domhan a bheadh ina n-ábhar spéise ag lucht féachana óg.
Tar éis do RTÉ gairm chun céimithe i ngnóthaí na meán cumarsáide agus san iriseoireacht ar fud na tíre a dhéanamh, agus próiseas cuimsitheach éisteachta, roghnaíodh Florence le tabhairt ar an bhfoireann. Rachaidh sí i mbun craoltóireachta inniu, Dé Luain an 2 Meán Fómhair, ar an gcainéal RTÉ News agus beidh scoileanna ábalta news2day a shruthú nó beidh siad ábalta féachaint siar air ar an RTÉ Player. Nuair a thiocfaidh deireadh leis na Cluichí Parailimpeacha, craolfar news2day le linn ghnátham craolta an chláir i rith na seachtaine ar RTÉ2 an tseachtain seo chugainn.
Tógadh Florence i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath sular bhog sí chuig an Chéim nuair a bhí sí 16 bliain d’aois. D’fhreastail sí ar Bhunscoil Naomh Mearnóg agus ar Phobalscoil Phort Mearnóg. I ndiaidh di an ceathrú bliain a chur di b’éigean di bogadh ó dheas den Life. Chríochnaigh Florence an dá bhliain deiridh dá meánoideachas i Meánscoil Naomh Raphaela i Stigh Lorgan. Chuaigh sí ar aghaidh ansin chun staidéar a dhéanamh ar na Meáin agus ar an bPolaitíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh di a céim a bhaint amach sa bhliain 2023 thosaigh sí ag obair ina léitheoir nuachta le Spin1038. Thaitin an jab sin go mór le Florence ó tharla nach mar a chéile a bhí aon dá lá ann. Is maith le a bheith ag rith, ag snámh san fharraige, ag léamh agus ag déanamh crosfhocal nuair a bhíonn am le spáráil aici.
Is éard a dúirt Florence maidir lena ról láithreoireachta nua: “Tá ríméad orm a bheith mar chuid d’fhoireann news2day. Is iontach an rud é agus is fíorú ar mo bhrionglóid é go bhfuilim anois páirteach i gclár a mbíodh mé féin ag breathnú air nuair a bhí mé sa bhunscoil. Tá an-ríméad orm faoin méid atá amach romham i ndiaidh na tuairiscí iontacha atá curtha le chéile le blianta anuas a fheiceáil. Tá fáil ag na mílte leanaí ar fud na tíre ar news2day agus is mór an phribhléid dom é go mbeidh mé ag cuidiú le hardán pearsanta a chur ar fáil do bhunscoileanna fad a gcuireann mé an nuacht is déanaí ar fáil dóibh maidir le himeachtaí atá ag tarlú in Éirinn agus ar fud an domhain.”
Beidh Florence i dteannta an láithreora Barry Gallagher as Dún na nGall ar news2day. Tá Barry ag obair le news2day ó Mheán Fómhair 2023.
Craoltar news2day ó Luan go hAoine ag 4.20pm ar RTÉ2 agus ar chainéal RTÉ News. Is ar RTÉ News, ar news2day agus ar chainéal RTÉ News amháin a chraolfar clúdach RTÉ ar na Cluichí Parailimpeacha an tseachtain seo. Beidh news2day ar ais ar RTÉ2 Dé Luain an 9 Meán Fómhair. Chomh maith leis an lucht féachana óg a bhíonn ag féachaint ar an gclár sa bhaile, is iomaí seomra ranga sa tír a fhéachann ar an gclár ar líne ar an RTÉ Player agus úsáidtear é mar uirlis teagaisc. Féach ar Barry agus Florence ar RTÉ news2day anseo: www.rte.ie/news2day