SRAITH NUA AR RTÉ RADIO 1 AGUS SRAITH NUA PODCRAOLTÓIREACHTA DÉANTAR SCRÚDÚ IN “OUR LIVES IN THE NORTH” AR AN SAOL Ó THUAIDH DEN TEORAINN
Cé chomh héagsúil le gnáthshaol na ndaoine i bPoblacht na hÉireann atá an saol ó lá go lá sa Tuaisceart? Téann Úna Kelly, iriseoir, níos faide ná na bratacha agus cúrsaí polaitíochta leis an scrúdú ar an saol mar a chaitear é i dTuaisceart Éireann. An bhfuil an Córas Náisiúnta Sláinte chomh hiontach i gcónaí agus a cheapann daoine? An bhfuil tithe níos saoire? An bhfuil an costas maireachtála chomh hard céanna? An mbíonn tionchar ag dreamanna paraimíleatacha ar chúrsaí go fóill? Cuirtear tús leis an tsraith le scrúdú ar an NHS – a cuireadh ar bun le barr idéalachais – agus cuirtear in iúl go bhfuil dhá áit éagsúil i gceist, cé nach í an éagsúlacht í a mbeadh súil léi i ngach cás.
Tá sé cinn de chláracha sa tsraith nua agus iad le craoladh ag 6:30 i.n. gach Céadaoin ar RTÉ Radio 1 ón 4 Meán Fómhair go ceann sé seachtaine. Beidh na cláracha ar fáil freisin mar chuid de Phodchraoltaí RTÉ agus ar aip RTÉ radio (nó cibé áit ina dtapaíonn duine podchraoltaí). Beidh eagrán nua á fhoilsiú ar an gCéadaoin go ceann sé seachtaine ón 4 Meán Fómhair ar aghaidh.
Tá Our Lives in the North á chur i láthair agus á léiriú ag Úna Kelly. Is é Alistair McConnell an Léiritheoir Feidhmiúcháin.
Ar an gclár tosaigh sa tsraith nua, dírítear ar an gcóras sláinte. Tá liostaí feithimh an NHS ó thuaidh níos faide ná mar atá in aon áit ar fud na Breataine agus othair ag feitheamh le líon is mó ná leathmhilliún coinne ospidéil. Nuair a dhéantar an chomparáid le Poblacht na hÉireann, tá na liostaí feithimh ó thuaidh ar a laghad dhá oiread chomh fada. Bíonn an-iomrá, maidir le saintréithe na Breataine, ar an NHS – seirbhís sláinte atá saor in aisce ag an uile dhuine. Is gnáthchuid é den leagan amach atá ar an saol ag muintir na Ríochta Aontaithe – agus fágann sin tábhacht leis ag an uile dhuine ar an oileán seo ó tharla go bhféadfadh an córas sláinte a theacht san áireamh agus daoine ag vótáil in aon reifreann a tharlódh maidir le haontú an oileáin. Braitheann daoine ceangal leis an NHS – ach ar ann feasta don tseirbhís sin?
Orthu siúd a chuireann tuairimí in iúl ar an gcéad chlár, tá an Dr Gareth Hampton- An Rannóg Éigeandála, Droim Ceat, an Dr Grace Downey – dochtúir sóisearach atá ar stailc, an Dr Karen Humphries – a d’fhág an NHS ó thuaidh chun teacht ag obair ina dochtúir comhairleach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Deirdre Heenan – ollamh le polasaí sóisialta in Ollscoil Uladh, Claire Scott- a tháinig slán ó ailse paincréis agus an Dr Tom Black – dochtúir teaghlaigh i nDoire.
Deir Úna Kelly, iriseoir: “Táim an-bhuíoch de na daoine a chuir scéalta pearsanta fúthu féin i láthair don tsraith seo, go háirithe daoine a tharla i gcruachás. Is pribhléid ag iriseoir muinín na ndaoine sin agus iad sásta am a chaitheamh leis an saothar. Bhuail mé le daoine iontacha a bhí ag obair le daoine óga, i mbun múinteoireachta, ag obair sa chóras sláinte agus ag saothrú go crua ar son an phobail lá i ndiaidh an lae.”
Díreofar sna cláracha eile sa tsraith seo ar oideachas, tithíocht, paraimíleatacht, mionlaigh eitneacha agus an costas maireachtála. Féach Nótaí thíos maidir le breis eolais.
Beidh réamhthuairisc, maille le sonraí faoi dhaoine a bheidh ar an gclár agus eolas breise, ar fáil gach seachtain i rannóg an Raidió ar Lárionad Preasa RTÉ https://presspack.rte.ie/
Nótaí:
Sa chlár faoi chúrsaí oideachais, scrúdófar leithscaradh ó thaobh cúrsaí creidimh agus scolaíochta ó tharla deighilt an oileáin sa bhliain 1921. Cead bliain dár gcionn, níl níos mó ná 7% de leanaí Thuaisceart Éireann ag freastal ar scoil atá comhtháite go foirmeálta. Cad chuige moill chomh mór ar athrú ina leith seo agus cad é an toradh a bheidh aige sin ar an saol ainneoin deireadh le coimhlint?
Dírítear sa chlár faoi chúrsaí tithíochta ar na liostaí feithimh maidir le tithíocht shóisialta atá níos faide ná mar a bhí riamh agus ar líon na ndaoine atá gan dídean ó thuaidh, líon níos airde ná mar a bhí riamh freisin. Is scéal fada scéal chúrsaí tithíochta agus chúrsaí polaitíochta ó thuaidh; leatrom maidir le tithíocht a chur ar fáil ba chúis le gluaiseacht na gcearta sibhialta. 60 bliain dár gcionn, tá an cheist fós á plé i sochaí ina bhfuil ganntanas maidir le hárais chónaithe incheannaithe agus deighilt maidir le ceantair chónaithe.
De réir oifigigh rialtais, bíonn tionchar ag lucht paraimíleatachta ar 45% de na daoine óga ó thuaidh. Insíonn ógánach amháin an dóigh ar tharla i bhfiacha mar gheall ar dhrugaí é le dream paraimílteatachta ina cheantar féin agus gurb é a bheadh roimhe mura nglanfadh sé na fiacha, bualadh trom agus bascadh nó dul isteach san eagraíocht é féin. Tháinig an tráth ar thriáil sé lámh a chur ina bhás féin. Tá cairde leis a caitheadh, a cheangail leis an eagraíocht nó atá i bpríosún. Fáinne fí atá ann a deir sé gan bealach as go minic ach an bás nó an príosún. D’éirigh leisean a theacht as an ngaiste agus tá sé ag labhairt amach anois ionas go dtuigeann daoine óga eile gur féidir éalú. Tugann sé cuntas ar an dóigh a n-oibríonn na paraimíleataigh os comhair an tsaoil mhóir ina cheantar féin, smacht agus éigean á oibriú acu ar mhuintir na háite.
Tá méadú faoi chúig tagtha le fiche bliain anuas ar líon na ndaoine de mhionlaigh eitneacha ó thuaidh, cé go mba rí-íseal an líon ar dtús. Tar éis blianta fada coimhlinte, is comhartha seo go bhfuil pobal is “gaire don ghnáthchineál” ag teacht chun cinn, agus an tuaisceart á fheiceáil mar áit shíochánta do dhaoine, áit ina bhféadfaidís an saol a chaitheamh go sábháilte. Tá éagothroime agus leatrom i gcónaí ann – níl ionadaíocht chothrom ag mionlaigh eitneacha i gcúrsaí polaitíochta agus tarlaíonn ó am go chéile neamhaird ar riachtanais an phobail agus beartas á leagan amach. Tá an pobal croite go fóill tar éis d’eachtraí foréigin spréachadh mar gheall ar dhream ciníochais i rith an tsamhraidh. San áit ar glas nó oráiste an t-aon cheist go rómhinic le fada, cén ról a bheidh le dreamanna de mhionlaigh eitneacha sa tuaisceart?
Déanfar cíoradh sa chlár faoin gcostas maireachtála ar an dearcadh coitianta gur saoire maireachtáil, agus teach a cheannach, ó thuaidh den teorainn. Ach de réir mar is géire atá an costas maireachtála ag dul i bhfeidhm, agus tuarastail ó thuaidh níos ísle go mór ná mar atá i bPoblacht na hÉireann go minic, tá cúrsaí ag dul crua ar an ngnáthdhuine.